YouVersion Logo
Search Icon

Gníomhartha 27

27
Pól ag Cur Chun Bealaigh go dtí an Róimh
1Nuair a bhí sé beartaithe go seolfaimis chun na hIodáile, thug siad suas Pól agus roinnt eile príosúnach do thaoiseach céad darbh ainm Iúilias, de dhíorma an impire. 2Chuamar ar bord loinge in Adraimitiam, long a bhí ag triall ar chalafoirt feadh chósta na hÁise, agus chuireamar chun farraige. Bhí Arastarchos, Macadónach ó Theasaloinicé, in éineacht linn. 3An lá dár gcionn chuamar i dtír i Síodón, agus bhí Iúilias chomh lách sin le Pól gur lig sé dó dul ag fiosrú a chairde agus iad a dhéanamh cúraim de. 4Chuireamar chun siúil ón áit sin agus toisc an ghaoth a bheith inár gcoinne sheolamar ar thaobh na fothana den Chipir 5agus ansin trasna na farraige amach ón tSiléis agus ó Phaimfile nó gur thángamar i dtír i Míora i gcúige na Líce. 6Fuair an taoiseach céad long Alastraíneach ansiúd a bhí ag triall ar an Iodáil, agus chuir sé sinn ar bord inti. 7Ba bheag an siúl a bhí fúinn ar feadh mórán laethanta, agus ba é ár ndícheall é Cníodos a bhaint amach agus nuair nach ligfeadh an ghaoth dúinn dul ar aghaidh, sheolamar linn faoi thaobh na fothana den Chréit amach ó Shalmóiné; 8ag coinneáil go dlúth leis an gcósta dúinn, agus ba le dua é, bhaineamar áit amach darbh ainm na Cuanta Áille, áit atá i ngar do chathair Lasáia.
9Bhí mórán aimsire curtha amú againn faoin am seo: bhí Lá an Troscaidh thart agus níorbh iontaoibh feasta leanúint den turas. Más ea thug Pól foláireamh dóibh 10á rá: “Feictear domsa, a fheara, go bhfuil tubaiste i ndán don turas seo agus go ndéanfar díobháil mhór ní amháin don long agus don lasta ach dúinn féin chomh maith.” 11Ach ba mhó an aird a thug an taoiseach céad ar an bhfear stiúrach agus ar an gcaptaen ná ar chaint Phóil. 12Agus toisc nach raibh an cuan oiriúnach chun an geimhreadh a chaitheamh ann, mhol a bhformhór dul chun farraige ón áit, le súil go bhféadfaidís Féinix a shroichint agus an geimhreadh a chaitheamh ann - cuan de chuid na Créite a bhfuil a aghaidh siar ó dheas agus siar ó thuaidh.
Stoirm
13Nuair a d'éirigh gaoth bhog aneas, mheas siad go raibh rite leo; thóg siad an t‑ancaire agus chun bealaigh leo cois cósta na Créite. 14Ach níorbh fhada gur éirigh anfa gaoithe - an ghaoth anoir aduaidh mar a ghlaotar uirthi - agus í ag séideadh ón talamh. 15Nuair a rugadh ar an long agus nárbh fhéidir a ceann a choinneáil le gaoth, ghéilleamar agus d'imíomar le sruth. 16Ritheamar faoi scáth oileáin bhig darbh ainm Cauda agus d'éirigh linn bád na loinge a fheistiú ar éigean. 17Thóg siad ar bord é agus bhain feidhm as áiseanna chun an long a fháscadh, agus ar eagla go rithfidís isteach sa Sirtis, lig siad anuas na seolta agus d'imigh le sruth ar an gcuma sin. 18An lá dár gcionn bhí an stoirm dár ngreadadh go dona agus thosaigh siad ag caitheamh an lasta thar bord 19agus an lá ina dhiaidh sin theilg siad trealamh na loinge amach lena lámha féin. 20Ar feadh mórán laethanta ní raibh grian ná réalta le feiceáil ach an t‑anfa dár ngreadadh go dian agus gan súil ar bith againn go dtiocfaimis slán.
