YouVersion Logo
Search Icon

Uimhreacha 15

15
Abhlann leis an Íobairt
1Labhair an Tiarna le Maois agus dúirt: 2“Abair é seo le clann Iosrael: ‘Nuair a shroichfidh sibh an tír mar a bhfuil sibh le cur fúibh, agus atá á thabhairt agam daoibh, 3agus go ndéanann sibh, mar chumhracht a thaitneoidh leis an Tiarna de rogha an tréada nó na tána, ofráil dhóite don Tiarna mar uileloscadh nó mar íobairt, cibé acu ag fuascailt móide é, nó mar ofráil dheonach, nó ar ócáid féile sollúnta de bhur gcuid, 4ní foláir don ofrálaí, mar bhronntanas uaidh féin don Tiarna, a bhreith leis mar abhlann, deachú éafá de phlúr mín measctha le ceathrú hín ola; 5agus ní foláir duit íobairt dhoirte fíona a dhéanamh, ceathrú hín do gach uan, chomh maith leis an uileloisctheach nó an íobairt. 6I gcás reithe, ní foláir duit dhá dheachú éafá de phlúr mín measctha le trian hín ola a bheith agat mar abhlann, 7agus íobairt dhoirte de thrian hín fíona, le bheith ina bholadh cumhra a thaitneoidh leis an Tiarna. 8Sa chás gur tarbh a bhíonn á ofráil agat mar uileloscadh nó mar íobairt, cibé acu ag fuascailt móide é nó mar íobairt chomaoineach don Tiarna, 9ní foláir, chomh maith leis an tarbh, trí dheachú éafá de phlúr mín measctha le leath hín ola a ofráil mar abhlann, 10agus ní foláir duit leath hín fíona a ofráil mar íobairt dhoirte, íobairt dhóite a dtaitneoidh a cumhracht leis an Tiarna. 11Ní foláir déanamh mar sin le gach tarbh nó reithe, le gach uan nó meannán fireann. 12Cibé líon íobarthach a bhíonn agaibh le híobairt, déanaigí mar sin le gach ceann díobh cibé a líon. 13Déantar mar sin ag gach dúchasach nuair a dhéanann sé íobairt dhóite, boladh cumhra a thaitneoidh leis an Tiarna. 14Aon duine deoranta a bhíonn ag cur faoi in bhur measc, nó i measc bhur sleachta, más áil leis íobairt dhóite a dhéanamh, boladh cumhra a thaitneoidh leis an Tiarna, déanadh sé mar a dhéanann sibhse; déanadh 15an comhthionól amhlaidh chomh maith. Ní bheidh ach an t‑aon reacht amháin daoibh féin agus don duine deoranta a chuireann faoi in bhur measc. Reacht síoraí é seo a cheanglóidh bhur sliocht i gcónaí: i láthair an Tiarna, is ionann tusa agus an coimthíoch; 16ná bíodh ach an t‑aon reacht amháin, an t‑aon dlí amháin, daoibh féin agus don duine deoranta a chuireann faoi in bhur measc.’ ”
Céadtorthaí Aráin
17Labhair an Tiarna le Maois agus dúirt: 18“Labhair le clann Iosrael agus abair leo:
Nuair a rachaidh sibh isteach sa tír a bhfuilim do bhur dtabhairt ann, 19ní foláir daoibh roinn a ofráil don Tiarna nuair bheidh arán na tíre á chaitheamh agaibh. 20Cuirigí i leataobh bairín mar ofráil de chéadthoradh bhur dtaois; cuirigí i láthair é mar ofráil ó bhur n‑urlár buailte. 21Ní foláir daoibh cuid de thús bhur dtaois a chur i leataobh don Tiarna; déantar amhlaidh ag sliocht bhur sleachta.
Leorghníomh
