YouVersion Logo
Search Icon

Rómhánaigh LITREACHA PHÓIL

LITREACHA PHÓIL
Brollach
Oireann sé dúinn plé le litreacha Phóil le chéile mar is corpus leo féin na litreacha seo. Ní chuireann an teideal “Litreacha Phóil” in iúl ach go raibh corpus Paulinum ann leis na cianta. Ní chiallaíonn sé gurb é Pól údar gach litreach sa chnuasach. Tá na Tréad-Litreacha agus Eabhraigh, nár scríobh an tAspal Pól, sa chnuasach, díreach mar atá Colosaigh agus Eifisigh, a bhfuil dabht faoina n‑údaracht. Tá scoláirí ar aon aigne i gcoitinne faoi dhátaíocht na litreacha. Leanfaimid an gnáthord ama anseo, agus dúnfaimid le plé ar na litreacha ar a bhfuil amhras faoina n‑údaracht nó a nglactar leis nár scríobh Pól iad.
I
1 agus 2 Teasalónaigh
An scéim de thrí thuras misinéireachta trína dtugtar cur síos ar imeachtaí casta shaol Phóil mar mhisinéir i nGníomhartha na nAspal, is simpliú liteartha í. Mar sin féin is fráma í a chabhraíonn linn ag plé lena litreacha. Chuaigh Pól siar chun na hEorpa ar a dhara turas misinéireachta agus cead faighte aige ón gcuallacht Chríostaí in Iarúsailéim glacadh le págánaigh a d'iompaigh, ar chomhchéim le hiompaithigh Ghiúdacha, agus gan cuing an dlí a bhualadh orthu (Gníomh. 15:22-29).
De réir Ghníomhartha bheartaigh Pól ceanncheathrú a mhisin a bheith aige san Áise Bheag, ach go bhfuair sé treoracha i mbrionglóid an soiscéal a chraobhscaoileadh san Eoraip. Tháinig sé dá bhrí sin ag seanmóireacht i bhFilipí agus ina dhiaidh sin i dTeasaloinicé (16:6 – 17:9). Ní thugann Gníomhartha ach tuairisc ghairid bhearnach ar a shaothar ansiúd agus an t‑achrann a ghabh leis. D'éirigh leis cuallacht a bhunú i dTeasaloinicé ar iompaithigh ón bpágánachas a bhformhór (1 Teas. 1:9).
Casandar, ginearál de chuid Alastair Mhóir, a bhunaigh Teasaloinicé. Thug sé áitritheoirí 26 sráidbhaile sa dúiche le céile sa láthair straitéiseach seo i Murascaill Thearma ar an Mhuir Aegéach in 314 R.Ch. Nuair a fuair na Rómhánaigh seilbh ar an gcathair in 146 R.Ch. rinne siad príomhchathair Chúige na Macadóine di. Bhí sí ar an dara cathair sa Ghréig, agus ina suí ag próchonsal le linn Phóil.
Nuair a shroich Pól an chathair sin, Teasaloinicé, c. 50 A.D., bhí cuallacht dhaingean Ghiúdach inti, agus a sionagóg féin acu. D'iompaigh sé cuid de na págánaigh chráifeacha a bhíodh ag freastal ar an tsionagóg chun an chreidimh Chríostaí lena sheanmóireacht. Chuir sin fearg ar na Giúdaigh le Pól, agus chuir na Críostaithe chun siúil é faoi choim ar mhaithe leis féin (Gníomh. 17:1-10). Mheasfá ón gcur síos i nGníomhartha nach raibh Pól ach cúpla seachtain san áit, ach tugann 1 Teasalonaigh le tuiscint gur fhan sé níos faide.
Ní féidir dúinn a fháil amach anois cé chomh líonmhar is a bhí an chuallacht Chríostaí nuair a bhí Pól ag scríobh chucu, ach is féidir a léamh ar na leideanna sna litreacha go raibh an eaglais mór agus gur bhain grúpaí difriúla léi, grúpaí a raibh a bhféiniúlacht féin ag roinnt leo (1 Teas. 4:11-12; 5:12-15; 2 Teas. 3:6-11). Na cúinsí agus na fadhbanna a spreag na litreacha seo, d'fhág siad a rian ar an tslí inar scríobh Pól.
Tar éis é a sheoladh ar shiúl, mhair an naimhdeas leis an dream nua creidimh a bhí bailithe ina thimpeall aige. Chuala Pól é sin agus chuir sé Tiomóid leis an scéal a fhiosrú. Compánach óg do Phól ab ea Tiomóid; págánach ab ea a athair agus Giúdach a mháthair. Rinne Pól é a thimpeallghearradh le go bhféadfadh sé obair i measc na nGiúdach (Gníomh. 16:1-3). Thug Tiomóid tuairisc ar ais go Pól faoi chuallacht óg Theasaloinicé, nach raibh bliain slánaithe acu go fóill; is mar fhreagra ar an tuairisc sin agus ar na ceisteanna a luadh inti a scríobh Pól a chéad litir aspalda. Thug Tiomóid an litir ar ais leis chun na cuallachta, is é is dóichí, agus mhínigh sé teagasc Phóil dóibh, agus spreag na baill chun a bheith dílis dá gcreideamh nua. Scríobhadh an dá litir idir 50 agus 52 A.D. Is iad na scríbhinní is luaithe iad sa Tiomna Nua.
1 Teasalónaigh
Bhí Pól timpeall cúig bliana déag ina Chríostaí, agus ba mhisinéir taistil i measc phágánaigh na hÁise Bige é lena lán blianta, sular chinn sé an litir seo a scríobh. Cinneadh an-tábhachtach a bhí i gceist mar is dá bharr a cuireadh tús leis an Tiomna Nua, leabharlann liotúirge na hEaglaise aspalda. Bhí Pól i gceartlár a mhisin i gCorant, misean a raibh ag éirí thar barr leis agus a raibh an Eaglais ag préamhú go daingean sa chathair sin dá bharr. Ní fhéadfadh sé scor dá obair ansiúd le dul agus fadhbanna na dTeasalónach a réiteach ar an láthair. Scríobh sé an litir seo dá bharr sin. Is ráiteas údarásach aspalda agus doiciméad liotúirge chomh maith í a litir, agus bhí sí le foilsiú agus le fógairt go deabhóideach sa tionól liotúirgeach.
Nuair a bhí an litir seo á scríobh ag Pól bhí an litir aspalda á forbairt aige mar fhoirm liteartha de chuid chuallacht an Tiomna Nua. Glaonn sé baill na cuallachta i dTeasaloinicé ina thimpeall le buíochas a bhreith le Dia ar son an chreidimh thorthúil a bhronn sé orthu, mar aon leis an gcion grámhar dá chéile a bhí á mhúscailt ag an mbeatha nua; agus leis an dóchas daingean a bhí á chur ar a gcumas maireachtáil go dílis i gCríost. Sé atá i gcuid mhór den litir ná Pól á chur i gcuimhne dóibh cad é áthas a chuir an creideamh agus an dóchas Críostaí orthu, nuair a ghlac siad leo go fáilteach agus nuair a roinn siad iad go fial le Macadónaigh eile. Ar an tslí sin déanann sé iarracht ar iad a dhéanamh páirteach ó chroí leis féin agus é ag tabhairt moladh agus buíochas do Dhia a slánaitheoir. Tá a fhios aige gur trína chur i gcuimhne dóibh a fheabhas a bhí Dia leo is ea is fearr a rithfidh leis a ndíograis chreidimh a mhúscailt.
Sa chéad chuid eile den litir cuireann Pól i gcuimhne dóibh an cion a bhí aige féin ar an gcuallacht agus an tslí nár theastaigh uaidh a bheith ina ualach orthu – shaothraigh sé a bheatha lena lámha féin (2:1-20). Bhí an oiread sin cíocrais air a fháil amach conas a bhí ag éirí leo go raibh sé sásta déanamh gan cabhair agus cúnamh Thiomóid, ach é a sheoladh chucu ar a dtuairisc (3:1-8). Ansin nuair a bhíonn an dlúthchairdeas snaidhmthe aige leo arís, cromann Pól ar an ngnó eile a bhí le déanamh aige .i. a dtuiscint ar an mbeatha Chríostaí a dhoimhniú agus a threorú (3:9 – 5:11). San aitheasc seo féin, fiú amháin, tá Pól lách cneasta leo dála na banaltra “ag muirniú a páistí” (2:7).
Litir lách theolaí, an chéad litir seo Phóil; tugann sé misneach dá lucht éiste, ach ní ghéilleann sé dá lochtanna. Is léir go raibh caidreamh dlúth aige lena thréad fad a bhí sé i dTeasaloinicé; ach taispeánann na ceisteanna a chaith sé a fhreagairt nach raibh sé d'uain aige an teagasc bunúsach creidimh agus iompair a bhí de dhíth ar na hiarphágánaigh seo a chur abhaile orthu le go bhféadfaidís an bheatha Chríostaí ina hiomláine a chleachtadh. Is féidir a rá go dtugann sé teagasc ar thrí ábhar: (1) an creideamh i dTéarnamh Íosa, a theacht arís; (2) grá bráthar sa chuallacht; (3) an fhíréantacht phearsanta, an mhoráltacht, mar choinníoll le bheith páirteach le hÍosa ina ghlóir nuair a thiocfaidh sé arís (3:9-13).
2 Teasalónaigh
Caitheadh amhras ar údaracht na litreach seo go háirithe de bharr 2 Teas. 2:1-10. Cáintear sa dréacht sin an creideamh go bhfuil an Tiarna Íosa tagtha cheana féin. Bréagnaíonn Pól an sórt sin teagaisc agus cuireann sé i gcuimhne don chuallacht gur mhúin sé dóibh nach bhfillfeadh Íosa nó go dtiocfadh an cheannairc, agus go nochtfadh “fear an oilc” é féin. Ní féidir an Téarnamh a bheith ann nó “go dtógfar as an tslí an té úd atá ag cosc” cumhacht an oilc. Sé an deacracht ina thaobh seo, do chriticeoirí an lae inniu, ná gurb é seo an t‑aon tagairt amháin i litreacha Phóil don dráma diamhrach apacailipteach seo.
Sé a deir scoláirí eile ná gur falsaitheoir atá againn a chóipeáil frásaí áirithe as 1 Teas. Ach nuair a iniúchtar na frásaí a luaitear, feictear nach cóipeáil chung ar fhrásaí atá i gceist, ach gur léir go raibh 1 Teasalónaigh ar eolas ag an údar. Níl aon aidhm shásúil luaite le saothar falsaithe den sórt seo. Go deimhin níor éirigh leis na scoláirí a shéanann údaracht Phóil aon mhíniú sásúil ar conas a scríobhfadh aon duine eile a leithéid, a thabhairt. Tá bearnaí go leor inár n‑eolas ar chuallachtaí Phóil i ré na n‑aspal. Ní luíonn sé le réasún na bearnaí sin a líonadh le tuairimí gan fhianaise agus ansin litreacha Phóil a léamh le cabhair na dtuairimí céanna.
Teachtaireacht
Is é nádúr eascateolach an chreidimh Chríostaí is mó a mhíníonn na litreacha seo dúinn, agus déanann siad é sin gan mionsonraí nó cruinneolas a thabhairt. Is siad teorainneacha na beatha nua a thug Dia dúinn i gCríost ná creideamh, grá na comharsan, agus súil in airde le teacht Íosa mar Thiarna (cf. 1 Teas. 1:3; 2 Teas. 1:3-4). Sé atá sa bheatha Chríostaí ná glaoch ó Dhia chun ullmhú le bheith páirteach i mbua Íosa trí na tabhartais a fuaireamar a fhorbairt, agus a bheith inár bhfinnéithe ar an naofacht a deonaíodh dúinn “i gCríost”. Cuirtear an teachtaireacht abhaile go deabhóideach mar thoradh ar bheatha Phóil féin i gCríost agus mar léiriú ar a chúram aspail don mhuintir a ghlaoigh sé chun creidimh. Dá réir sin ní féidir iad a thuiscint i gceart gan chráifeacht agus muinín – muinín i nDia a gheall go dtabharfaidh sé saothar Chríost chun críche. De bhrí gurb iad seo na litreacha de chuid Phóil ar treise iontu an ghné apacailipteach dá dhearcadh agus dá stíl, tá deacracht bhreise ag baint leo do léitheoirí an lae inniu.
Mar sin féin nochtann Pól a chroí dúinn sna litreacha seo – labhraíonn sé mar athair, mar bhanaltra, mar aspal, mar chomhchreidmheach, agus é gan staonadh ag tógáil agus ag misniú an dreama atá faoi ionsaí (1 Teas. 2:17; 3:5-10; 4:1). Sna litreacha gearra seo ní bhacann sé le teagasc teibí ar bith a fhorbairt; ina áit sin, roinneann sé linn an lúcháir agus an t‑áthas a ghabhann leis an mbeatha nua sa Spiorad a fuarthas ón Tiarna Íosa Críost, croílár chreideamh na cuallachta cheana féin i dTeasaloinicé.
II
1 agus 2 Corantaigh
Scrios an consal Rómhánach L. Mummius cathair cháiliúil Chorant in 146 R.Ch. Céad bliain ina dhiaidh sin d'atóg Iúil Céasar é mar choilíneacht Rómhánach. Níorbh fhada go ndearnadh príomhchathair chúige Rómhánach Acháia de, agus suí an phróchonsail. Bhí suíomh an-tábhachtach aige ar chuing talún, leath slí idir dhá chalafort, ceann ar an taobh thoir agus ceann ar an taobh thiar den chuing; bhí sé i lár bhealach na trádála idir an tOirthear agus an tIarthar. De bharr a shuímh agus a thrádála bhí daonra an-mheasctha ann. Bhí cáil air de bharr a theampall do bhandia an ghrá, Afraidíté, a bhí suite ar Acracorant, cnoc géar os cionn na cathrach; bhí cáil na mímhoráltachta gnéasaí air leis, fiú i ndomhan mímhorálta na linne úd (cf. Romh. 1:26-32).
Thug Pól a chéad chuairt ar Chorant agus é ar a dhara turas misinéireachta. Bhunaigh sé eaglais ann agus d'fhan ocht mí dhéag, ó gheimhreadh 50 A.D. go samhradh 52 A.D. Thosaigh sé ar a sheanmóireacht sa tsionagóg, mar ba ghnáth leis, ar an tsabóid. Nuair a shroich Tiomóid agus Síleas ón Macadóin, bhí ar a chumas gabháil go hiomlán le seanmóireacht. Ba ghearr gur dhiúltaigh na Giúdaigh dó. Ansin chuaigh sé go teach págánaigh dhiagaithe darb ainm Iústas. De thoradh a shaothair, d'iompaigh a lán Corantach agus baisteadh iad.
Ghlactaí leis gur iompaithigh ón bpágánachas is mó a bhí in eaglais Chorant; ach níl sin de réir fianaise chaint Phóil. Ón tslí ina gcuireann sé a argóintí chun cinn, caithfimid glacadh leis go raibh sé ag scríobh do chuallacht ina raibh taithí ag formhór na mball ar an teagasc Giúdach. Ba de shíol págánach a lán (Gníomh. 18:7), ach bhí casta acu ar an nGiúdachas, nó bhí bá acú ar a laghad lena theagasc. Is é an míniú is nádúrtha is féidir a thabhairt ar Ghníomhartha 18:4, ná gur chuid de phobal na sionagóige iad na “Gréagaigh”; agus is furasta an callán i láthair an phróchonsail, Gaillión (18:12-17), a thuiscint má ghlacaimid leis gurb amhlaidh a bhí Pól tar éis iompaithigh chun an Ghiúdachais a ghabháil i líon na hEaglaise. Nuair a dhiúltaigh Gaillión lámh a chur in achrann a thuig sé a bhí ina measc féin, ghabh na Giúdaigh Sóstainéas “uachtarán na sionagóige, agus thug léasadh dó os comhair an tsuí bhreithimh amach” (18:17). Sé míniú is fearr is féidir a thabhairt ar an dásacht seo ná go raibh Sóstainéas i bhfeighil sionagóige ina raibh líon chomh mór sin a d'iompaigh trí sheanmóireacht Phóil go raibh smacht agus ceannas acu ar an tsionagóg féin.
