YouVersion Logo
Search Icon

Salm 36

36
Trócaire an Tiarna
1 Do stiúrthóir an chóir. [Salm le] Dáiví, giolla an Tiarna.
2 Labhraíonn an urchóid leis an bpeacach
i ndiamhair a chroí.
Ní choimeádann sé eagla Dé
os comhair a shúl.
3 Cuireann sé ina luí ar a aigne
nach eol do dhaoine
an choir atá déanta aige
agus nach fuath leo í.
4 Tá urchóid agus cealg ina bhéal
níl ciall aige don mhaith.
5 Meabhraíonn sé mioscais agus mallaitheacht
ina luí ar a leaba dó.
Gabhann sé i slí nach maith
agus ní shéanann sé an t‑olc.
6 Sroicheann do bhuanghrá na flaithis, a Thiarna,
agus do dhílse na néalta.
Tá d'fhíréantacht mar shléibhte Dé:
7 do bhreithiúnas mar an duibheagán.
Tugann tú dídean don duine is don bheithíoch.
8 A Thiarna, nach luachmhar é do bhuanghrá!
Agus tagann an Ádhamhchlann ag triall ort
go ngabhann faoi scáth do sciathán.
9 Líontar le méitheas do thí iad
tugann tú deoch dóibh as abhainn d'aoibhneas,
10 óir is leatsa atá foinse na beatha;
agus i do sholas-sa a fheicimid an solas.
11 Bíodh grá agat de shíor do lucht d'adhartha,
agus cothromas do lucht an chroí dhírigh.
12 Ná gabhadh an díomasach de chosa orm:
ná caitheadh lámh an drochdhuine amach mé.
12b Féach mar a leagadh lucht déanta na hurchóide;
tá siad ar lár agus ní fhéadann éirí.

Currently Selected:

Salm 36: ABN

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in

YouVersion uses cookies to personalize your experience. By using our website, you accept our use of cookies as described in our Privacy Policy