22Má theipeann ort, trí neamhaire, maidir le haon cheann de na haitheanta a thug an Tiarna do Mhaois 23(sé atá i gceist ná gach aon ordú riamh a leag an Tiarna oraibh trí Mhaois ón lá a thug sé a aitheanta daoibhse agus ar aghaidh go dtí bhur sliocht), 24mar seo atá le déanamh: Más neamhaire an chomhthionóil uile a bhíonn i gceist, déanadh an comhthionól uile íobairt uileloiscthe de tharbh óg, boladh cumhra a thaitneoidh leis an Tiarna, mar aon lena abhlann agus lena íobairt dhoirte de réir gnáis; agus ofráiltear pocán gabhair mar íobairt pheaca. 25Déanadh an sagart gnás an leorghnímh a chomhlíonadh do chomhthionól uile chlann Iosrael, agus tabharfar maithiúnas dóibh, mar ba trí neamhaire é. Nuair a bhíonn a n‑ofráil tugtha acu mar íobairt dhóite don Tiarna, agus go mbíonn a n‑íobairt pheaca curtha i láthair an Tiarna acu chun leorghníomh a dhéanamh ar son a neamhaire, 26tabharfar maithiúnas do chomhthionól chlann Iosrael ar fad, agus don choimhthíoch ag cur faoi ina measc, óir rinne an pobal go léir peaca trí neamhaire.
27Más duine aonair a pheacaíonn trí neamhaire, ofráladh sé meannán baineann bliana mar íobairt pheaca. 28Ní foláir don sagart gnás an leorghnímh a chomhlíonadh i láthair an Tiarna don duine a chuaigh ar seachrán agus a pheacaigh trí neamhaire; nuair a bhíonn gnás an leorghnímh comhlíonta dó, maithfear dó, 29cibé acu dúchasach, duine de chlann Iosrael é, nó deoraí ag cur faoi ina measc. Ná bíodh ach an t‑aon dlí amháin in bhur measc don té a pheacaíonn le neamhaire.
30Ach an té a pheacaíonn d'aonghnó, más dúchasach, más coimhthíoch, tugann sé masla don Tiarna féin. Déantar an duine sin a ghearradh amach óna phobal; 31tá briathar an Tiarna tarcaisnithe aige agus a aithne briste aige. Ní foláir an duine sin a ghearradh amach ar fad; leanann a pheaca sa mhullach air.”
An tSabóid
32Fad a bhí clann Iosrael san fhásach, fuarthas fear ag bailiú brosna ar an tsabóid. 33An dream a rug air ag bailiú brosna, thugadar leo é os comhair Mhaois agus Árón agus an chomhthionóil go léir. 34Coimeádadh i ngéibheann é mar nach raibh sé socair fós cén pionós a bhí le cur air. 35Dúirt an Tiarna le Maois: “Ní foláir an duine seo a chur chun báis; ní foláir don chomhthionól go léir gabháil de chlocha ann lasmuigh den champa.” 36Rug an comhthionól go léir leo é lasmuigh den champa agus ghabhadar de chlocha ann go dtí go raibh sé marbh, faoi mar a d'ordaigh an Tiarna do Mhaois.
Scothóga
37Labhair an Tiarna le Maois agus dúirt: 38“Labhair le clann Iosrael agus abair leo scothóga a chur ar fháithimí a mbrat ó ghlúin go glúin, agus ribín corcra a chur ar an scothóg ag an bhfáithim. 39Bíodh an scothóg agaibh dá bhrí sin le féachaint uirthi le haitheanta uile an Tiarna a chur i gcuimhne daoibh; cuirigí i ngníomh iad más ea agus ná leanaigí mianta bhur gcroí agus bhur súl a thuilleadh, óir sheoladar sibh ar bhealach an striapachais. 40Cuirfidh an rud seo m'aitheanta go léir i gcuimhne daoibh; cuirigí i ngníomh iad agus bígí coisricthe do bhur nDia. 41Mise an Tiarna, bhur nDia, a thug sibh amach as tír na hÉigipte d'fhonn go mbeinn mar Dhia agaibh; mise an Tiarna bhur nDia.”

Currently Selected:

Uimhreacha 15: ABN

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in

YouVersion uses cookies to personalize your experience. By using our website, you accept our use of cookies as described in our Privacy Policy