YouVersion Logo
Search Icon

Salm 37

37
Séan Soghluaiste na nUrchóideach
1 [Salm le] Dáiví.
1 Ná bíodh buairt ort faoi lucht an drochiompair;
ná bí in éad le lucht déanta na hurchóide;
2óir dreofaidh siad go luath ar nós an fhéir
agus feofaidh siad amhail luibheanna glasa.
3Cuir do dhóchas sa Tiarna agus déan an mhaith,
agus mairfidh tú sa tír go sábháilte.
4Má thugann tú taitneamh don Tiarna
tabharfaidh seisean duit mian do chroí.
5Taobhaigh do shlí leis an Tiarna;
cuir do dhóchas ann agus déanfaidh sé beart
6i dtreo go n‑éireoidh d'fhíréantacht mar sholas
agus d'ionracas mar ghrian an mheán lae.
7Glac suaimhneas sa Tiarna agus foighnigh leis:
ná bíodh ceist ort faoin té ar a mbíonn an séan,
ná faoin duine a chleachtann an choirpeacht
8Cuir uait an fraoch agus an fíoch;
ná bí i bhfeirg, óir ní thiocfaidh di ach dochar;
9Óir dísceofar lucht déanta an oilc
agus gheobhaidh lucht na foighne an talamh.
10Ní fada go mbeidh deireadh leis an drochdhuine
Féach a ionad! ní ann dó feasta.
11Ach beidh seilbh an talaimh ag na hísle
beidh a n‑aoibhneas i lánmhaireacht an tsuaimhnis.
12Beartaíonn an t‑urchóideach in aghaidh an fhíréin:
baineann díoscán as a fhiacla ina choinne.
13Ach gáireann an Tiarna go fonóideach faoi,
óir is eol dó go bhfuil a lá tar éis teacht.
14Tarraingíonn na héagráifigh an claíomh;
14b teannann siad an bogha a threascairt an duine ionraic.
14c a threascairt lucht an ghátair agus na mbocht.
15Tollfaidh a gclaíomh a gcroí féin
agus brisfear a mbogha ina bhloghanna.
16Is fearr an beagán atá ag an bhfíréan
ná maoin is mórshaibhreas na n‑éagráifeach;
17óir brisfear ar chumhacht na n‑éagráifeach
agus beidh an Tiarna ina chúl taca ag an bhfíréan.
18Ar an Tiarna atá cúram na neamhurchóideach,
agus mairfidh a n‑oidhreacht go brách.
19Ní thabharfar a náire in am na tubaiste,
agus líonfar iad in am an ghorta.
20Rachaidh na héagráifigh go léir ar ceal
mar aon le naimhde an Tiarna.
Is cosúil iad le háilleacht neamhbhuan an mhachaire
agus rachaidh siad ar ceal ar nós deataigh.
21Ní aisíocann an t‑éagráifeach a iasacht,
ach tugann an fíréan uaidh go flaithiúil.
22Beidh an talamh ag lucht beannaithe an Tiarna,
ach dísceofar an dream a mhallaigh sé.
23Stiúrann an Tiarna coiscéimeanna an duine
agus déanann slí an té is geal leis sábháilte.
24Má thuislíonn sé ní leagfar ar lár é,
ós é an Tiarna é féin a thaca.
25Bhí mé óg, agus anois tá mé aosta,
ach ní fhaca mé riamh an fíréan á thréigean
ná a shliocht ag iarraidh a gcoda.
26Bíonn sé fial i gcónaí; tugann sé iasacht uaidh,
agus beannófar a shliocht dá éis.
27Seachain an t‑olc, déan an mhaith
agus mairfidh tú go buan mar a bhfuil tú.
28Óir is geal leis an Tiarna an fhíréantacht
agus ní thréigfidh sé a dhílseoirí go deo.
Déanfar lucht na héagóra a dhíothú
agus sliocht na n‑urchóideach a scriosadh.
29Tiocfaidh na fíréin in oidhreacht an talaimh
agus mairfidh siad ann go brách.
30Bíonn béal an fhíréin ag labhairt eagna
agus canann a theanga an ceart;
31bíonn dlí a Dhé ina chroí,
ní bhíonn a chosa ag imeacht uaidh.
32Bíonn an t‑urchóideach ag faire an fhíréin
agus fonn a mharaithe air.
33Ní fhágfaidh an Tiarna faoina smacht é,
ná ní dhaorfaidh é nuair a thabharfaidh sé breith air.
34Fan leis an Tiarna; bí dílis dó
agus tabharfaidh sé ardú céime duit,
go mbronnfaidh ort seilbh na talún;
agus feicfidh tú díothú na n‑urchóideach.
35Chonaic mé an t‑urchóideach go huaibhreach
ina sheasamh amhail céadras na Liobáine.
36Ag gabháil thar bráid dom athuair bhí sé imithe;
chuaigh mé á lorg ach ní raibh sé le fáil.
37Féach an fíréan, tabhair do d'aire an duine ionraic,
óir beidh sliocht ag fear na síochána;
38ach dísceofar na peacaigh uile le chéile;
déanfar sliocht na n‑éagráifeach a scriosadh.
39Ón Tiarna a thagann slánú na bhfíréan,
is é a ndídean é in am na trioblóide.
40Tiocfaidh an Tiarna i gcabhair orthu lena bhfuascailt;
sábhálfaidh sé iad ó na hurchóidigh
de bhrí gurb ann atá a ndóchas.

Currently Selected:

Salm 37: ABN

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in

YouVersion uses cookies to personalize your experience. By using our website, you accept our use of cookies as described in our Privacy Policy