Bheadh na hiompaithigh seo eolach ar an Sean-Tiomna agus ar an traidisiún léirmhínithe a ghabh leis. Bheadh cur amach acu leis ar na hiarrachtaí a bhí á ndéanamh teagasc an Bhíobla agus an fhealsúnacht heilléanach a thabhairt chun réitigh agus aontachta. Bheadh breac-eolas éigin acu, dá dhoiléire é, ar an sórt tuairimíochta a raibh dlúthbhaint ag an nGiúdach cáiliúil ó chathair Alastair, Fileo, léi. Ní baol nach raibh siad taithíoch ar an bhfealsúnacht sráide, ar an tuairimíocht chinic-stóch, agus ar na prionsabail mhorálta agus chreidimh ar a raibh saol sóisialta agus sibhialta na cathrach bunaithe.
Maidir le haicmí sóisialta, bhí an chuallacht Chríostaí ionadaíoch go leor, agus daoine ó na haicmí móra go léir inti. I gcathair fhorbartha thrádála mar Chorant, is é tuairim na scoláirí go mbeadh timpeall trian an daonra ina saoránaigh iomlána, trian ina saorthaigh (.i. daoine a bhí tráth ina ndaoir, agus a raibh dualgais áirithe fós orthu i leith a máistirí), agus trian ina ndaoir. Ní raibh aon bhaint ag oideachas ná maoin leis an aicmíocht seo. Is iomaí daor a raibh an tosach acu, ó thaobh maoine agus oideachais de, ar na saoránaigh.
1 Corantaigh
Ina bheannú (1:1-3) dearbhaíonn Pól a aspalacht féin agus gairm na gCorantach. Ansin gabhann sé buíochas (1:4-9) ar son na dtabhartas a bhronn Dia ar a lucht leanúna i gCríost.
Tá an chéad chuid den litir (1:10 – 6:20) ag plé leis na heasaontais i measc na gCorantach. Is scannal é go mbeadh an chuallacht Chríostaí deighilte ina dreamanna naimhdeacha, mar is aon é Críost gan roinnt (1:10-16). Cérbh iad lucht leanúna úd Phóil, Apollós, Pheadair agus Chríost? Más é a bhí sa dream deiridh seo daoine a mhaígh go raibh Críost á leanúint acu gan beann ar aon idirghabhálaí daonna, ansin is léir go raibh trí ghrúpa ag tabhairt dúshlán údarás Phóil, ach go raibh dream eile a bhí ag dul thar fóir lena ndílseacht dó. Eagna Dé – agus díth céille na croise – a d'fhógair Pól agus sáraíonn sí siúd an eagna dhaonna is bonn faoin easaontas (1:17 – 2:5). Foilsíonn an Spiorad an eagna Chríostaí (2:6-16). Cáintear an t‑aighneas pearsanta agus mínítear cúram na seanmóirithe (3:1-17). Ní foláir don mhuintir a ghlac leis an gcreideamh cúl a thabhairt leis an eagna dhaonna, as ar eascair an t‑easaontas, agus a thuiscint gurb aon iad go léir i gCríost (3:18-23). Níl Pól ar a thriail os comhair na gCorantach – tá an-éirí in airde ar chuid acusan! – mar is é an Tiarna amháin a thabharfaidh breith air (4:1-13). Ansin casann sé go tobann – mar a dhéanann go minic – ón searbhas go dtí an achainí ghrámhar athar (4:14-21).
Cromann sé ansin ar lochtanna na cuallachta a phlé (5:1 – 6:20). Bhí an eaglais i gCorant ag cur suas le cás gránna drúise, fear i lánúnas lena leasmháthair. D'ordaigh Pól an coirpeach a choinnealbhá gan mhoill le súil go dtiocfadh ciall dó (5:1-5). Tugann sé rabhadh go bhféadfadh pinse gabháile an taos go léir a ghabháileadh. Cuireann sin an Cháisc nua i gcuimhne dó (5:6-8). Bhí sé ráite aige roimhe sin leo i litir eile gur bhaol dóibh caidreamh le drochdhaoine (5:9-13). Ní cuí go rachadh Críostaithe os comhair cúirteanna págánacha; go deimhin is náireach an rud é go mbeidís ag dul chun dlí le chéile ar aon chor. Coisceann an peaca ar dhuine dul isteach sa ríocht agus ní mór dóibh siúd a níodh agus a naomhaíodh in ainm Chríost an uile olc a sheachaint (6:1-11). Ba mhana ag na Corantaigh na focail: “Tá gach ní ceadaithe dom.” Deir Pól leo nach mór dóibh deimhin a dhéanamh de nach drabhlás a bheadh acu in áit na saoirse Críostaí ar ar mhór é a mheas (6:12-20).
Sa dara cuid den litir (7:1 – 11:1) freagraíonn Pól ceisteanna a cuireadh air i litir ón gcuallacht i gCorant. Ar dtús bhí ceist faoin bpósadh agus an aontumha. Tá lé aige leis an aontumha – mar gur tuigeadh dó gur ghearr uathu an chríoch – ach fógraíonn sé gur maith é an pósadh freisin, agus go mba chóir go mbeadh cearta agus dualgais lánúnais á gcomhlíonadh (7:19). Maidir le colscaradh, dearbhaíonn sé teagasc an Tiarna (7:10-12), ach ansin tugann a thuairim féin faoin bpósadh measctha (7:12-16). Ritheann a smaointe ar aghaidh ar an téad sin agus spreagann sé Críostaithe fanacht sa ghairm bheatha a shocraíonn an Tiarna do gach duine díobh (7:14, 24); agus ansin tugann comhairle breise faoi mhaighdeana (7:25-38) agus faoi bhaintreacha (7:39-40).
Ceist ar leith a bhí ag déanamh tinnis don chuallacht ab ea ithe feoil na n‑íobarthach, agus freastal ar fhleánna págánacha a mbeadh blas creidimh orthu. Dealraíonn sé gurbh é tuairim chuid de na Corantaigh ná gur náideanna iad na déithe agus, dá réir sin, nach raibh ach brí shóisialta leis na béilí seo. D'admhaigh Pól go raibh an ceart go teoiriciúil ag an dream “daingean” (cf. 10:14-22), ach mar sin féin ní leor é an t‑eolas (8:1 – 11:1). Bhí dearcadh na ndaingean bunaithe ar mhíthuiscint faoin tsaoirse Chríostaí. Níl ach an rud “a théann chun sochair” agus atá “fóinteach” de réir na saoirse Críostaí (6:12; 10:23). Bíonn an charthanacht agus an cúram mar laincisí ar an tsaoirse ghnímh.
Sa tríú cuid den litir (11:2 – 14:40) pléann sé na cruinnithe liotúirge agus na tabhartais charasmacha. Sna caibidlí 12-14 freagraíonn sé an cheist dheireanach a chuir na Corantaigh chuige ina litir, ceist faoi thíolacthaí an Spioraid. Bhí míthuiscint ar dhaoine faoina líon seo agus faoi nádúr corraitheach chuid díobh. Mhínigh Pól an scéal: ón Spiorad Naomh céanna na tíolacthaí uile; deonaíodh iad ar mhaithe leis an gcuallacht; tá a dtábhacht ag brath ar an gcabhair a thugann siad; is tábhachtaí go mór is go fada an charthanacht ná bua na dteangacha, bua ar a raibh meas thar cuimse ag na Corantaigh; tá tús áite ag an gcarthanacht ar na tíolacthaí go léir. San fhreagra fada a thugann Pól tá ráiteas fíorthábhachtach faoi chorp Chríost (12:12-30), agus iomann cáiliúil ar an ngrá, grá na mbráithre, grá fial, grá maíteach, grá cúntach. Sé Dia féin a fhoinse, Dia a ghráigh sinne ar dtús (1 Eoin 4:19), agus a chuir a Mhac uaidh le go ndéanfaí athmhuintearas idir é féin agus na peacaigh. Grá Dé agus a Mhic an sampla atá ag an ngrá Críostaí.
Ní freagra ar aon cheist ar leith í caibidil 15, ach teagasc ar aiséirí na marbh. Bhí sé cloiste ag Pól go raibh an tuairim ag leathadh i measc chuallacht Chorant, faoi thionchar na fealsúnachta, gur bhain an saol atá le teacht leis an anam amháin gan an corp a bheith i gceist. Aiséirí Chríost bonn a gcreidimh, a deir sé (15:1-11). Sé aiséirí Chríost an deimhniú atá againn ar aiséirí na muintire atá “i gCríost”; murar aiséirigh Críost, theip air; ní fhéadfadh sé cabhrú leo siúd a chreideann ann. An bheatha Chríostaí, a bhfuil an oiread sin den chránas ag baint léi, níl inti ach baois más é an bás is críoch di (15:21-19). Nuair a thiocfaidh Críost arís, éireoidh a mhuintir ón mbás; ansin déanfaidh seisean, an té ag a mbeidh gach cumhacht agus gach ceannas, an ríocht a thabhairt suas do Dhia an tAthair (15:20-28). Téann sé ar aghaidh ansin le hargóintí ad hominem ag treisiú lena sheasamh (15:29-34). Déanann v. 29 tagairt do nós, is dócha, a bhí i gCorant, go nglacadh Críostaithe baisteadh thar ceann cairde agus gaolta a bhí marbh. Ní mholann Pól an nós, ach úsáideann sé é mar argóint.
Ansin pléann sé conas a tharlóidh an t‑aiséirí agus cén sórt é an corp arna aiséirí (15:35-58). Úsáideann sé solaoid an tsíl a fhaigheann bás ach a thugann beatha nua uaidh chun a mhíniú cé mar a chlaochlófar an corp go bunúsach san aiséirí (15:35-44). Cuirtear sa talamh an corp fisiciúil, a raibh nádúr “somhillte” ar aon dul le dúile eile aige, ar aon dul leis an gcéad Ádhamh. Ach éireoidh sé ina chorp “osnádúrtha”, ar aon dul leis an dara hÁdhamh, saor ó laincisí talamhaí, “domhillte” agus domharaithe (15:45-49). In 15:50-53 luann sé an tuairim choiteann go dtarlódh Téarnamh Mhac an Duine go luath, agus go mbeadh a lán de Chríostaithe na linne beo fós nuair a thiocfadh an Tiarna (cf. 1 Teas. 4:13-17). Dúnann an chaibidil le hiomann buíochais ar son bua Chríost ar an mbás (1 Cor. 15:54-58).
Is geall le haguisín í an chaibidil dheireanach. Tugann Pól treoracha faoin mbailiúchán do na creidmhigh in Iarúsailéim (16:1-4); insíonn sé faoin taisteal atá á bheartú aige (16:5-9); tugann dea-theastas do Thiomóid (16:10-11); agus fógraíonn nach bhfillfidh Apollós ar an gcathair (16:12). Spreagann sé a léitheoirí chun creidimh, dóchais agus grá (16:13); molann sé an triúr teachtaire (16:15-18); agus seolann beannachtaí (16:19-20). Pól féin a ghraf an dúnadh (16:21-24).
Níl aon litir eile a thugann léargas chomh soiléir sin ar shaol cuallachta nua Críostaí, agus ar na deacrachtaí a bhí ag an muintir a ghlac leis an gcreideamh nua. San am céanna tugann sí an-tuiscint dúinn ar Phól féin: is litir í ó fhear gnímh a théann gan mhoill go croí an scéil, litir cheannaire a cheartaíonn le fuinneamh agus a threoraíonn le cinnteacht, litir athar a ghránn a chlann d'ainneoin a lochtanna, litir aspail arb é a aon aidhm ar an saol daoine a ghnóthú do Chríost.
2 Corantaigh
Go luath tar éis do 1 Corantaigh a scríobh, b'éigean do Phól turas gairid a thabhairt ar Chorant, turas práinneach nach raibh taitneamhach (2 Cor. 1:23 – 2:1; 12:14; 13:1-2). D'fhill sé ar Eifeasas ach gheall sé go bhfillfeadh sé agus go bhfanfadh níos faide (1:15-16). Ba ghearr gur tharla géarchéim eile. Dealraíonn sé gur cuireadh suas d'údarás Phóil i bpearsa a fhear ionaid (2:5-10; 7:12); chaith sé litir a scríobh agus na deora lena shúile (2:3-4, 9) agus bhí toradh fónta uirthi (7:8-13). Bhí an Mhacadóin sroichte aige ó Eifeasas (1 Cor. 15:22; 2 Cor. 1:8-10; Gníomh. 19:23-40) nuair a fuair sé an dea-scéala faoi éifeacht na litreach úd ó Thíteas (2 Cor. 2:12-13; 7:5-16); ansiúd, sa Mhacadóin, a scríobh sé 2 Corantaigh i dtreo dheireadh na bliana 57 A.D. Ba í seo an ceathrú litir ar a laghad a scríobh sé go Corant – an litir “réamhchanónach” (1 Cor. 5:9), 1 Corantaigh, agus an litir dheorach, na cinn eile.
Níl aon tagairt in 2 Corantaigh do na fadhbanna a luaitear in 1 Corantaigh. Dealraíonn sé dá bhrí sin gur éirigh léi siúd. Nuair a bhí 2 Corantaigh á scríobh aige bhí Pól ag beartú turas a thabhairt ar Chorant don “tríú huair” (2 Cor. 12:14; 13:1). Mar a tharla bhain sé an chathair amach in 57 A.D., agus chaith an geimhreadh ann (Gníomh. 20:3). An dara turas a bhí tugtha aige (2 Cor. 13:2), bhí sé gairid agus, san am céanna, míthaitneamhach dó féin agus do na Corantaigh. Níor éirigh leis an uair sin nithe a chur in ord i gCorant. Luaigh an litir dheorach, de réir dealraimh, “fear déanta na héagóra” agus “an té a ndearnadh éagóir air” (2 Cor. 7:12). Níorbh é cás na drúise é (1 Cor. 5:1-13) mar ní ionann ar aon chor na cúinsí. Dealraíonn sé, mar a dúramar, go mbaineann sé le duine a thug dúshlán údarás fhear ionaid Phóil. Bhí Giúdóirí misinéireacha ar an bhfód (cf. 2 Cor. 11:22), na “sáraspail” (11:5) nó na “haspail bhréige” (11:13) a rinne a ndícheall údarás agus clú Phóil a mhilleadh. Is dócha go raibh “fear déanta na héagóra” (7:12) ar na “sáraspail” úd. Chuaigh litir dhian úd Phóil i bhfeidhm ar na Corantaigh agus bhí toradh fónta uirthi. Chuir sin áthas air agus tá an t‑áthas sin le brath in 2 Corantaigh. Dealraíonn sé, áfach, gur de bharr tuairiscí faoina thuilleadh míshuaimhnis sa chuallacht a scríobhadh cc. 10-13.
Tá go leor fadhbanna liteartha ag baint le 2 Corantaigh. Is léir go bhfuil easpa leanúnachais idir 2:13 agus 2:14 agus arís idir 7:4 agus 7:5. Síos go dtí 2:13 pléann Pól a thuras go Tróas agus go dtí an Mhacadóin agus é ag feitheamh le Títeas. Ansin in 2:14 – 7:4 tugann sé cur síos fada ar a aspalacht agus déanann cosaint uirthi. Ansin in 7:5-16 tá tuairisc ar an sólás a fuair Pól nuair a shroich Títeas an Mhacadóin, ar aithrí na gCorantach agus ar a bhfilleadh ar ais air. Tá an easpa leanúnachais chomh mór sin go ndeir scoláirí áirithe nach gabhlán atá i gceist ach doiciméid dhifriúla. Dar leis na scoláirí seo, nuair a fhéachtar ar an sliocht 2:14 – 7:4 leis féin, is léir gur cuid de “Litir Chosanta” é a scríobh Pól ag cosaint a aspalachta. Ansin is “Litir Athmhuintearais” ó Phól chun a chuallachta a bheadh in 1:1 – 2:13 agus an dúnadh in 7:5-16. Luafaí dáta níos déanaí leis an dara litir seo; go scríobhfadh Pól í tar éis teip ar a litir chosanta agus go mbeadh an chuallacht in earraid leis.
