YouVersion Logo
Search Icon

Salm 38

38
Urnaí Aithrígh le linn Tinnis
1 Salm Dháiví. Mar chuimhneachán.
2 A Thiarna, ná lochtaigh mé i d'fhearg;
ná déan mo smachtú i do chuthach.
3 Tá do shaigheada greamaithe go domhain ionam
agus tháinig do lámh anuas orm.
4 Ní slán do mo cholainn de dheasca d'fheirge
níl folláine i mo chnámha de thoisc mo pheaca.
5 Óir d'éirigh mo chionta os mo chionn
agus luíonn siad ina n‑ualach róthrom orm.
6 Tá mo chréachta ina mbracha is boladh bréan uathu
de dheasca mo dhíchéille féin.
7 Tá mé crom; tá mé craptha go dearfa;
triallaim timpeall go dobrónach ar feadh an lae.
8 Tá mo leasracha arna líonadh d'othras,
níl folláine ar bith i mo cholainn.
9 Tá mé traochta; tá mé brúite as cuimse,
is mé ag cneadaíl le céasadh mo chroí.
10 Is feas duit, a Thiarna, mo mhianta,
níor ceileadh ort m'osnaí ach oiread.
11 Tá mo chroí ag preabadh; d'imigh mo neart uaim,
agus tá solas mo shúl tar éis teip orm.
12 Seachnaíonn mo chomhluadar is mo chairde mé,
agus fanann mo ghaolta i bhfad uaim,
mar gheall ar mo chréachtaí.
13 An dream ar a bhfuil fonn mo mharaithe cuireann siad ribe romham -
an dream a iarrann mo dhochar agus mo mhilleadh,
beartaíonn siad feall i mo choinne ar feadh an lae.
14 Is cosúil mé le bodhrán nach gcluineann
le balbhán nach n‑osclaíonn a bhéal;
15 amhail duine nach gcluineann dada ar bith
‘s nach bhfuil oiread agus focal ina phluc aige.
16 Óir is ionat atá mo dhóchas, a Thiarna,
is tú a thabharfaidh freagra, a Dhia liom.
17 Óir deirim: “An dream a bhíonn ag maíomh orm
an uair a shleamhnaíonn mo chos uaim,
nár dhéana siad gairdeas mar gheall orm.”
18 Óir táimse ar tí titim faoi láthair;
bíonn mo bhrón as mo chomhair de ghnáth.
19 Admhaím mo chion is mo pheaca;
is buartha go fíor mé dá dheasca.
20 Is cumhachtach iad mo naimhde gan ábhar
agus is líonmhar lucht m'fhuatha gan fáth,
21 a thugann an t‑olc uathu i gcúiteamh na maithe
agus a chuireann i m'aghaidh toisc go leanaim den mhaith.
22 Ná tréig mé, a Thiarna, a Dhia liom!
ná bíse i bhfad uaim choíche!
23 Brostaigh, a Dhia, chun mo chúnaimh,
a Thiarna, is tú mo shlanú.

Currently Selected:

Salm 38: ABN

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in

YouVersion uses cookies to personalize your experience. By using our website, you accept our use of cookies as described in our Privacy Policy