YouVersion Logo
Search Icon

Gníomhartha 28

28
Pól i Málta
1Nuair a bhíomar slán i dtír fuaireamar amach gurbh é Málta ainm an oileáin. 2Bhí na hoileánaigh thar a bheith cineálta linn; d'fháiltigh siad romhainn uile agus las siad tine chnámh dúinn mar bhí sé ag bagairt báistí agus é fuar. 3Bhailigh Pól gabháil brosna agus nuair a chaith sé sa tine é léim nathair nimhe amach leis an teas agus ghreamaigh dá láimh. 4Nuair a chonaic na hoileánaigh an phiast ag sileadh óna láimh dúirt siad lena chéile: “Is dúnmharfóir an fear sin, ní foláir; bíodh gur tháinig sé slán ón bhfarraige, níl an chinniúint ag leigean a anama leis.” 5Chroith Pól an phiast uaidh isteach sa tine gan díth ná dochar air. 6Bhí coinne acu siúd go n‑atfadh sé nó go dtitfeadh sé marbh láithreach, ach tar éis dóibh bheith ag feitheamh agus ag faire ar feadh i bhfad agus gan aon ní as an tslí ag imeacht air, tháinig siad ar mhalairt aigne faoi agus dúirt gur dia a bhí ann.
7I gcomharsanacht na háite sin bhí fearann ag ceann urra an oileáin, fear darbh ainm Puiblias. D'fháiltigh seisean romhainn agus chuir cóir orainn go fial ar feadh trí lá. 8Tharla go raibh athair Phuiblias ina luí le fiabhras agus an dinnireacht ag cur air. Chuaigh Pól isteach á fheiceáil agus tar éis dó guí a dhéanamh ar a shon, leag sé a lámha air agus leigheas é. 9Ní túisce a tharla sin ná tháinig chuige gach uile dhuine eile ar an oileán a raibh éagruas orthu agus leigheasadh iad. 10Is iomaí comhartha ómóis a thug siad dúinn agus nuair a bhíomar ag imeacht chuir siad ar bord chugainn gach a raibh de dhíth orainn.
Ceann Scríbe
11Tar éis trí mhí ghluaiseamar chun siúil i long Alastraíneach a raibh an geimhreadh caite san oileán aici agus í faoi mheirge na Díse. 12Chuamar i dtír i Suracús agus thugamar trí lá ann. 13Rinneamar timpeall as sin go Réigió. An lá dár gcionn d'éirigh an ghaoth aneas agus i gcionn dhá lá bhaineamar amach Poiteolí. 14Fuaireamar roinnt bráithre romhainn ansiúd agus d'iarr siad orainn seachtain a thabhairt ina bhfochair. Agus thángamar chun na Róimhe mar sin. 15Nuair a chuala na bráithre ansiúd fúinn tháinig siad amach inár n‑airicis go dtí Fóram Aipias agus na Trí Tábhairní. Agus nuair a chonaic Pól iad, ghabh sé buíochas le Dia agus mhúscail a mhisneach. 16Ar theacht chun na Róimhe dúinn fuair Pól cead fanacht ina lóistín féin le saighdiúir á choimeád. 17Trí lá ina dhiaidh sin ghlaoigh sé chuige cinn urra na nGiúdach agus nuair a bhí siad cruinnithe labhair sé leo: “A bhráithre,” ar seisean, “cé nach ndearna mé aon ní in aghaidh ár gcine ná in aghaidh béasa ár sinsear, cuireadh i ngéibheann mé in Iarúsailéim agus tugadh suas do na Rómhánaigh mé. 18Scrúdaigh siadsan mé agus nuair nach raibh aon chúis orm a thuillfeadh an bás, bheartaigh siad mé a scaoileadh saor. 19Ach chuir na Giúdaigh ina gcoinne agus b'éigean domsa Céasar a ghairm, agus ní hé go raibh aon ní agam le cur i leith mo chine féin. 20Is é fáth gur iarr mé sibhse a fheiceáil agus labhairt libh de bhrí gur mar gheall ar dhóchas Iosrael atá an slabhra seo ormsa.”
21Dúirt siadsan leis: “Ní bhfuaireamarna litir ar bith i do thaobh ó Iúdáia, ná níor thug aon neach dár mbráithre a tháinig an treo drochscéal ná drochthuairisc chugainn mar gheall ort. 22Ba mhaith linn, áfach, do thuairimí féin a chloisteáil mar níl d'eolas againn ar an aicme seo lena mbaineann tú ach go bhfuiltear ag cur ina coinne go forleathan.”
Ag Fógairt an Dea-Scéil sa Róimh
23Shocraigh siad leis ar lá agus tháinig slua mór acu chun an lóistín chuige. Lean sé ó mhaidin go hoíche ag tabhairt fios an scéil dóibh: thug sé léiriú mion ar ríocht Dé, ag áiteamh scéal Íosa orthu as dlí Mhaois agus as na fáithe. 24Chuaigh a chuid cainte ina luí ar chuid acu ach bhí cuid eile acu nach ngéillfeadh dó. 25Bhí easaontas eatarthu agus iad ag imeacht agus is é a dúirt Pól leo mar fhocal scoir: “Is maith mar a labhair an Spiorad le bhur n‑aithreacha trí bhéal Íseáia fáidh nuair a dúirt sé:
26‘Téigh go dtí an pobal seo agus abair seo leo:
Éistfidh sibh go deimhin ach ní thuigfidh sibh,
féachfaidh sibh go deimhin ach ní fheicfidh sibh,
27Mar tá croí an phobail seo éirithe dúr,
agus lena gcluasa is mall a éisteann siad,
agus dhún siad a súile,
ar eagla go bhfeicfidís lena súile
agus go gcloisfidís lena gcluasa
agus go dtuigfidís lena gcroí
agus go n‑iompóidís chugamsa
agus go leigheasfainn iad.’
28“Bíodh a fhios agaibh dá bhrí sin go bhfuil an slánú seo Dé á sheoladh chuig na gintlithe. Éistfidh siadsan leis.” 29(Nuair a bhí an méid sin ráite aige, d'imigh na Giúdaigh uaidh amach, agus aighneas mór acu eatarthu féin.) 30D'fhan sé ar feadh lán dhá bhliain sa lóistín a bhí ar cíos aige, agus gach ar tháinig ag triall air chuir sé fáilte rompu. 31Lean sé air ag fógairt ríocht Dé agus scéal an Tiarna Íosa Críost aige á theagasc go lánoscailte agus gan bac ar bith air.

Currently Selected:

Gníomhartha 28: ABN

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in

YouVersion uses cookies to personalize your experience. By using our website, you accept our use of cookies as described in our Privacy Policy