Ach tá fadhb cosúil léi sin laistigh den “Litir Chosanta” sa snagadh idir 6:13 agus 6:14 agus arís idir 7:1 agus 7:2. Sna véarsaí roimh 6:13 labhraíonn Pól leis na Corantaigh. Iarrann sé orthu a gcroí a leathadh roimhe; ach in 6:14 – 7:1 is ag impí orthu gan caidreamh a dhéanamh le díchreidmhigh atá sé. Ansin in 7:2-4 tá sé á iarraidh ar na Corantaigh a gcroí a oscailt dó. Tá tráchtairí á mheas go bhfuil níos mó ná gabhlán i gceist anseo leis, go bhfuil doiciméid dhifriúla ann. Tá roinnt focal agus smaointe freisin sa dréacht 6:14 – 7:1 nach bhfuil i scríbhinní eile Phóil nó nach réitíonn leo. Ní ionadh mar sin go bhfuil roinnt scoláirí ann a cheapann gur blogh nár scríobh Pól atá sa sliocht seo, ach gur idirscríobhadh anseo in 2 Corantaigh é.
Tá deacracht eile i gcás cc. 8-9. Pléann siad seo araon leis an mbailiúchán. Tá briseadh idir c. 7 agus 8, mar tá cúinsí difriúla sa dá chás. Scríobhadh an dá chaibidil ón Macadóin (7:5; 8:2); in 7:5 tá Pól ag scríobh ó lár anró agus achrainn; ach in 8:1-2 tá an scéal go maith ag eaglaisí na Macadóine, agus an t‑anró thart. Is dócha gurb é an t‑anró céanna atá i gceist agus dá bhrí sin nach le chéile a scríobhadh 7:5-16 agus c. 8. Ansin arís pléann c. 9 leis an ábhar céanna agus atá i gc. 8, an bailiúchán is é sin, ach gan aon tagairt don phlé a bhí air roimhe sin. Is léir freisin go bhfuil an chuid seo dírithe ar an nGréig (9:1-2). Tá sé mar thuairim ag scoláirí áirithe dá réir sin gur litir neamhspleách a bhí i gc. 9 go bunúsach.
I gcaibdlí 10-13 tá an fhadhb dheiridh liteartha. Is léir athrú mór meoin. Roimhe seo bhí meon agus spiorad an réitigh i dtreis agus impí á déanamh ar mhaithe leis an mbailiúchán. Ansin go tobann sna caibidlí seo tá ionsaí láidir, fogha searbhasach faoi naimhde, agus ceartú ar an gcuallacht. Tarlaíonn an t‑athrú chomh tobann sin go gceapann scoláirí áirithe gur dhoiciméad neamhspleách leis féin cc. 10-13 tráth.
Cibé scéal é ag an bhfadhb liteartha, cromann Pól ar a apologia pearsanta arís sna caibidlí deireanacha seo (10-13), an uair seo le blas breise conspóide. Dealraíonn sé gur sheol Pól Títeas chun an bailiúchán a eagrú (8:6, 17-18) ach fuair seisean amach go raibh naimhde Phóil ag tabhairt faoi arís. Nuair a chuala Pól gur mar sin a bhí scríobh sé cc. 10-13 ar an toirt. Chuir a naimhde laige ina leith; go mbíodh a chuid litreacha “géar feidhmiúil”, ach go raibh sé lag gan éifeacht nuair a tháinig sé i láthair. Dearbhaíonn sé go bhfuil sé lánullamh feidhmiú go dána nuair ba ghá; níl aon mhórtas bréige ag baint leis. Níl sé ag dul thar cailc nuair a chuireann sé a údarás i bhfeidhm i gCorant san eaglais a bhunaigh sé féin. Ghlaoigh an Tiarna air chun na haspalachta; is leor sin mar mholadh agus mar theastas; ba bhaoth é an féinmholadh i gcóimheas leis sin (c. 10).
Tá a lán de ch. 11 géar searbhasach, ach ar dtús gabhann Pól a leithscéal ar son na cosanta a rinne sé air féin. Thug siad “amadán” air; cuiridís suas dá bhrí sin le cuid dá dhíth céille. Chaith sé é féin a chosaint mar go raibh na Corantaigh ghuagacha sásta glacadh le soiscéal difriúil. Níl sé aon phioc chun deiridh ar na “sáraspail” (11:5), ionadaithe úd na máthaireaglaise chuig ar iompaigh na Corantaigh. Neamhspleáchas i gcúrsaí airgid, ba mhór mar a dheighil sé sin é féin ón dream eile úd. Ní féidir leis dul in iomaíocht lena naimhde maidir le huaill agus le maíomh, ach mar sin féin tá sé ar chomhchéim leo maidir le cine (Eabhrach), le creideamh (Iosraelach) agus le ginealach (sliocht Abrahám). Má mhaíonn siad gurb iad searbhóntaí Chríost iad, is mó mar a chruthaíonn liodán a ghéarleanúna féin gur ministir dílis ag Críost é (11:21b-33). Fág go raibh maíomh as aislingí agus foilsithe míthráthúil, mar sin féin chaith Pól tagairt do rud neamhghnách a tharla ceithre bliana déag roimhe sin. Fuadaíodh go harda na bhflaitheas é, mar ar chuala sé briathra diamhara; ach cuireadh “bior sa bheo” ann le nach gcuirfí an iomarca éirí in airde air. Ní eol dúinn cad é an “bior sa bheo” seo, ach is dócha gur bhreoiteacht fhéiltiúil é (12:1-10). Caitheann sé é féin a chosaint arís (12:11-18). Tá eagla air go gcaithfidh sé feidhmiú go tréan nuair a fhillfidh sé orthu arís, agus tá sé lánullamh chuige sin. B'fhearr leis, áfach, go ndéanfadh na peacaigh aithrí mar nach fonn leis a bheith ag mursantacht orthu. Nuair a iompraíonn na Corantaigh iad féin go Críostaí, ansin is ea a bhíonn neart iontu dáiríre; agus sa chás sin bíonn Pól lag mar nach gá dó dul i muinín a údarás aspail ina gcoinne (12:19 – 13:10). Sa dúnadh (13:11-14) impíonn sé arís eile orthu beatha Chríostaí a chaitheamh i lúcháir an bhráithreachais agus an chomhair. An ghuí dheiridh lena foirmle Thrionóideach, tá blas an liotúirge uirthi; tá sí anois le fáil i dtús an aifrinn.
III
Filipigh agus Filéamón
Filipigh
Is é Pilib na Macadóine, athair Alastair Mhóir, a thóg cathair Filipí. Rinneadh coilíneacht mhíleata Rómhánach de in 42 A.D. Seansaighdiúirí Rómhánacha ab ea formhór a daonra, agus bhí an chathair á riaradh ar an nós Rómhánach (Gníomh. 16:21). Is beag Giúdach a bhí inti ós rud é go raibh sí gan sionagóg (16:13). Thug Pól cuairt ar Fhilipí don chéad uair in 50 A.D. le Síleas, Tiomóid, agus Lúcás, agus é ar a dhara turas misinéireachta. Is é is dócha go dtagadh an chéad chuallacht Chríostaí le chéile i dteach Lidia, bean ó Thíaitíora san Áise Bheag a raibh ag éirí go maith léi mar mhangaire corcair. Ós rud é nach raibh ach an beagán Giúdach sa chathair ba eaglais ghintlí, sa chuid is mó de, an eaglais i bhFilipí (cf. Gníomh. 16:12-40; Fil. 2:15-16; 3:3-4; 4:8-9). Thug Pól cuairt ar an gcathair arís ar a thríú turas misinéireachta (57 A.D.); bhí Lúcás i gceannas ar an gcuallacht idir an dá linn. Ansin thug sé a thríú cuairt agus é ag filleadh ar Chorant in 58 A.D. agus thug sé Lúcás leis ar ais go Iarúsailéim (Gníomh. 20:1-6). Is léir go raibh cion ar leith ag Pól ar an eaglais i bhFilipí. Sin é an fáth ar ghlac sé le déirc uathu dó féin d'ainneoin go raibh riail dhocht aige a bheatha a thuilleamh i gcónaí go neamhspleách (Fil. 4:16; 2 Cor. 11:19).
Sé an tuairim thraidisiúnta i measc na dtráchtairí go léir ná gur scríobhadh Filipigh agus Filéamón, mar aon le hEifisigh agus Colosaigh, sa Róimh mar a raibh Pól i ngéibheann tí, mar a deir Gníomhartha (Gníomh. 28:16-30). Cuireann údar na litreach é féin in aithne mar: “Pól, príosúnach ar son an Tiarna” (cf. Fil. 1:7, 13; Filéamón 1:1; Col. 1:24; 4:10; Eif. 4:1). Tá leideanna áirithe i bhFilipigh gur sa Róimh a scríobhadh í: déanann Pól tagairt don gharda préatórach (1:13) agus seolann sé beannacht uathu sin “a bhaineann le teaghlach Chéasair” (4:22). Tá, mar sin féin, sonraí beaga a chaitheann amhras faoin méid sin, agus a thabharfadh le tuiscint go mba fhéidir gur scríobhadh an litir in áit éigin níos cóngaraí do Fhilipí; agus sin ag dáta níos luaithe ná na litreacha eile as an ngéibheann, tamall maith níos luaithe, b'fhéidir, ná Colosaigh agus Eifisigh lena bhfoclóir ar leith agus lena gCríosteolaíocht atá chomh forbartha sin.
Tugann Filipigh le tuiscint gur thug baill de chuallacht Fhilipí go leor cuairteanna ar Phól (4:1-10; 2:19-20); caithfidh go raibh sé furasta go leor dul agus teacht dá réir sin. Thógfadh turas ó Fhilipí go dtí an Róimh mí nó sé seachtaine; d'oirfeadh áit éigin níos gaire do Fhilipí – Eifeasas, abair – don bhraithstint nach raibh sé chomh crua sin ag cuallacht Fhilipí teachtairí a chur go dtí Pól le tabhartais, ná do Phól a gheallúint go gcuirfeadh sé Eapafraidíteas agus Tiomóid go Filipí (2:11, 25). Meastar nach dtógfadh an turas idir Eifeasas agus Filipí ach timpeall seachtain. Ní insíonn Gníomhartha go raibh Pól i ngéibheann in Eifeasas, ach deir sé féin linn go raibh sé i mbaol báis in Eifeasas (1 Cor. 15:20-23; 2 Cor. 1:8-10). Is léir ón litir chuig na Filipigh go raibh bás tobann á bhagairt air.
Leagtar béim tríd síos i bhFilipigh air go mba chóir don chuallacht a bheith go dícheallach ar thóir an aontais. Bhí claonadh i leith aighnis agus leithleachais sna baill. Bhí an-tábhacht le Filipí mar choilíneacht Rómhánach agus bhí an pobal mórtasach as a saoránacht (Gníomh. 16:12). Bhí na Críostaithe Filipeacha an-fhial le Pól. Bhí ministrí den scoth acu – Pól, Tiomóid (Fil. 1:1-2; 19-24), Eapafraidíteas (2:25-30), agus Lúcás – más ceart ár dtuiscint ar leid i nGníomhartha. Tá sé soiléir go bhfuil an-chion ag na haspail seo agus ag an gcuallacht ar a chéile. Leagann Pól béim arís agus arís eile, áfach, ar an mbaol go n‑éireodh achrann, agus ar an ngá atá leis an gcuallacht a dhlúthú le chéile.
Tá dhá théama mhóra fite fuaite tríd an litir. Ar dtús tá téama an koinonia, téama na comaoine agus an chomhair; bíonn Pól de shíor ag spreagadh a léitheoirí chun na comaoine agus an chomhair seo a neartú agus a bheoú. Ar aon dul leis an spreagadh seo bíonn Pól ag cur béime ar an uilíocht; tá grá aige do na Filipigh go léir (1:7-8; 4:21); spreagann sé iad chun aontacht chroí agus aigne (1:27; 2:5; 4:2). An t‑áthas agus an lúcháir an téama eile atá ag rith tríd an litir agus is minic an t‑ordú “bígí lúcháireach” mar threise leis (1:4, 18, 19, 25; 2:2, 17, 18, 28, 29; 4:1, 4, 10). Sé an bonn atá faoi lúcháir dhochoiscthe Phóil ná an t‑aontas creidimh i soiscéal Chríost.
Filéamón
Colosach a thug Pól féin chun creidimh ab ea Filéamón (v. 9). Bhí daor aige, Onaesamas, agus ghoid seisean cuid de mhaoin a mháistir agus d'éalaigh leis (15, 18), agus ar shlí éigin bhain sé amach Pól agus é i bpríosún (10). Thug Pól chun creidimh é. Teastaíonn ó Phól é a chur ar ais chun a mháistir agus tugann litir dó le tabhairt chuig Filéamón (d'fhill Onaesamas ina dhiaidh sin le Tichiceas, Col. 4:9).
Sa bheannú tosaigh (vv. 1-3) feicimid Tiomóid in éineacht le Pól, faoi mar atá i gColosaigh. Is é is dóichí gurb iad Aipfia agus Aircheapas bean agus mac Fhiléamón. Láthair chruinnithe ag na Críostaithe ab ea a dteach. San altú (4-7) moltar déirc agus creideamh Fhiléamón. I gcorp na litreach (8-21) impíonn Pól “toscaire agus géibheannach ar son Chríost” thar ceann Onaesamas, a mhac spioradálta. Déanann sé imirt focal beagáinín greannmhar ar an ainm Onaesamas a chiallaíonn “fóinteach”. Ní le fonn atá an deisceabal dílis fóinteach seo á chur ar ais aige; ach éilíonn an chóir go ndéanfadh sé amhlaidh, agus scaradh lena mhaicín. B'fhéidir go bhfuil leid anseo gur cheart d'Fhiléamón ligean do Onaesamas filleadh ar ais (15). Tugann Pól le tuiscint gur maith mar a tharla; chaill Filéamón sclábha, ach ghnóthaigh sé bráthair (15-16) – tá leid sa chaint sin gur chóir a shaoirse a thabhairt don daor. Ansin téann Pól i muinín a gcaradais; thug Pól Filéamón chun creidimh, tá níos mó ná seo de chúiteamh ag dul dó dá réir sin. Tá dóchas aige go ndéanfaidh Filéamón níos mó ná mar atá á lorg aige – leid eile é seo faoi chead a chinn a thabhairt don sclábha agus ligean dó filleadh ar ais air féin. Sa dúnadh (22-25) cuireann Pól in iúl go bhfuil sé féin ag súil le cuairt a thabhairt ar Fhiléamón. Luaitear cúigear de mheitheal Phóil – na daoine céanna agus a luaitear i gCol. 4:10-14.
Sa litir ghairid seo feicimid dearcadh na hEaglaise moiche ar an daoirse. Níorbh fhéidir deireadh tobann a chur léi i saol sóisialta na linne úd, ach múineadh gur chóir meas bráthar a bheith ar an daor Críostaí agus gan plé leis mar airnéis. Is léir gur mhaith le Pól go mbronnfaí a shaoirse ar Onaesamas. Le himeacht aimsire rachadh gabháile an tsoiscéil i bhfeidhm chomh mór sin ar an gcaidreamh idir an máistir agus an daor go gcuirfí deireadh le córas na daoirse féin.
IV
Galataigh agus Rómhánaigh
Galataigh
Cine Ceilteach ab ea na Galataigh. Le linn scaipeadh na gCeilteach sa cheathrú haois R.Ch. bhain siad amach an Áise Bheag agus chuir fúthu sa dúiche timpeall ar Ancara. D'fhág an rí deireanach Galatach, Aimiontas, a ríocht le huacht ag na Rómhánaigh; tar éis a bháis rinneadh cúige Rómhánach den Ghalait, agus Ancara mar phríomhchathair aici. Le linn Phóil bhí an cúige féin i bhfad níos fairsinge ná an tseanríocht. Thagraíodh cuid de na scríbhneoirí Rómhánacha don chúige mór iomlán mar “an Ghalait” ach dealraíonn sé gur don seanlimistéar, an tseanríocht, a thagair an t‑ainm sa ghnáthchaint. Is féidir glacadh leis dá bhrí sin gur d'áitritheoirí an tseanlimistéir Ghalataigh, ar ar thug sé cuairt le linn a dhara agus a thríú turas misinéireachta, a scríobh Pól. Is dócha gur le linn dó a bheith in Eifeasas (54-57 A.D.) a scríobhadh an litir. Is léir ón ngaol gairid atá aici le Rómhánaigh nach fada roimpi sin a scríobhadh í.