21Faoin am seo bhí siad tamall fada gan bia a chaitheamh agus d'éirigh Pól ina lár agus dúirt: “Dá mb'áil libh mo chomhairlese a ghlacadh, a fheara, agus gan corraí as an gCréit, ní tharlódh an dochar ná an díobháil seo daoibh. 22Ar a shon sin impím anois oraibh misneach a bheith agaibh mar ní chaillfear duine ar bith agaibh ach an long amháin. 23Mar anocht féin sheas le mo thaobh aingeal ón Dia ar leis mé agus a bhfuilim ag seirbhís dó, 24agus dúirt sé liom: ‘Ná bíodh eagla ort, a Phóil, mar ní foláir duitse seasamh os comhair Chéasair, agus a bhfuil de dhaoine ag taisteal leat, féach, tá siad bronnta suas ort ag Dia.’ 25Bíodh misneach agaibh dá bhrí sin, a fheara, mar go gcreidimse i nDia go dtitfidh gach ní amach mar a dúradh liom é, 26agus go bhfuil i ndán dúinn go gcaithfear i dtír sinn in oileán éigin.”
27Nuair a tháinig an ceathrú hoíche dhéag bhíomar fós ag imeacht le gaoth sa Mhuir Aidriad, ach faoi lár na hoíche bhraith na mairnéalaigh go raibh talamh ag druidim leo. 28Nuair a thomhais siad an doimhneas fuair siad go raibh sé fiche feá; agus nuair a thomhais siad arís tar éis tamaill bhig eile ní raibh sé ach a cúig déag. 29Agus ar eagla go gcaithfí ar na carraigeacha sinn chuir siad ceithre ancaire amach as deireadh na loinge agus iad ag guí go ngealfadh an lá. 30Bhí na mairnéalaigh ag faire ar theitheadh as an long agus scaoil siad an bád isteach san fharraige mar dhea go raibh siad chun ancairí a ligean amach as tosach na loinge. 31Labhair Pól leis an taoiseach céad agus leis na saighdiúirí: “Mura bhfanann siadsan ar bord,” ar seisean, “ní féidir daoibhse teacht slán.” 32Ansin ghearr na saighdiúirí téada an bháid agus lig di titim isteach san fharraige.
33Le breacadh an lae d'iarr Pól orthu go léir bia a chaitheamh. “Tá sibh ar bior le ceithre lá dhéag anois ar troscadh gan greim bia a chaitheamh,” ar seisean. 34“Molaim daoibh dá bhrí sin bhur gcuid a chaitheamh, mar tá bhur slánú ag brath air. Mar ní chaillfear ribe gruaige as ceann aon duine agaibh.” 35Tar éis na cainte sin thóg sé bollóg aráin, ghabh sé buíochas le Dia i bhfianaise chách, bhris an t‑arán agus chrom ar é a ithe. 36Ghlac siad go léir misneach ansin agus chaith siad béile. 37Bhí dhá chéad seachtó a sé againn ar fad ar bord na loinge. 38Nuair a bhí a ndóthain ite acu, thosaigh siad ag caitheamh an arbhair isteach san fharraige d'fhonn an long a éadromú.
Longbhriseadh
39Nuair a gheal an lá níor aithin siad an tír ach thug siad faoi deara cuan a raibh trá ann agus chinn siad ar an long a thiomáint i dtír ann dá mb'fhéidir. 40Más ea, scaoil siad leis na hancairí agus d'fhág iad san fharraige; lena linn sin bhog siad ceangail na stiúrach, chroch an seol mór chun na gaoithe agus thug aghaidh ar an trá. 41Ach tharla siad ar oitir ghainimh agus chuaigh an long i dtalamh ann. Chuaigh a tosach i bhfostó go docht agus d'fhan ann gan corraí aisti fad a bhí a deireadh á réabadh ina smidiríní le fórsa na dtonnta.
42Chinn na saighdiúirí ar na príosúnaigh a mharú le heagla go snámhfadh aon duine acu i dtír agus éalú leis. 43Ach ní cheadódh an taoiseach céad dóibh an beart seo a chur i gcrích mar gur theastaigh uaidh Pól a thabhairt slán. D'ordaigh sé don mhuintir a raibh snámh acu léim isteach san fharraige ar dtús agus dul i dtír 44agus an chuid eile a leanúint ar chláracha adhmaid agus ar phíosaí de bhruscar na loinge. Tharla ar an gcuma sin go ndeachaigh gach duine i dtír go slán sábháilte.

Currently Selected:

Gníomhartha 27: ABN

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in

YouVersion uses cookies to personalize your experience. By using our website, you accept our use of cookies as described in our Privacy Policy