Tá aidhm shoiléir chinnte ag Galataigh: earráidí na nGiúdóirí, a bhí ag suaitheadh chreideamh na nGalatach lena dteagasc go raibh sé riachtanach dlí Mhaois a chomhlíonadh go háirithe maidir le timpeallghearradh, a cheartú agus ina theannta sin soiscéal Phóil a chosaint. Fógraíonn Pól gur chóras sealadach é an dlí agus nach raibh feidhm leis a thuilleadh tar éis teacht do Chríost. D'áitigh na Giúdóirí go raibh údarás aspal agus ceannairí eaglasta a chomhlíon an dlí, daoine mar Pheadar agus Séamas, acu féin. Thug siad faoi údarás Phóil féin; níorbh aon aspal é de réir cirt mar is tar éis an aiséirithe a d'iompaigh sé; níorbh ionann a theagasc agus teagasc na bhfíoraspal; is amhlaidh a shéan sé go raibh an dlí riachtanach i láthair na nGalatach d'fhonn gurbh fhusa dó iad a mhealladh; ní dhearna sé amhlaidh in áiteanna eile ach déanamh mar a rinne na Giúdaigh. De thoradh an fheachtais sin lagaigh ar dhílseacht na nGalatach do Phól agus chrom siad ar ghnása an dlí a chomhlíonadh.
Nuair a chuala Pól go raibh an chuallacht Ghalatach i mbaol géilleadh do smacht na nGiúdóirí agus glacadh le siúráil bhaoth na ngnásanna, chuaigh sé i mbun pinn le fuinneamh. Dearbhaíonn sé a údarás, ach ní chun na Galataigh a bhrú faoi ach d'fhonn iachall a chur orthu, geall leis, misneach a bheith acu agus a rogha féin a dhéanamh agus freagracht a ghabháil chucu féin. Bhí siad ag fáiltiú roimh Ghiúdóirí mar go raibh cinnteacht bhaoth á tairiscint acusan. Nuair a ghlacfaidís leis an dlí d'fhéadfaidís na 613 reacht ann a chomhlíonadh, gan aon ghá le haon chinneadh pearsanta eile. Bheadh a saol leagtha amach rompu; ní raibh le déanamh ach déanamh mar a d'ordaigh an dlí. Ní bheadh aon fhreagracht orthu féin; an dlí a dhéanfadh gach cinneadh dóibh.
Tá sollúnacht ar leith ag roinnt leis an mbeannú (1:1-5). Leagann sé béim ar an bhfoinse dhiaga as ar tháinig aspalacht Phóil, agus ar an gcumhacht shlánaitheach atá ag íobairt Chríost. Níl aon altú i dtús na litreach seo, murab ionann agus litreacha eile Phóil. A mhíchéadfa faoi deara sin. Tosaíonn sé go giorraisc ag ceartú na nGalatach agus á chur in iúl cé mar a chuir a nguagacht ionadh air. Ní féidir a chur ina leith go raibh sé ag iarraidh daoine a shásamh (1:6-10). Leanann sé ar aghaidh ansin ag dearbhú agus ag cosaint a údarás aspail (1:11 – 2:21). Nuair a fhógraíonn sé (1:11-12) gur trí fhoilsiú díreach ó Íosa a fuair sé a “dhea-scéal”, ní hé a eolas iomlán ar an gcreideamh atá i gceist aige ach an teagasc ar leith faoi fhíréanú gan oibreacha an dlí. Níorbh fhéidir gurbh ón gcuallacht phríomhaí a fuair sé a dhea-scéal; ba chosantóir dúthrachtach de chuid an dlí é sular iompaigh sé (1:13-14), agus ní raibh caidreamh aige le ceannairí na cuallachta Críostaí go dtí trí bliana tar éis iompú dó (1:15-20); agus tar éis an turais ghairid a thug sé ar Iarúsailéim an uair sin, rinne sé seanmóireacht sa tSír agus sa tSiléis (1:21-24). Ach, ar an láimh eile, chuir eaglais Iarúsailéim a séala go foirmeálta ar a shoiscéal (2:1-10); agus chosain sé soiscéal sin na saoirse go hoscailte in aighneas le Peadar féin, lena bhéal, in Aintíoch (2:11-21). In 2:15-21 cuireann sé a theagasc faoi fhíréanú trí chreideamh amháin os ár gcomhair go soiléir – “Más ón dlí a thagann fíréantacht, fuair Críost bás in aisce”, a deir sé (2:21).
Déantar forbairt ar an teagasc sin sa chéad roinn eile (3:1 – 4:11). Ba chóir go mbeadh a fhios ag na Galataigh óna dtaithí féin nach trí oibreacha an dlí a tháinig an Spiorad chucu ach trí chreideamh in Íosa (3:1-5). Daingníonn scéal Abrahám an teagasc sin (3:6-14), mar fuair seisean an gealltanas rud nach bhféadfadh an dlí a tháinig ina dhiaidh sin a chur ar ceal (3:15-18). Ní raibh sa dlí ach mar a bheadh giolla slí nó treoraí ag pobal Dé agus é fós in aois na hóige, agus dá bhrí sin feidhm shealadach a bhí leis (3:19-24). Anois, trína gcreideamh i gCríost, is iad na Críostaithe fíorshliocht Abrahám, oidhrí an ghealltanais, agus clann Dé (3:25 – 4:7). Conas, dá réir sin, a d'fhéadfadh na Galataigh fiú cuimhneamh ar fhilleadh ar ais ar an seansaol, “ar na dúile suaracha úd” (4:8-11)?
In 4:12 – 6:12 tá Pól ag caint go lách grámhar lena chlann ag tabhairt treorach agus comhairle dóibh. Breoiteacht a bhuail Pól faoi deara dó an soiscéal a fhógairt dóibh an chéad lá – nach iontach an sampla é sin de bhealaí Dé! (4:12-20). Sa dréacht seo faighimid léargas ar mheon Phóil; ní foláir na focail ghéara 1:6-10, 3:1-5 a léamh le súil ar na véarsaí seo. Le bheith ina oidhre ar an ngealltanas ní leor do dhuine a bheith ina mhac d'Abrahám; ní mór dó a bheith ina mhac ag an saorbhean dála Íosác agus ní ag an daorbhean dála Ísmeáéil (4:21-31). Dá nglacfaidís le timpeallghearradh dhéanfaí daoir arís do na Galataigh agus thabharfaidís cúl le Críost (5:1-12). Ní ionann saoirse Chríostaí agus drabhlás, áfach, agus tá torthaí an Spioraid bunoscionn le mianta na colainne (5:13-26). Níl aon éiginnteacht ag baint leis an mbeatha Chríostaí; éilíonn sí grá gnímh (6:1-6), agus síolchur fónta le súil le fómhar na beatha síoraí (6:7-10). Is amhlaidh a dheachtaigh Pól an litir go dtí seo; anois tógann sé an peann ina ghlaic (6:11) agus dúnann le rabhadh faoi na Giúdóirí a dhearbhú gurb é Críost, agus cros Chríost, croílár an uile ní aige féin (6:12-18).
Ón athrú creidimh sa séú haois déag, tá Pól agus a theagasc ina gcnámh spairne idir Caitlicigh agus Protastúnaigh. Thosaigh Liútar le tuiscintí áirithe de chuid Naomh Agaistín aon chéad déag bliain roimhe sin; bhunaigh sé a dhiagacht ansin ar phrionsabal Phóil – fíréantacht trí chreideamh i gCríost in áit oibreacha an dlí. Shaor an prionsabal sin é ó Chríostaíocht na Meán-Aoiseanna déanacha a bhí chomh hualaithe sin ag deabhóidí, agus fuair sé cinnteacht faoina shlánú pearsanta. Riamh ó shin tá Pól mar naomhphátrún ag an bProtastúnachas; tá an Caitliceachas, áfach, ag brath níos mó ar an aontacht mhistiúil le Críost a chuireann Eoin i láthair, agus ar an Eaglais mar shíneadh stairiúil ó Chríost isteach sa saol, mar atá ag Lúcás, agus go háirithe ar bhunú an dlí nua agus phobal nua Dé mar atá ag Matha. Tá an dá thaobh le déanaí tagtha ar an tuiscint gur mó a fhógraíonn Pól saorthabhartas an tslánaithe ná saoirse choinsias an aonaráin.
Nuair a thuigimid cé mar a bhí Pól i lár na n‑aighneas i stair na Críostaíochta chomh minic sin, ní aon ionadh go bhfuil paradocsa i gcroí na litreach seo féin chuig na Galataigh: litir seo Phóil, is í is soilbhire a fhógraíonn an tsaoirse, ach san am céanna is í an ceann is minice a luann cros Chríost. In 2:20, 3:1, 5:24, agus 6:12, 14, labhraíonn Pól faoi rúndiamhair pháis agus bhás Chríost mar chuid de rúndiamhair a bheatha agus a bháis féin. Thar scríbhneoirí uile an Tiomna Nua, agus níos túisce ná aon duine díobh, d'éirigh le Pól siombail fhuinniúil chumhachtach sa bheatha Chríostaí a dhéanamh den chros ar ar fhulaing Críost aithis agus masla, páis agus bás. Thaispeáin sé nár mhór don Chríostaí aithris a dhéanamh ar Chríost, agus a bheith páirteach ina pháis agus ina bhás d'fhonn a bheith páirteach ina aiséirí. Cuireann an Litir chuig na Galataigh comaoin mhór ar dhiagacht na croise ag Pól.
Bhí dhá rud an-tábhachtach dar le Pól. Ar dtús bhí an t‑aontas le Críost tríd an gcuallacht; is dá bharr sin a bhí sé chomh mór sin in aghaidh an aighnis. Ba mhór aige freisin an tsaoirse, saoirse ó laincisí laistigh agus lasmuigh, le go bhféadfadh duine treoir an Spioraid a leanúint. Aontas agus saoirse, sin iad an dá cholún ar a seasann diagacht thréadach Phóil. Má thuigimid iadsan araon mar a thuig Pól iad tuigfimid méid a chomaoine ar an traidisiún Críostaí.
Rómhánaigh
Níl aon eolas againn faoi thúsú eaglaise na Róimhe. Ach is cinnte go raibh Críostaithe sa Róimh i gcéad bhlianta na hEaglaise. Is é is dóichí nach de bharr mhisin eagartha a bunaíodh eaglais ann, ach gur bhailigh Críostaithe ó áiteanna ar fud na himpireachta ansiúd sa phríomhchathair. Ina measc bheadh cuid de na Giúdaigh agus de na hiompaithigh a d'éist le seanmóireacht Pheadair sa Chincís (Gníomh. 2). Ní dócha gurb é Peadar féin a bhunaigh eaglais na Róimhe, mar dealraíonn sé gur tháinig sé don Róimh don chéad uair sa deichniúr 50-60 A.D.
Bhí Pól ag tnúth le fada le cuairt a thabhairt ar an Róimh. Bhí ainm Chríost craobhscaoilte aige san Oirthear agus siar chomh fada le hIlliriocum. Theastaigh uaidh anois é a chraobhscaoileadh siar amach go háirithe sa Spáinn. Bhí sé socair aige cuairt a thabhairt ar an Róimh ar a bhealach siar. De bhrí gurb é aspal na ngintlithe é bhí fonn breise air caidreamh a dhéanamh le heaglais na Róimhe; bhí tábhacht ar leith le heaglais phríomhchathair na himpireachta d'aspal na ngintlithe. Níor mhian leis tógáil ar an mbonn a leag daoine eile, ach mar sin féin ba léir dó go bhféadfadh na bóithre ón Róimh ar fud an orbis Romanus, domhan mór na Róimhe, a bheith ina mbealaí móra misinéireachta. Scríobh sé a litir chuig na Rómhánaigh mar ullmhú dá chuairt. Theastaigh uaidh go mbeadh tuiscint ar éirim “a shoiscéil féin”, cheana féin sula sroichfeadh sé, ag na Rómhánaigh. Tá a fhios againn gur shroich Pól an Róimh, ach ba i gcúinsí eile ar fad é.
Teastaíonn ó Phól, a shoiscéal féin, conas a bhí dea-scéal Chríost á chraobhsccoileadh aige, a chur i láthair. Ón uair a d'iompaigh sé chun an chreidimh thuig sé le barr soiléire an áit ar leith a bhí ag Críost i slánú an duine. Chuaigh a shaothar i measc na ngintlithe i bhfeidhm ar a dhearcadh i leith dhlí agus chleachtadh na nGiúdach. Chuir naimhdeas na nGiúdach agus an choimhlint leis na Giúdóirí an fhírinne bhunúsach: gur trí chreideamh i gCríost atá an slánú ar fáil, ina luí níos daingne fós air. Thug scríobh na litreach chuig na Galataigh caoi dó a theagasc a chur i láthair, ach ba ar bhealach conspóideach é. Tá fonn air dul ina bhun anois arís ar a shuaimhneas. Bhí machnamh fada déanta aige ar an gceist agus chuir sé roimhe í a chíoradh ó bhonn: tá slánú Dé á fhógairt tríd an soiscéal, ar dtús do na Giúdaigh, agus ansin do na gintlithe; tabhartas ó Dhia is ea an slánú, agus tá sé riachtanach do chách agus á thairiscint do chách (Rómh. 1:1-2; 16-17).
Scríobh sé Rómhánaigh i gCorant i dtreo dheireadh an tríú turas misinéireachta 57-58 A.D. Tá fianaise inmheánach áirithe sa litir gur i gCorant a scríobhadh í: cuireann sé Féibé, bandeochan ó Cheinchré, calafort thoir Chorant, faoi chúram na Rómhánach (Rómh. 16:1); tá sé mar aoi ag Gáias, an duine céanna is dócha agus a ainmníodh in 1 Cor. 1:14. Chomh maith leis sin tá a fhios againn ó Ghníomhartha 20:2-3 gur fhág Pól Corant ar a thuras deiridh go Iarúsailéim (Rómh. 15:25).
Tosaíonn Pól an litir le beannú agus le fógairt go bhfuil sé beartaithe aige turas a thabhairt ar an Róimh (1:1-15). Ansin tugann sé achoimre ar an bpríomhtheagasc atá le tabhairt aige .i. go bhfuil slánú á thabhairt don Ghiúdach agus don Ghréagach, nó don ghintlí, trí chreideamh (1:16-17). Bhí an caidreamh idir an Giúdach agus an gintlí ag déanamh tinnis dó i gcaitheamh a mhisinéireachta go léir, agus phléigh sé anois go mion é. Ní gabhlán dá réir sin atá i gcc. 9-11, cé nach bhfuil leanúnachas idir iad agus a bhfuil ag gabháil rompu, ach cuid dhlúth dá théama.
Sa chéad roinn mhór dá litir, 1:18 – 3:20, dearann Pól pictiúr duairc den chine daonna gan Chríost: níl aon leithscéal ag na págánaigh dá n‑íoladhradh ná dá ndrabhlás (1:18-32). Ansin taispeánann sé go ginearálta conas mar a imríonn Dia a fhearg agus a fhraoch ar an muintir go léir a dhiúltaíonn dó “ar an nGiúdach ar dtús agus ansin ar an nGréagach” (2:1-16). Gluaiseann sé ar aghaidh ansin go nádúrtha agus déanann cur síos ar na Giúdaigh nár chomhlíon a ndlí féin (2:17-29). Ní ag ceistiú mar a chaith Dia leis na Giúdaigh atá sé; níl uaidh a rá ach gur peacach an peacach agus go bhfuil sé le daoradh (3:1-8). San alt deiridh den roinn seo (3:9-20) dearbhaíonn Pól arís gur peacach gach n‑aon.
Sa dara roinn den litir, 3:21 – 5:21, pléann sé an téama a d'fhógair sé go hachomair roimhe seo (1:16-17) .i. slánú don uile dhuine trí chreideamh. Taispeánann sé go soiléir ar dtús nach bhfuil an slánú sin ag brath ar an dlí ach ar an gcreideamh agus dá réir sin nach ábhar maíte é (3:21-31). Ansin i sliocht mór fada (4:1-25) tugann sé chun cuimhne go raibh fíréanú den sórt sin curtha i gcrích fadó sa Sean-Tiomna i gcás fíréanú Abrahám; chreid seisean i nDia freisin agus fíréanaíodh é fiú sular timpeallghearradh é. Tugadh na gealltanais d'Abrahám sular chomhlíon sé aon dea-oibreacha, rud a chruthaíonn nach ar dhea-oibreacha atá a gcomhlíonadh ag brath.
Sé Críost a ghnóthaigh muintearas le Dia dúinn. Tá grá ar leith ag Dia dúinn; fuair Críost bás ar ár son agus sinn fós inár ndrochdhaoine (5:1-11). Teastaíonn ó Phól a thaispeáint conas mar a leasaigh Críost, le barr féile, an t‑olc a rinne peaca an chéad fhir agus gach smál a lean é. Léiríonn sé an chodarsnacht idir drochiarsmaí an pheaca dá uafaire iad agus grásta Dé a bronnadh ar an gcine daonna go léir trí Chríost. Níor scrios an dlí an peaca ach chuir sé an peaca níos mó ar a súile do dhaoine (5:12-21).
Sa tríú roinn den litir, 6:1 – 8:39, déanann Pól an bheatha nua a d'eascair as tabhartas fial Dé a iniúchadh níos géire. Fuasclaíonn sé deacracht ar dtús: más é gnó Dé ar fad é an slánú, agus nach féidir dúinn féin aon ní a dhéanamh, cumá nach bhfanfaimis sa pheaca le go mbeadh breis gnó don ghrásta (6:1)? Deir sé ar dtús go ndéanann an baisteadh, an tsacraimint trína gcuirtear tús leis an mbeatha Chríostaí, bás agus athbheoú a chur i gcrích. Cuireann baisteadh an tumtha éifeacht na sacraiminte in iúl go siombalach; déantar an baistíoch a “adhlacadh” san uisce agus faigheann sé bás don pheaca; ag teacht amach as an uisce dó déanann sé “aiséirí” chun na beatha nua i gCríost. Fuair an Críostaí bás le Críost agus d'aiséirigh sé leis, agus maireann sé feasta sa Spiorad. Scriosann an baisteadh an peaca sa duine; ach mar sin féin nó go mbeidh “an corp díomuan seo ina chló bithbhuan” (1 Cor. 15:54), d'fhéadfadh an peaca greim a fháil arís ar an gcolainn “bhásmhar” (Rómh. 6:1-14).
Léiríonn sé ansin gurb ionann fuascailt ón bpeaca agus fuascailt ón daoirse. Ní féidir d'aon duine seirbhís a dhéanamh do dhá mháistir; ciallaíonn an fhíréantacht seirbhís Dé agus tabhartas na beatha síoraí i gCríost (Rómh. 6:15-23). Tá an Críostaí saor, saor is é sin ón dlí chomh maith le saor ón bpeaca; i dtéarmaí dhlí an phósta a chuireann sé a argóint chun cinn anseo. Ós rud é gur aontaíodh na Críostaithe le bás Chríost sa bhaisteadh, tá siad marbh i dtaca leis an dlí de; tá beatha nua sa Spiorad anois acu in áit sheanchóras an chóid scríofa (7:1-6).
Luaigh sé an dlí agus ansin leanann sé ar aghaidh leis agus pléann sé a fheidhm. Tá an dlí ann féin fónta naofa, ach níor fhíréanaigh sé aon duine. Is solas é don choinsias, ach ní thugann sé neart inmheánach; ní féidir dó an peaca a chosc. Ar shlí is geall le hócáid pheaca é, mar go gcuireann sé le soiléire agus le ciontacht an pheaca. Argóint ón mBíobla í seo agus í bunaithe ar an gcur síos sa Bhíobla ar pheaca Ádhaimh, tíopa an uile pheaca (7:12-21).
Go dtí seo, go dtí deireadh c. 7, bhí staid mhí-ámharach an duine i ndaoirse an pheaca agus an bháis á tuairisciú ag Pól. Ansin i gc. 8 cromann sé ar chur síos a thabhairt ar an gCríostaí fíréanaithe agus líonta den Spiorad Naomh; tá dlí an Spioraid agus na beatha in Íosa Críost in áit réimeas an pheaca agus an bháis (c. 8). Níor phrionsabal slánaithe é dlí Mhaois, ach treoir sheachtrach. Tháinig Críost “i gcolainn dhaonna a bhí ina macasamhail dár gcolainn pheacúil féin”; d'ofráil sé é féin mar íobairt ar son an pheaca, bhris cumhacht an pheaca agus cuing na colainne. As seo amach tá an duine aontaithe le Críost agus maireann sé faoi réir an Spioraid. Tá an bás i ndán don cholainn de bharr an pheaca, ach tá beatha ag an spiorad in Íosa. Éireoidh an cholainn arís, áfach (8:1-13). Toisc an Spiorad a bheith ag lonnú iontu déantar clann Dé de na Críostaithe, agus bíonn siad páirteach sa bheatha dhiaga; uime sin is féidir dóibh “Athair” a thabhairt ar Dhia, faoi mar a dhéanadh Íosa féin, le barr muintearais (8:14-17).
Tá an dúlra féin páirteach i gcinniúint an duine ós dó a cruthaíodh é. Cuireadh mallacht air de bharr pheaca an duine (Gein. 3:17), ach beidh sé páirteach chomh maith san fhuascailt. Bhí an fhealsúnacht Ghréagach ag iarraidh an spiorad a shaoradh ón ábhar, rud a measadh a bheith olc, ach tá an Chríostaíocht ag fuascailt an ábhair féin.
Dála an dúlra, tá na Críostaithe féin ag tnúth leis an bhfuascailt deiridh; is ábhar dóchais é an slánú. Chuir an peaca smál ar íomhá Dé sa duine; cuireann Críost, Íomhá Dé, ar chumas an duine dul i gcosúlacht níos mó ná riamh le Dia; is aon chlann don Athair eisean agus na Críostaithe. Tá an ghlóir i ndán ag Dia dá thofaigh agus tá an uile ní curtha in ord aige chuige sin (8:18-30). Dúnann Pól an roinn seo le hiomann dóchais faoi chinnteacht an tslánaithe. Tá an fhuascailt agus an slánú a chuir Dia i bhfeidhm ina mbonn cinnte daingean dóchais ag na fíréin go mbeidh an bua acu d'ainneoin chora crua an tsaoil seo; ní féidir d'aon rud iad a scaradh ó ghrá Dé atá in Íosa Críost ár dTiarna (8:31-39). “Ní féidir argóint in aghaidh a leithéid de chinnteacht. Ní chreideann tú é, sin uile, nó, neachtar acu, glacann tú leis mar bhriathar Dé” (C. H. Dodd).
Tar éis do Phól cuntas chomh breá sin a thabhairt ar aois nua an Spioraid téann sé ar aghaidh agus ó 9:1 go 11:36 pléann sé an cheist ghéar: cén fáth mar sin ar dhiúltaigh a chine féin, de réir dealraimh, don chéim dheiridh seo i mbeartas fuascailte Dé? Luann sé ar dtús na pribhléidí go léir a bronnadh orthu tráth, agus ansin cé mar a stiúraigh Dia cúrsa na staire (9:1-33). Ach nuair a fógraíodh an dea-scéal dóibh, thug Iosrael an chluas bhodhar dó (10:1-21). Sé an réiteach deiridh atá ag Pól ar an rúndiamhair seo ná go nglacfaidh Iosrael freisin leis an dea-scéal nuair a bheidh na gintlithe tagtha chun creidimh, nuair a bheidh “iomlán na bpágánach tagtha isteach” (11:1-36).
Is é atá sa roinn mhór dheiridh, 12:1 – 15:13, ná sraith de phrionsabail mhórálta agus de threoracha praiticiúla leis an mbeatha Chríostaí a chaitheamh. Éilíonn aontacht na bhfíréan i gcorp Chríost go gcaithfidís a saol ag fónamh dá chéile le barr grá (12:1-21). Pléitear ceisteanna mar conas déileáil leis an údarás sibhialta agus leis an gcomharsa, agus cén dearcadh ba chóir a bheith ag an gCríostaí i leith aois seo na fuascailte (13:1-14). Comhairlí faoi conas a bheith cáiréiseach i dtaobh choinsias daoine eile go háirithe maidir le bia áirithe a ithe agus le féilte áirithe a cheiliúradh is mó atá sa chuid eile den roinn seo (14:1 – 15:13).
San iarfhocal (15:14-33) labhraíonn Pól ar a aspalacht féin agus ar an turas atá faoi a thabhairt ar Iarúsailéim le bailiúchán do na boicht ansiúd sula dtabharfadh sé a chuairt ar an Róimh; rachadh sé as sin go dtí an Spáinn. Bítear ag caitheamh amhrais faoin gcaibidil dheireanach (16:1-27), go mba fhéidir nár bhain sé ar dtús leis an litir. Sé atá inti ná beannachtaí pearsanta (1-16), rabhadh (17-20), agus beannachtaí ó mheitheal Phóil (21-23) agus clabhsúr molta (25-27).
V
Colosaigh agus Eifisigh
Tá a lán scoláirí in amhras faoi údaracht Phóil i gcás na Litreach chuig na Colosaigh; is mó fós atá in amhras – agus is treise a n‑amhras – i gcás na Litreach chuig na hEifisigh. Is fada ó bheith cinnte iad tuairimí na scolairi, áfach, agus ní miste dá réir sin glacadh le húdaracht Phóil don dul seo.
Colosaigh
Cathair bheag i bhFrigia, in iarthar theas na Tuirce inniu, ab ea Colosae. Bhí sí suite ar bhruach abhann Líocais; ba é an gleann cúng trínar ghabh an abhainn sin an príomhbhealach soir ón Muir Aegéach trí shléibhte Fhrigia. Bhí eolas maith ag an seanstaraithe ar an gcathair dá réir sin. Luadh í mar “chathair mhór” sa chúigiú haois R.Ch. nuair a ghabh Xearxes agus a arm Peirseach tríthi ar a mbealach chun ionradh a dhéanamh ar an nGréig. Dúirt Xeanafón go raibh sí “mór rafar” agus é ag gabháil tríthi in 401 R.Ch. Bhí a bláth ar feo, áfach, le linn Phóil.
Bhí cáil ar an dúiche go léir timpeall an uair sin de bharr a déantús olla. Ba chuid í de chúige Rómhánach na hÁise, cúige a bhí á rialú ó Eifeasas breis agus trí fichid míle siar ó thuaidh. Scriosadh Colosae ó bhonn i gcrith talún i dtreo deireadh na chéad aoise A.D.; níor atógadh í agus rinneadh dearmad glan uirthi ar feadh na gcéadta bliain ina dhiaidh sin. Thángthas ar amharclann agus ar acropoil ar an láthair le linn tochailte san 19ú haois agus aithníodh an tseanchathair. Is beag eile a fuarthas sa tochailt. Is lú é ár n‑eolas ar Cholosae ná ar na cathracha eile ar scríobh Pól chucu.
Sa bheannú (1:1-2) cuirtear Pól i láthair mar “aspal Íosa Críost”, agus luaitear “an bráthair Tiomóid”. Gabhann an t‑aspal buíochas le Dia ar son chreideamh dhóchas agus charthanacht na bhfíréan, agus ar son an chuallacht a bhunaigh Eipeafras, a dheisceabal, a fhás mar a rinne. Guíonn sé ar son na gColosach go mbeadh an eagna acu a threiseoidh leo le go ngnóthóidís páirt in oidhreacht na naomh (1:3-12). D'fhuascail Dia sinn ó chumhacht an dorchadais agus thug isteach i ríocht an tsolais sinn, ríocht a Mhic a d'fhuascail sinn (1:13-14). Is ag Críost atá an tosaíocht i gcóras an tslánaithe (1:15-20). Ba naimhde do Dhia iad na Colosaigh tráth, ach rinne Dia muintearas leo trína Mhac; bídís daingean buanseasmhach anois sa chreideamh (1:21-23).
Tá Pól, an cime, ag fulaingt ar son na cuallachta nua; tá seisean freisin páirteach in obair an athmhuintearais. Sé aspal na ngintlithe é agus dá bhrí sin is maor é san Eaglais agus tá sé i bhfeighil “na rúndiamhaire a bhí ceilte ar feadh na gcianta” .i. go bhfuil na gintlithe á nglaoch chun slánaithe agus chun glóire i bpáirt le Críost. Is cúram leis fiú na cuallachtaí i bhFrigia nach bhfaca sé riamh; guíonn sé go mbeadh misneach ina gcroí i gceangal an ghrá; agus go bhfaighidís tuiscint ar rúndiamhair Dé a chosnódh iad ar gach seachrán (1:24 – 2:5).
Tá glactha acu le Críost; mairidís ann agus seachnaídís an fhealsúnacht bhaoth a dhéanfadh daoir arís díobh (2:6-8). Is é Críost aon cheann na n‑aingeal agus aon cheann an chine dhaonna; is ann amháin atá Dia á fhoilsiú. Aontaítear an Críostaí leis ina bhás agus ina aiséirí, agus dá réir sin, i gCríost, níl sé faoi aon chumhachtaí aingeal. Chuir an dlí an peaca ar a shúile don duine agus chiontaigh sé é; ach tá an chairt sin anois ar ceal, básaithe; scrios íobairt fhuilteach Chríost í. De réir thraidisiún na nGiúdach bhí na cumhachtaí aingeal ar chúl an dlí (cf. Gníomh. 7:53; Gal. 3:19; Eabh. 2:2) agus bhí sé mar áis acu le bheith ag tiarnú ar an duine. Is léir anois go bhfuil siad faoi cheannas Chríost, gafa mar bhránna aige i gcaithréim na croise (2:9-15). Dá nglacfadh na Colosaigh le teagasc na nGiúdóirí bréagacha bheidís arís faoi chuing ag na cumhachtaí aingeal (2:16-23). Ach tá siad aiséirithe le Críost agus tá siad le cúl a thabhairt le nithe ar talamh, agus díriú ar na nithe atá ar neamh. Tá a mbeatha folaithe fós i gCríost, ach lena Théarnamh nochtfar a glóir (3:1-4).
Leanann an chuid mhórálta den litir. Ní mór do na Colosaigh duáilcí na bpágánach a sheachaint ós rud é go bhfuil nádúr nua curtha umpu acu agus go bhfuil siad cruthaithe as an nua in Íosa Críost. Tá cineáltas, uirísle agus foighne le cleachtadh acu. Bíodh grá agus síocháin i réim ina measc; bídís buíoch, agus déanaidís gach ní in ainm an Tiarna Íosa (3:5-17).
Tugtar treoracha ar leith ansin (3:18 – 4:1) ag baint le saol an teaghlaigh agus caidreamh máistir le daoir. Spreagtar síorurnaí, agus iarrann Pól ar na fíréin guí ar a shon féin (4:2-4). Molann sé críonnacht agus cúirtéis ag plé le díchreidmhigh (4:5-6).
Tá Tichiceas agus Onaesamas á gcur ag Pól go Colosae. Seolann sé beannachtaí a chompánach. Iarrtar ar na Colosaigh beannú do chuallacht Láoidícéa agus litreacha a mhalartú leo (4:7-17). Breacann Pól an beannú deiridh lena láimh féin (4:18).
Is é pearsa agus saothar Chríost téama láir na litreach seo. Is é Críost bonn aontais scríbhinní uile an Tiomna Nua, ach is annamh é curtha i láthair chomh glórmhar, chomh huasal, chomh diamhair, agus atá sa litir seo. Is é Críost Mac Dé, Íomhá Dé, céadghin na cruthaíochta, ceann na hEaglaise, agus is aige atá an tosaíocht ar gach slí. Is ann atá lánmhaireacht Dé ina chónaí; is tríd a dhéantar athmhuintearas idir an tAthair agus an uile ní. Maireann a bhriathar i ngach duine a chreideann; fásann siad uile chun foirfeachta spioradálta ann; beatha nua atá acu feasta, mar fuair siad bás ann; agus d'aiséirigh siad leis agus tá a shíocháin i réim ina gcroí. Leanann Pól ar aghaidh ó íomhá go híomhá, ó fhrása go frása, ag iarraidh tuairisc níos iomláine a thabhairt ar an Tiarna – rúndiamhair Dé, ciste na heagna agus an eolais, agus dóchas na glóire. Preabann pictiúr glórmhar de Chríost os comhair ár súl fiú más go mear féin a léimid ar aghaidh.
Agus an tuairisc niamhrach seo, tá sí á tabhairt ar dhuine a fuair bás náireach poiblí ar chros. Cá bhfuair Pól an radharc seo ar Chríost, nó na focail lena chur in iúl? Is féidir iarracht de fhreagra a thabhairt ar an gceist seo. Bhí ar a chumas ag Pól labhairt mar seo, agus fiú a bheith ag tnúthán ina chroí cibé easnamh a bhí ar pheannaidí Chríost a dhéanamh suas ina cholainn féin (1:24), de bhrí gur theagmhaigh sé féin go díreach le Críost Aiséirithe. An teagmháil thréan seo, a bhfuil a rian cheana féin ar na litreacha roimpi seo (1 Teas. 1:10; 4:4; 1 Cor. 15:3-8; 2 Cor. 3:17-21; Gal. 2:20; 5:1; Rómh. 1:4-6; Fil. 3:7-11 etc.), ba í a bhí mar bhonn daingean faoin tslí inar fhógair sé an creideamh agus Críost féin ina lár istigh. San am céanna ba bheag tairbhe an fhógairt seo féin mura mbeadh glóir an Tiarna arna aiséirí ag lonradh i gcroíthe a lucht éiste. Bhí an creideamh beo a bhí acusan ina mhacalla ar chinnteacht dhobhogtha an aspail. Ba ghá treoir a thabhairt dóibh anois agus arís, agus rabhadh gan filleadh ar a ndíchreideamh, ach mar sin féin bhí an oiread sin tuisceana acu ar theachtaireacht an aspail gur fhéad sé teagasc chomh huasal chomh hoirirc faoi Chríost a mhúineadh dóibh le héifeacht – agus dúinne féin san fhadtéarma.
Eifisigh
Ba í Eifeasas príomhchathair chúige na hÁise agus ba chaoithiúil an áit í mar lárionad misinéireachta. Thug Pól cuairt uirthi don chéad uair i dtreo dheireadh na bliana 52 A.D. agus é ar a shlí go Iarúsailéim ag deireadh an dara turas misinéireachta (Gníomh. 18:19-21). D'fhill sé ar ais ar an gcathair le linn a thríú turas agus d'fhan ann trí bliana nach mór (Gníomh. 19-21). Chuir sé misinéirí uaidh ón áit sin ar fud chathracha na hÁise.
Tá na scoláirí ar aon aigne geall leis anois nár seoladh an litir seo “chuig na hEifisigh” chucu siúd ar aon chor sa chéad áit. An teideal “chuig na hEifisigh” is breis dhéanach é. Agus na focail “in Eifeasas” in 1:1, níl siad sna lámhscríbhinní is barántúla, ná sna tagairtí is ársa ag na hAithreacha. Tugann an t‑údar le tuiscint ina theanntasan nach bhfuil aithne phearsanta aige féin agus a léitheoirí ar a chéile; ba dheacair a leithéid a bheith i gceist dá mbeadh ar a laghad trí bliana caite aige ag saothrú ina measc (Gníomh. 20:31). Má ghlactar leis gurb é Pól an t‑údar – rud nach bhfuil lándeimhnitheach – is léir go bhfuil sé i bpríosún; sin é an fáth a n‑áirítear an litir i measc na “litreacha ón ngéibheann”. Nuair a chuirtear san áireamh an dlúthcheangal atá idir Eifisigh agus Colosaigh is é an chéad “ghéibheann tí”, idir 61 agus 63 A.D., is dóichí atá i gceist.
Tá Pól níos suaimhneasaí agus níos miúiní in Eifisigh ná in aon scríbhinn eile dá chuid. Bhraithfeá geall leis gurb é a bhí i gceist aige a dhéanamh, i dtreo deireadh a shaoil, léargas aontaithe a thabhairt do na Críostaithe go léir, go háirithe dóibh siúd a d'iompaigh ón bpágánachas, ar “rúndiamhair” Chríost, gan ionsaí á dhéanamh aige ná á dhéanamh faoi. Tá Eifisigh, dá réir sin, ar an litir is fairsinge agus is “caitlicí” de litreacha Phóil. Gan 1:1-2 agus 6:21-24, is beag de chló litreach a bheadh uirthi. Is cosúla í le tráchtas nó homaile i bhfoirm litreach. Bhí iarracht déanta roimhe sin ag Pól i Rómhánaigh a thuiscint ar an soiscéal a chur chun cinn. Ach anois tar éis na géarchéime a bhí i gColosae, bhraith sé nár mhór dó a dhearcadh a shoiléiriú agus a chur in iúl níos gléine i gcaint bunaithe ar an tuairimíocht a bhí sa siúl i gColosae. Dá bharrsan d'éirigh leis an soiscéal a thuiscint agus a chur i láthair faoi thomhas urnua.
Sa bheannú féin (1:1-2) fógraíonn Pól a lán de phríomthéamaí na litreach: a aspalacht féin, naofacht agus dílseacht a léitheoirí, a mbeatha i gCríost, grásta, síocháin, agus beartas Dé.
Sé atá aige i dtús na litreach, áfach, ná paidir mhór altaithe atá bunaithe ar an berakah Giúdach. D'fhéadfá a rá gur guí mhór fhada, nó sraith de ghuíonna, atá sa chéad chuid d'Eifisigh. Tá altú Phóil anseo (1:3-14) ar an gceann is faide dá shórt sa Tiomna Nua. Áiríonn sé na beannachtaí a bhronn Dia: thogh sé sinn le bheith naofa (v. 4), réamhordaigh sé sinn inár gclann aige féin (v. 5), d'fhuascail sé sinn agus mhaith dúinn ár gcionta (v. 7), agus nocht sé “rún” a thola dúinn (vv. 9-10). Sna véarsaí sin go léir tá Pól ag cur béime ar a lán pointí atá mar a bheadh ina n‑achoimre ar an litir go léir. Is le Dia an tAthair amháin é dul i mbun birt maidir le “rúndiamhair” ár slánaithe; is tabhartas é, dá bhrí sin, beannacht, agus cuspóir a ghrá, an beartas seo a bheartaigh sé féin amháin. Sé Críost, áfach, croílár an bheartais seo, agus is é a chuireann i gcrích é. Cruthaíonn sin arís gur tabhartas nár tuilleadh é ár slánú; sé Dia amháin a d'aimsigh agus a chinntigh é, gan spleáchas linne; ní ionainne, ach i gCríost, a cuireadh i gcrích é. Grásta glan amach is ea ár slánú.
In vv. 11-14 déanann Pól idirdhealú idir an dá mhóraicme: na Giúdaigh a bhí ar “na chéad daoine a chuir a muinín i gCríost” (v. 12), agus na gintlithe “a chuala scéal na fírinne” (v. 13). Tá an dá dhream aontaithe le chéile anois i bpáirt chun na beannachta atá fógartha aige. Nuair a bhaineann sé feidhm as an bhfocal “oidhreacht” (v. 14) cuireann Pól i gcuimhne dá léitheoirí nach bhfuil beartas ár slánaithe curtha i gcrích go hiomlán fós maidir linne; caithfimid greim a fháil air. I gcúrsa na litreach seo luafar an bheannacht iontach seo faoina gnéithe iomadúla.
Níl an t‑altú seo ach curtha de aige nuair chromann Pól ar ghníomh mór buíochais ar son chreideamh agus ghrá a lucht éiste (1:15-16). Gan mhoill gan snagadh déanann impí den bhuíochas. Leanann an impí seo ar aghaidh go 2:22. Guíonn Pól go gcuirfeadh a léitheoirí “aithne” ar an “dóchas” ar glaodh orthu chuige (vv. 17-18). D'ainneoin a gcreidimh agus a ngrá, dá bhrí sin, ní foláir dóibh, dar leis, dul chun cinn ina ngairm. Tugann sé le tuiscint leis, cé go bhfuil sé ag iarraidh an “rúndiamhair” a mhíniú dóibh, mar sin féin, nach trína mhíniú soiléir uirthi, ná de bharr a n‑iarrachtaí féin, ach mar thabhartas grásta ó Dhia a gheobhaidh siad radharc uirthi. Ní iarracht dhaonna é an creideamh, dar le Pól, ach cumhacht Dé ag dul i bhfeidhm ar an gcreidmheach (v. 19). Sí seo an chumhacht chéanna agus a bhí ag gníomhú in aiséirí agus i ndeascabháil Chríost, ag cur bheartas Dé chun cinn, beartas a chuirtear i láthair anseo arís (vv. 20-23), agus na coincheapa eaglais, corp, agus lánmhaire á lua mar aon leis (vv. 20-23). Chuir Críost a thiarnas in iúl ar fud na cruthaíochta uile, ó ifreann thíos go neamh thuas, trína bhás, a aiséirí, agus a dheascabháil. Ar an tslí sin tá an chruthaíocht “líonta” de, agus is í a iomláine í. Is í an Eaglais amháin a aithníonn agus a admhaíonn an “iomláine” sin, agus sa mhéid sin is í a “chorp” í.
Ní bhíonn ach deireadh ag Pól leis an nguí seo (1:15 – 2:22), nuair a chromann ar ghuí eile arís (3:1-19). Ní chuireann sé cuspóir a ghuí in iúl go dtí v. 16. Idir an dá linn tráchtann sé go gabhlánach ar a aspalacht agus ar a mhisean féin (vv. 2-13). Ach á dhéanamh sin dó, ní foláir dó nádúr na rúndiamhaire (v. 6) agus feidhm na hEaglaise a lua (v. 10). Tá a ghuí anseo ar mhaithe lena léitheoirí ar aon dul cuid mhór léi siúd in 1:17-19. Is guí í ar son a ndul chun cinn i gcreideamh agus i ngrá agus i dtuiscint ar an “rúndiamhair”, le go ndéanfaidís a nglaoch mar lánmhaire iomlán Dé, an Eaglais is é sin, a chomhlíonadh (vv. 16-19). Is leasc le Pól scor den urnaí agus seo leis ag moladh Dé agus ag admháil an chreidimh sa Dia sin atá de shíor ag obair ionainn (3:20-21).
Tá an roinn mhorálta den litir (4:1 – 6:20) ag lonradh faoi ghlioscarnach an teagaisc niamhraigh a ghabh roimpi. Déanann Pól ar dtús impí ar son na haontachta (4:1-16). Ní bheadh aighneas idir Críostaithe ag teacht leis an aontas a ba chóir a bheith mar thoradh ar an aon Spiorad, ar an aon Chorp, ar an aon Tiarna, ar an aon chreideamh, ar an aon bhaisteadh, agus ar an aon Athair amháin a bheith acu go léir. Na tabhartais ar leith, is ar son tógála an Choirp in iomláine Chríost iad (4:7-11). Déanfar teagasc eiriciúil a chloí trí aontú le Críost an Ceann a dhlúthaíonn an Corp le chéile. Na Críostaithe a thug cúl lena seanbhealaí, seachnaídís an bhaois a chleachtaídís agus mairidís an bheatha nua i gCríost (4:17-24). Tugann Pól treoracha ar leith ansin i dtaobh moráltachta pearsanta faoi stiúir na carthanachta (4:25 – 5:5). Ansin tá comhairlí faoi chaidreamh sóisialta lena chéile agus le págánaigh (5:6-17), agus faoin liotúirge (5:18-20).
Tugann sé aitheasc ansin do fhir agus do mhná céile (5:21-33). An caidreamh nua a bheidh idir fear agus a bhean, ní foláir é a bhunú ar chaidreamh Chríost leis an Eaglais. Tugann sé seo caoi do Phól íomhá eile fós den Eaglais a chur i láthair. Níos luaithe in Eifisigh, chuir sé an Eaglais chun cinn mar Chorp Chríost (1:23; 4:16), agus mar theampall naofa (2:21). Anois is í céile Chríost í; is dlúthchaidreamh pearsanta dá réir sin atá idir Críost agus an Eaglais.
Leanann aitheasc do leanaí agus do thuismitheoirí, agus sin go nádúrtha, ina dhiaidh sin (6:1-4). Tuigtear do Phól nach mbaineann tuiscint cheart ar an “rúndiamhair” leis an intleacht amháin, ach go dtéann sé i bhfeidhm ar ár n‑iompar pearsanta, ar ár n‑iompar sa bhaile agus ar ár n‑iompar sa tsráid amuigh. Bhain na daoir go dlúth leis an teaghlach féin le linn Phóil. Ní aon ionadh mar sin gur thuig sé go raibh creideamh i gCríost le dul i bhfeidhm ar chaidreamh an mháistir lena dhaoir freisin (5:5-9).
In 1:19, 3:16 agus 3:20 tagraíonn Pól do chumhacht Dé ag dul i bhfeidhm ar an gcreidmheach. Spreagann sé a léitheoirí anois chun dul i muinín na cumhachta sin ina gcath in aghaidh fórsaí an oilc (6:10-27). Naimhde na gCríostaithe, féach gurb ionann iad agus iad siúd a bhí cloíte ag Críost cheana féin. Níl aon amhras faoi theachtaireacht Phóil: tá beartas slánaithe Dé curtha i gcrích go hiomlán i gCríost, ach níl sé comhlíonta go hiomlán fós ina bhaill. Bua Chríost, sin é an t‑urra atá againne go gcuirfimid ár slánú i gcrích, ar choinníoll go ndéanfaimid sinn féin a iompar ar shlí a bheadh ag freagairt d'fhoilsiú an bhua sin.
Má bhí páirt mhór ag an urnaí sa chéad roinn mhór den litir seo, ní ionadh go mbeadh Pól ag spreagadh a léitheoirí chun urnaí sa roinn seo leis (6:18-20). Tabhartas ó Dhia is ea an urnaí “faoi luí an Spioraid” (v. 18); is tríthi a thuigeann na Críostaithe nach iad féin is údar don “rúndiamhair” ina bhfuil siad gafa, ach gur ó Dhia féin a d'eascair sí agus go n‑éilíonn sí fáilte uathu. Ghuigh Pól ar son a léitheoirí roimhe seo (1:15-22; 3:1-19), ach anois iarrann sé a n‑urnaí ar a shon féin; níl ann ach “toscaire an dea-scéil” (6:20), an dea-scéal sin a shlánaíonn, agus nach é a bhriatharsan é ach briathar Dé féin.
VI
Na Tréadlitreacha
Ginearálta
Aonad ar leith i measc litreacha Phóil is ea an dá litir go Tiomóid agus an litir go Títeas. Ó thús an ochtú haois déag tugtar na Tréadlitreacha orthu. Ós rud é go bpléann siad go léir le cáilíochtaí agus cúraimí lucht freastail ar an bpobal Críostaí, is áisiúil mar theideal é seo. Tá aontas foclóra agus stíle chomh maith le haontas ábhair i gceist. Ní cás dá bhrí sin plé leo go léir le chéile don dul seo.
D'ainneoin traidisiúin an-láidir ar thaobh údaracht Phóil, ó thús an 19ú haois bhíothas ag caitheamh níos mó agus níos mó amhrais faoi ar bhonn criticiúil. Tá na scoláirí inniu ar aon aigne: ní hé Pól a scríobh na Tréadlitreacha, ach duine éigin eile ina ainm; is súdscríbhinní iad dá réir sin. Ba ghnás coitianta, a raibh glacadh iomlán leis, an tsúdscríbhneoireacht – agus an t‑ainm cleite – i ré an Nua-Thiomna, i measc na Heilléanach agus i measc na nGiúdach. I scoileanna fealsúnachta agus leighis na nGréagach, ba ghnáth le deisceabal a shaothar a fhoilsiú faoi ainm a mháistir; ar an tslí sin d'admhaigh sé gur óna mháistir a fuair sé an oiliúint agus an t‑eolas. Ba nós ainm cleite a bheith i gcónaí le scríbhinní apacailipteacha i measc na nGiúdach. Glactar le fada leis gur faoi ainm cleite atá 2 Peadar. An bhfuil súdscríbhinní sa Nua-Thiomna? – ní hí sin an cheist ar aon chor ach: Cé méid díobh atá ann?
Na Tréadlitreacha
Scríobhadh na litreacha seo go léir in idirlinn, timpeall na bliana 110 A.D. Scríobhadh iad nuair a bhí an chéad ghéarleanúint faoi Dhoimitian thart (96 A.D.) ach go raibh macalla di le clos anois agus arís fós ar fud na hÁise Bige (cf. Iognáid Aintíoch agus Litir Phlinias chuig Tráiánas). Scríobhadh iad nuair a bhí litreacha Phóil á gcnuasach ina lán láithreacha a raibh baint aige leo. Scríobhadh iad leis nuair a bhí na Gnóisígh á dhearbhú go raibh Pól ag tacú lena ndearcadh diúltach féin ar an saol. Scríobhadh iad nuair a bhí na cuallachtaí Críostaí ag forbairt, ag bogadh amach ón gcúlráid agus ag aontú mar Eaglais uilíoch i ndomhan mór ilghnéitheach, agus ag glacadh leis na nithe fónta sna cultúir ina dtimpeall chucu féin, ag teanntú le haidhmeanna dea-rialach agus dea-eagair agus ag cothú na dea-shaoránachta.
Is é rud is mó ar bhain an t‑údar feidhm as lena mhuintir a threorú anonn slán ón aois aspalda go dtí an Eaglais iaraspalda, íomhá Phóil. Is é Pól aspal na hEaglaise faoi bhealach. Ní hiad an dáréag ach eisean foinse thraidisiúin na dTréadlitreacha. Eisean aspal na fulaingthe, eisean an martar. Déanann a pháis agus a bhás na hiomainn agus na dearbhuithe creidimh sna Tréadlitreacha a mhíniú. Tugann a shampla misneach do na Críostaithe agus géarleanúint go bás ag bagairt orthu. Pól, an peacach is mó, is mór an sólás é do na Críostaithe nua agus iad á mbaisteadh isteach sna cuallachtaí a bhunaigh sé. Tugann Pól a údarás aspail do na haithisc ag spreagadh chun na dea-bheatha in 1 Tiomóid agus i dTíteas. Tá na haithisc chéanna seo ag réiteach go hiomlán leis an eitic shaolta is uaisle a bhí á múineadh sa ré sin. Sé Pól an crann bagair in aghaidh na heiriceachta lena theagasc, agus go háirithe lena shaol anróiteach agus lena bhás mar mhartar ar son an tsoiscéil. Ní don bheagán ar leith é soiscéal Phóil, ach don saol mór. Cuireann a shoiscéal Dia os ár gcomhair mar chruthaitheoir lách. Déanann Pól feabhas na cruthaíochta agus beannachtaí an phósta a chosaint in aghaidh na nGnóisíoch. Tugann an t‑údar Pól chun cuimhne mar a dhéanann, dá bhrí sin, d'fhonn fís a dhearadh do na heaglaisí faoi bhealach. Má leanann na heaglaisí lorg seo Phóil rachaidh siad anonn isteach i ré nua; gnóthóidh an Chríostaíocht críocha nua sna machairí daonna.
Tá a fhios ag údar na dTréadlitreacha nach bhfuil dul ar aghaidh i ndán don Eaglais gan struchtúr. Ní féidir seachadadh gan chóras. Ní mór struchtúr dá bhrí sin a bheith sna heaglaisí faoi bhealach – buíon seanóirí, nó féitheoir, abair. Níl sé docht ina thuairimí, ceadaíonn sé rogha struchtúr, grúpa nó duine aonair, fad tá struchtúr éigin ann.
Éilíonn sé “teagasc folláin” chomh maith. Tá sé ag cur catha ar na Gnóisígh agus san am céanna ag iarraidh an ceangal a choimeád le traidisiún Phóil; leagann sé béim dá bhrí sin ar an teagasc a chothaíonn fuinneamh agus sláinte sa chuallacht Chríostaí. Ní stór fuar gan anam an “teagasc folláin”, ná “taisce” an chreidimh, ná na ráitis chinnte. Tá sé de chúram ar na huachtaráin – lucht an struchtúir san Eaglais faoi bhealach – an “teagasc folláin” a fhorbairt, agus é a chur i bhfeidhm arís agus arís eile i gcúinsí nua. Nuair a dhéantar amhlaidh foilseofar gnéithe nua de thaisce an chreidimh arís agus arís eile.
Duine praiticiúil é an t‑údar. Le linn na forbartha is beag uain atá aige do thuairimíocht nach dtéann i bhfeidhm ar iompar daoine. Ní leor caitheamh i ndiaidh an teagaisc fholláin le céimniú ar aghaidh san idirlinn. Caithfidh cuimhne an teagaisc a bheith beo i mbearta fónta an lae inniu. Leanann an t‑údar an prionsabal: “ar an toradh a aithnítear an crann”.
Ní foláir do na Críostaithe, a bheidh páirteach san oilithreacht anonn, a bheith gan cháim ina n‑iompar. Caithfidh siad a thaispeáint don mhuintir gan chreideamh nach baol don mhaith choiteann an Chríostaíocht; gur saoránaigh mhaithe iad na Críostaithe. Le linn na forbartha tá gá le solúbthacht agus sin fiú sa struchtúr féin. Glacann an t‑údar le hiasachtaí áisiúla ó thraidisiúin aitheascacha chultúr na linne, agus tugann comhairlí ilghnéitheacha dá lucht éiste. Nuair a fheiceann sé go bhfuil gá le struchtúr nach bhfuil a leithéid ar fáil sa chultúr ina thimpeall, molann sé ceann nua, ord na mbaintreach (1 Tiom. 5:9-15). Cé go n‑éilíonn sé struchtúr san Eaglais ní éilíonn sé go mbeadh an cló céanna air i gcónaí. Ní raibh aighneas a thuilleadh faoi “oibreacha an dlí” agus dá bhrí sin cuireann sé teagasc Phóil faoi fhíréanú trí chreideamh i bhfeidhm ar chúinsí eile.
Teagasc
Sé tuairim an údair faoi Dhia atá mar bhonn lena theagasc. Múineann sé gurb é Dia an Tiarna agus an Cruthaitheoir; ansin is féidir leis ionsaí a dhéanamh ar na Gnóisígh a shéanann go bhfuil aon mhaith sa chruthaíocht. Tá Dia, an Cruthaitheoir, uilemhaith; is féidir leis an údar dá bhrí sin Pól a leanúint agus feidhm a bhaint as córas mórálta saolta (cf. Fil. 4:8), agus fiú dul níos faide ná Pól féin sa treo seo; baineann sé feidhm as an teagasc mórálta saolta is fearr atá ar fáil dó lena eaglaisí a ghríosadh.
Toisc go leagann sé an bhéim chomh mór sin ar Dhia an Cruthaitheoir agus an tArd-Tiarna, níl diagacht Chríost ná an Chríosteolaíocht á mbrú chun cinn aige. Toisc gur shéan na Gnóisígh an mhaith ábhartha, tugann sé tábhacht bhreise do dhaonnacht Chríost. Tháinig Dia inár measc sa duine Íosa Críost; an té ar mian leis aithris a dhéanamh ar Íosa, ní mór dó, in áit droim láimhe a thabhairt leis an saol, bheith páirteach ann é féin agus cabhrú leis na hinstitiúidí a chothaíonn an bheatha dhaonna.
Múineann an t‑údar go ndéanann na heaglaisí, a n‑éiríonn leo athchóiriú a dhéanamh, iad féin a dhlúthú le Dia le cabhair na hurnaí agus an liotúirge. Agus maidir leis an liotúirge, bíodh sé ina liotúirge a théann i bhfeidhm ar an saol laethúil. An Críostaí a spreagann a chré chun dea-iompair é, tuigeann seisean cad is ciall lena chré. Dea-oibreacha an cruthú go bhfuil an Eaglais ar an mbealach ceart chun athchóirithe.
Feicimid mar sin gurb iad na prionsabail mhóra ar a mbunaíonn an t‑údar an t‑athchóiriú: Dia bun agus barr gach ní; feabhas na cruthaíochta; daonnacht Chríost; agus an dea-iompar. Déanann sé faillí dá réir sin ar ghnéithe tábhachtacha eile diagachta. Is beag lua atá aige ar an Spiorad Naomh; ní théann sé thar phlé beag ar thíolacthaí an Spioraid i gcás na n‑uachtarán. Níl sé caoithiúil aige aon mhachnamh puinn a dhéanamh ar na tátail a bheadh le baint as focail Phóil: “Is ionann an Tiarna agus an Spiorad, agus aon áit a mbíonn Spiorad an Tiarna bíonn saoirse ann” (2 Cor. 3:17), nó: “Ós é an Spiorad atá dár mbeoú, leanaimis a threoir” (Gal. 5:25).
Is laige leis i ndiagacht an údair é gur mar dhubh is geal amháin a fheiceann sé an choimhlint leis na Gnóisígh. Murab ionann agus iadsan, ní théann sé i ngleic le fadhb an oilc. Rinne siadsan amhlaidh, áfach, agus sé freagra a bhí acu ná cúl a thabhairt leis an saol ar fad. Déanann ár n‑údar an mhaith sa chruthaíocht agus in institiúidí daonna a dhearbhú, agus spreagann sé na heaglaisí lena gcuid féin a dhéanamh den saol, agus an saol a mhúnlú agus a chur chun cinn. Ní thugann sé freagra, áfach, ar dhaorbhreith na nGnóisíoch ar shaoltacht na diagachta sin. Ní miste don Chríostaí dá bhrí sin a oiltear ar dhiagacht na dTréadlitreacha an bheatha Chríostaí agus an bheatha dhaonna a cheiliúradh; ach más cás leis an t‑olc agus fadhb an oilc, ní mór dó dul ar thóir freagraí i mball éigin eile.
Tráthúlacht
Is iomaí ceacht atá le foghlaim againn ó na Tréadlitreacha inniu san athchóiriú atá ar siúl agus sinn ag dul anonn ón Eaglais mar a bhí roimh Vatacáin II go dtí an Eaglais mar a bheidh ina dhiaidh. Tá ceacht na dílseachta acu dúinn sa chéad áit. Mura bhfanfadh na heaglaisí a bhí i gceist sna Tréadlitreacha dílis don soiscéal le linn an t‑athchóiriú don ré iaraspalda a bheith ar siúl acu, bheadh deireadh leo. Ach ní ionann dílseacht agus dolúbthacht. Ní amhlaidh a mholann an t‑údar tallanna thraidisiún Phóil a chur sa talamh nó go mbeadh na stoirmeacha thart. Gluaiseann sé ar aghaidh le misneach isteach sa ré nua agus i saol de shórt eile ag iompar an taisce. Bíonn an rath ar a chreideamh agus ar a dhóchas. Tá seoda nua á n‑aimsiú sa taisce. Níl eagla air roimh dhul chun cinn san eolaíocht ná sa chultúr sa saol ina thimpeall; tá an mhaith le ceapadh i líon na hEaglaise. Ní chloistear uaidh: “Ní fhacamar riamh a leithéid; sin rud nach ndearnamar.” Ach nuair is gá é, is féidir leis seasamh in aghaidh tuile an tsaoil agus an chultúir, sea agus institiúid nó struchtúr a bhunú a fhreagraíonn dá fhís agus dá chreideamh (cf. ord na mbaintreach, 1 Tiom. 5:9-15). Ní chuireann bagairt ghéarleanúna de mhórbhóithre an tsaoil é. Tá col aige leis an aigne chúng agus fógraíonn sé misean uilíoch de réir thoil Dé arb é a mhian an uile dhuine a shlánú.
Tá leigheas sna Tréadlitreacha ar an gclaonadh chun éalú ón daonnacht féin; cabhraíonn siad linn leis an lámh uachtair a fháil ar an gcathú dul ar thóir na háille suthaine i bhfad ó chíréib an tsaoil atá chomh caiteach ragairneach sin. Cuireann siad iachall orainn a ceart a thabhairt don daonnacht, don daonnacht sin inar chónaigh Dia ár Slánaitheoir inár measc. Is tríd an daonnacht sin a chruthaímid ár ndílseacht do Dhia agus dár gcomharsa ó lá go lá. Ní sa diúltú don choinníoll daonna atá ár slánú le fáil.
VII
Eabhraigh
Glactar leis d'aonghuth inniu, d'ainneoin seantraidisiúin, nárbh é Pól a scríobh an Litir chuig na hEabhraigh. Tá an-difir idir foclóir, stíl agus diagacht na litreach seo agus scríbhinní Phóil. Níl ainm cleite i gceist sa chás seo; ní luaitear Pól ar aon chor. Ag Dia féin atá a fhios cé scríobh, faoi mar a dúirt Origen fadó. Ní féidir a bheith cinnte faoi log a scríofa ach chomh beag. D'fhéadfadh leid faoin Iodáil a bheith i gceist sa bheannú deiridh: “hoi apo tés Italias” (13:24). Ach b'fhéidir an chiall “an mhuintir a tháinig ón Iodáil” a bheith leis na focail seo leis, nó “na hIodáiligh”, cibé acu atá siad san Iodáil nó nach bhfuil. Ar bhonn na bhfocal seo tá sé mar thuairim ag daoine áirithe gur chuig an Iodáil a scríobhadh í. Maidir le dáta, tugann Cleimint na Róimhe ráiteas aisti (c. 95 A.D.), agus caithfidh sé gur sine ná an tráth sin í. Is é is dóichí gur doiciméad í a bhaineann leis an dara glúin de Chríostaithe agus le hochtóidí na chéad aoise.
Cibé duine a scríobh an Litir chuig na hEabhraigh, bhí sé an-eolach ar an traidisiún Giúdach. Is léir sin ó na tagairtí iomadúla don Sean-Tiomna agus d'institiúidí an tSeanChonartha. Bhí togha na Gréigise aige freisin. Is óna pheann cuid den Ghréigis is oilte sa Tiomna Nua. Bhí taithí aige ar thuairimíocht Ghréagach agus bhain sé feidhm anois agus arís as téarmaí teicniúla mar “scáil” (8:5; 10:1), “macasamhail” (9:23). Tugann na téarmaí sin agus an úsáid a bhaineann sé astu leid dúinn faoi dhéachas a dheighil an réalachas neamhaí óna scáil shuarach thalmhaí. Tá cumasc uaigneach den dá shruthán smaointeachais in Eabhraigh, dá bhrí sin, an Giúdachas agus an fhealsúnacht Ghréagach.
Tá práinn agus íogaireacht le léamh ar Eabhraigh. Cuireann sin ar a súile do na scoláirí nach litir dáiríre í an Litir chuig na hEabhraigh. Is mór idir a tosach agus tosach na litreacha eile. Níl údar, ná cuallacht luaite; níl beannú ná faisnéis phearsanta inti faoi mar atá sna litreacha eile (e.g. 1 Cor. 1:1-17). Bíonn an bhéim in Eabhraigh i gcónaí ar an bhfocal béil, agus ní ar an bhfocal scríofa. An beagán véarsaí a bhfuil cló eipistleach orthu tá siad i dtreo a deireadh (13:19, 22-25), agus is dócha gur breis dhéanach iadsan.
Is é atá in Eabhraigh dá bhrí sin ná homaile a tugadh ó bhéal ar dtús agus a seoladh ansin i bhfoirm scríofa go dtí cuallachtaí eile le misneach a thabhairt dóibh. Tugann sin treoir thábhachtach dúinne le tuiscint a fháil uirthi. In áit í a léamh, ní foláir dúinn éisteacht léi. Cuirimis sinn féin inár suí i measc an lucht éiste, agus ansin braithfimid go mbaineann an teachtaireacht níos dlúithe linn agus go bhfuil sí dírithe níos mó orainn. Tuigimid dúthracht na cainte níos mó nuair a bhíonn a fhios againn gur seanmóirí é an t‑údar agus go bhfuil a phobal á spreagadh chun aithrí agus dílseachta aige. Ag éisteacht le hEabhraigh dúinn, feicimid cé chomh dícheallach is atá an cainteoir ag iarraidh a sprioc a aimsiú.
An Teachtaireacht
Tuigimid dúthracht agus cíocras an tseanmóirí nuair a thugaimid cluas dá bhfuil le rá aige. Tá dhá théama ina theachtaireacht – brí an ionchollaithe, agus a thábhacht don chreidmheach. Sé is brí leis an ionchollú ná gur maitheadh an peaca faoi dheireadh trí íobairt Íosa. Toisc gur chuir Íosa é sin i gcrích trína ofráil féin ina bhás ar an gcros, is féidir don chreidmheach anois teacht i ngar do Dhia. Tá fál an pheaca idir Dia agus a phobal scriosta. Ní raibh i stair an tseanchonartha go léir, dar leis an seanmóirí, ach iarrachtaí in aisce maithiúnas a fháil. Taispeánann sé go bhfuil dlí, cultas agus íobairtí an tSean-Tiomna go léir gan tairbhe d'fhonn is go bhfoilseofaí iontas íobairt Íosa in iomlán a ghrásta. Mhaith Dia ár bpeacaí dúinn in Íosa aon uair amháin agus an uair dheireanach.
Tá barr tábhachta leis seo don chreidmheach. Ar dtús is bonn daingean dóchais agus muiníne é. Níl a thuilleadh gá le heagla, mar shaor Íosa sinn agus leanann sé air ag idirghuí ar ár son. Ansin sa dara háit, ní foláir don chreidmheach droim láimhe a thabhairt lena bhfuil thart agus gluaiseacht ar aghaidh le creideamh in Íosa Críost, Mac Dé. Is dream spíonta iad “na hEabhraigh” atá curtha dá saol. Tá súil na dúile á caitheamh siar acu i dtreo an tsaoil rafair a bhí acu mar phobal an tseanchonartha. Tá leathfhonn orthu géilleadh agus filleadh ar an seanchóras.
Tá an seanmóirí á ngriogadh arís agus arís eile greim a choimeád ar a bhfuil bainte amach acu. Tá sé ag tagairt arís agus arís eile do na gnéithe ba luachmhaire den seanchóras, á thaispeáint go raibh siad gan éifeacht d'ainneoin a n‑áille. Ach fág gurbh fhada ó bheith foirfe dóibh, ba mhéar ar eolas iad do chonradh nua, do chonradh foirfe a bhí le teacht. Tá an conradh nua sin curtha i gcrích in Íosa. An dtréigfidís an conradh foirfe ar son seanchonartha gan éifeacht? An gcaithfidís uathu a n‑oidhreacht? Dá ndéanfaidís ní bheadh bealach éalaithe fágtha; dhaorfaí iad. Tá baol séanta an chreidimh chomh mór sin go ndéanann an seanmóirí cinniúint an tséantóra a léiriú go scanrúil. Níl dúil ná dóchas fágtha ag an té a shéanann a chuid agus a shúile ar leathadh.
Achoimre
Fógraíonn an réamhrá na téamaí móra le teacht (1:1-4): an córas nua ag sárú an tseanchórais agus á dhíláithriú; an Mac i bpáirt chun na diagachta agus á nochtadh dúinne; ionad an Mhic sa chruthaíocht; an slánú á chur i bhfeidhm aige trína pháis agus a fhilleadh ar ais ar neamh. Sa réamhrá seo cuirtear Críost i láthair mar fháidh, mar shagart (ag scriosadh an pheaca), agus mar rí Meisiasach (ina shuí ar dheasláimh Dé). Rinneadh cuid dár mbeith dhaonna den Mhac, agus seolann sé an daonnacht dá bhrí sin mar a bhfuil sé féin, ar dheasláimh Dé (2:5-12). Tá comhfhreagracht iomlán idir an Slánaitheoir agus an mhuintir a slánaíodh, idir Mac agus mic, idir Naomhaitheoir agus an mhuintir a naomhaíodh. Seolann 2:14-18 an príomhthéama i láthair: sagartacht Chríost. Sé Íosa an sár-idirghabhálaí, mar is fíor-Dhia é agus is fíordhuine é. Ós rud é go raibh sé cosúil linn ar an uile shlí is féidir leis a bheith trócaireach linne agus sinn ag fulaingt nó faoi chathú (cc. 1-2).
Briathar Dé a thagann chugainn ó bhéal Íosa níl dul as uaidh agus is dian é a éileamh (4:12). Tabharfar breith orainn de réir mar a fhreagraímid. Samhlaíonn sé gur crua é ár gcás, ach bíodh misneach againn. Sé Íosa ár n‑ardsagart trócaireach a dhéanfaidh fóirithint orainn agus a thabharfaidh gach cabhair is gá dúinn le bheith dílis. Is idirghabhálaí oifigiúil idir Dia agus duine é an t‑ardsagart; cuireann sé cás an duine in iúl i láthair Dé; agus ofrálann sé tabhartais an duine do Dhia, go háirithe íobairt ar son an pheaca. Gach sagart fíor, bíonn sé lán de thrócaire, lán de chneastacht i leith na bpeacach. Ghlaoigh Dia ar Chríost, agus trína umhlaíocht d'fhoghlaim sé agus fuair taithí ar an bhfulaingt, agus tuiscint dár lagar (cc. 4-5).
Cuireann an t‑údar roimhe a thaispeáint go sáraíonn Críost sagairt an tSean-Tiomna. Tosaíonn sé ag móradh tíopa na sagartachta sin, Meilcizidic, ach ní fada go ndíríonn sé ar a fhrith-thíopa, Críost. Is spéis leis an réalta reatha Meilcizidic (Gein. 14:17-20) sa mhéid gur tíopa de Chríost é. Luann sé trí phointe maidir leis: ciall na n‑ainmneacha a bhaineann leis, iompar Abrahám i leith ríshagart Shailéim, gan a shinsir a bheith á lua sa Bhíobla. Is sagart é Meilcizidic go síoraí mar go bhfuil a shagartacht pearsanta, gan a bheith faoi dhlí na hoidhreachta; agus go bhfuil sí gan tús ná deireadh sa scrioptúr féin agus dá réir sin tá a síoraíocht dhiúltach féin ag baint léi. Déantar idirdhealú idir sagartacht Mheilcizidic agus Chríost agus gach sagartacht dhaonna eile sa mhéid nach bhfuil aon réamhtheachtaí daonna aici, ná aon oidhre daonna uirthi. Is léir gur shagartacht shealadach an tsagartacht Léivíteach má cuireadh ar ceal í; tá an tsagartacht eile bithbhuan. Dá bhrí sin tá “ar a chumas an mhuintir a thagann chun Dé tríd a shlánú go hiomlán, de bhrí go maireann sé de shíor chun idirghuí a dhéanamh ar a son” (7:25). Rinne seisean a íobairt “don aon uair amháin”, ach tá sé ag impí ar ár son mar shagart gan stad (c. 7).
Lá an Leorghnímh théadh an t‑ardsagart Giúdach isteach san Áit Ró-Naofa; chroitheadh sé fuil ainmhithe ansiúd istigh agus nuair a thagadh sé amach chroitheadh sé ar an bpobal í. Íonghlanadh an pobal ar an gcuma sin agus aontaíodh ar shlí éigin le Dia iad. Ní raibh sa mhéid sin, áfach, ach solaoid agus scáil dá raibh le teacht. Chuaigh Críost, trína bhás, isteach i láthair an Athar, agus seolann sé a Spiorad uaidh ón áit sin le sinn a ghlanadh, a athnuachaint, agus a dhlúthú go daingean le Dia. Óir déanann Críost conradh nua caradais idir Dia agus duine, conradh a séalaíodh ina chuid fola féin. Ní ofrálann sé é féin arís le híonghlanadh féiltiúil a chur i gcrích, dála an íonghlanta a dhéanadh an t‑ardsagart Iosraelach. Ardaíodh an peaca chun siúil le hofráil ar leith shuntasach aonarach Chalvaire (c. 9).
Chuir Íosa a ghéilleadh iomlán do thoil a Athar in iúl trína bhás: “A Athair, taobhaím mo spiorad i leith do lámh” (Lúc. 23:46). Dhoirt sé a fhuil chun maithiúnas peacaí, chuaigh isteach sna flaithis le hidirghuí a dhéanamh ar son an chine dhaonna, agus rinneadh údar agus foinse na naofachta agus an tslánaithe shíoraí de. Is mór idir iomadúlacht ghnásanna folmha na sagartachta Léivítí agus aon bheart daingean éifeachtach buan Chríost. Ofráladh íobairt Chríost don aon uair amháin go deo, agus cuireadh maithiúnas peacaí i gcrích don aon uair amháin tríthi. Téann íobairt seo Chríost i bhfeidhm ar na glúinte Críostaithe le teacht trí chóras na sacraimintí (10:1-8).
Tá sé mar nós ag an údar sa Litir chuig na hEabhraigh, tar éis dó a mharana a dhéanamh ar ghné éigin de rúndiamhair íobairt Chríost, go gcuireann sé a chosa go daingean ar an talamh agus go dtugann treoir éigin phraiticiúil. Sa sliocht 10:19-25 anois gríosann sé sinn chun muinín a bheith againn as ár nArd-Sagart; is é Críost féin an tslí chun Dé (cf. Eoin 14:6). Ní foláir fírinní móra ár gcreidimh a shní isteach inár mbeatha ghnáth, agus a dhul i bhfeidhm ar ár gcaidreamh lenár mbráithre Críostaí. Bhí an t‑údar, dála a lán de na luathChríostaithe, ag súil le téarnamh Chríost gan mórán moille, ag súil le “lá an Tiarna”. Tugadh an lucht éiste chun cuimhne a chróga agus a dhílse a bhí siad cheana faoi bhagairt na géarleanúna; tá gá anois arís le foighne, le seasmhacht agus le creideamh daingean. A ndílse roimhe seo an t‑urra is fearr dá mbuanseasmhacht as seo suas (10:19-39).
Ná meastar nach bhfuil aon ní le foghlaim ag na Críostaithe ón Sean-Tiomna d'ainneoin an bheagmheasa seo go léir ar an gcóras Léivíteach ar fad. Féach an sampla atá le fáil ó chreideamh laochra móra, fir agus mná, an tSean-Tiomna; agus ní féidir druidim i gcóngar Dé ach le neart an chreidimh. An creideamh an t‑urra daingean atá againn go gcuirfear ár ndóchas i gcrích. Tá an creideamh dírithe ar an todhchaí agus ag síneadh sall thar an bhfial. Tá sé bunaithe ar bhriathar Dé agus is é geall an aoibhnis shíoraí é; tá sé mar dheimhniú againn ar na nithe a bhfuil súil leo, mar chruthúnas ar na nithe nach bhfeictear, agus cuireann sé ar ár gcumas beart a dhéanamh dá réir (cf. c. 11).
Tugann sé misneach do na Críostaithe agus spreagann sé iad chun rith leo ar aghaidh sa rás nuair atá a fhios acu go bhfuil slua chomh mór sin de naoimh ón Sean-Tiomna, arbh oirirc é a gcreideamh, mar fhinnéithe taobh leo. Mar a tharlaíonn i rás sealaíochta, tá bata an chreidimh seachadta ag na reathaithe tosaigh ach tá siad an-ghafa fós i rás seo na gCríostaithe. Ach ár dTiarna féin, an té a umhlaíodh, a maslaíodh, a céasadh, ach a d'aiséirigh arís agus a ghabh isteach sa ghlóir, eisean an sampla is fearr le foighne agus misneach a thabhairt do na Críostaithe. Íosa an ceannródaí, an ceannaire, an té a thugann sampla dúinn den chreideamh daingean a iompraíonn cruatan agus deacrachtaí uile an tsaoil. Ár súile a choinneáil ar Íosa príomhtheachtaireacht na litreach.
Is cuid den bheatha Chríostaí í an fhulaingt, sás oilte i lámha Dé. Nuair a chuireann Dia pionós ar a chlann, déanann sé amhlaidh mar Athair, ar mhaithe leo. Is ceacht é a threoróidh iad chun na naofachta, agus tugann sé síocháin agus fíréantacht dóibh seo a bhíonn oilte aige (cf. 12:11). Deir an t‑údar lena lucht éiste: ní bhaineann sibh a thuilleadh leis an Sean-Tiomna ach leis an Tiomna Nua. Ná bíodh bhur súile agaibh ar Shíonái ach ar an Iarúsailéim neamhaí agus an misneach agus an dóchas a ghabhann léi. Ach tá breis thar an dóchas agaibh, tá greim agaibh cheana féin ar nithe fónta an chórais nua; is saoránaigh sibhse de chuid an Iarúsailéim nua; fuil Chríost a croitheadh oraibh, rinne sé muintearas idir Dia agus sibhse, pobal a bhí peacúil (c. 12).
Dúnann an litir le haitheasc ag spreagadh na carthanachta, na féile, agus na déirce ar phríosúnaigh agus ar lucht leatroim. Tá ómós ar leith ag dul don phósadh. Ansin tá ráiteas ar leith dúinn féin inniu i lár na guagachta agus na n‑athruithe iomadúla ina bhfuilimid gafa. An bhfuil aon ní buan? An bhfuil aon ní mar a chéile san Eaglais féin nó lasmuigh di. Sea, tá! “Ach is mar a chéile é Íosa Críost inné agus inniu agus go brách” (13:8); tá an grá céanna aige dúinn agus a sheol é chun na croise; tá an fhírinne chéanna ann a thaobhaigh sé lena Eaglais le teagasc. Ní lena lámha ar sileadh leo, a ghlacann na Críostaithe páirt i gceiliúradh rúndiamhair íobairt Chríost, tá ómós bhriathra a mbéil ag moladh a ainm le tabhairt acu sa liotúirge. Murab ionann agus aon íobairt Chríost a ofráladh don aon uair amháin, maireann an liotúirge molta seo de shíor, i gcaitheamh ré na fuascailte. Sa ghuí ar son na síochána agus na suáilce ag an deireadh cuirtear in iúl do na léitheoirí go bhfuil “aoire mór na gcaorach, ár dTiarna Íosa” go cúramach ina bhfeighil (c. 13).
Tráthúlacht
Tá teachtaireacht na nEabhrach an-tráthúil inniu ar shlite a thugann dúshlán ghréasán ár mbeatha Críostaí. Ní chreidtear i gceart go bhfuil maithiúnas peacaí ar fáil dáiríre. Samhlaítear dúinn ar uaire go bhfuil deireadh le moráltacht, nach bhfuil ceangal dlí ná rialach ann a thuilleadh; go bhfuil sé á shéanadh go bhfuil aon pheaca ann. Táimid corrthónach mar sin féin sa “saol gan pheaca”. In íochtar ár gcroí braitheann ár bhformhór gur peacaigh sinn, agus go gcaithfimid díol ar deireadh. Dream ciontach sinn, ach is minic gur ag maíomh as ár gciontacht a dhealraímid a bheith. Táimid mórálach as ár saoirse, ach daoir sinn ag an bpeaca úd féin a shéanaimid.
Tá rud éigin le rá ag Eabhraigh faoinár gcás. Maítear an peaca in áit é a shéanadh. Ní dhéanann an seanmóirí aon iarracht a shéanadh go bhfuil peaca ann; is maith atá a fhios sin aige, agus a fhios cad a dhéanann sé le croí an duine. Ach ag an bpointe sin díreach atá a theachtaireacht ar leith aige; ní gá dúinn an chiontacht ná an síorshéanadh. Tá beart déanta ag Dia nach bhféadfaimisne a dhéanamh, tá maite aige dúinn. Táimid saor dá bhrí sin, saor le maireachtáil gan eagla, druidim le Dia atá lán de ghrá, de thrua agus de thrócaire. Ní éilíonn Dia éiric; maitheann sé dúinn má ligimid dó.
Íosa an Críost, sin é atá á phlé ag an údar in Eabhraigh. Cuireann sé os ár gcomhair bráthair a bhí lánpháirteach inár saol daonna, bráthair nach náir leis sinn, agus arb eol dó cad tá sa duine. D'fhuascail an bráthair seo sinn, agus chuir ar ár gcumas maireachtáil go muiníneach gan scáth ná eagla.
Insíonn Eabhraigh dúinn leis go maireann Íosa i gcónaí; go bhfuil sé beo leis an Athair, go bhfuil sé ag déanamh idirghuí gan stad ar ár son, agus ag fáiltiú romhainn. Deir sé linn gan stad: “Tá maite duit; fáilte romhat abhaile.” Tá ár ndúshlán tugtha. An féidir dúinn a chreidiúint go maitheann Dia? An féidir dúinn ligean dó bheith ina Dhia agus beart Dé a dhéanamh, an rud nach féidir dúinn féin a dhéanamh? An féidir dúinn creidiúint agus maireachtáil sa tsaoirse leis an misneach agus leis an dóchas a deonaíodh dúinn?

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in

YouVersion uses cookies to personalize your experience. By using our website, you accept our use of cookies as described in our Privacy Policy