YouVersion Logo
Search Icon

Uimhreacha 14

14
Easumhlaíocht Iosrael - Fearg an Tiarna
1Ansin thóg an comhthionól uile gáir in ard a gcinn agus bhí na daoine ag lógóireacht ar feadh na hoíche ar fad. 2Chrom clann Iosrael go léir ag monabhar in aghaidh Mhaois agus Árón, agus dúirt an comhthionól uile leo: “Uch nach bhfuaireamar bás i dtír na hÉigipte! nó ar a laghad nach bhfuaireamar bás san fhásach seo! 3Cad ab áil leis an Tiarna dár dtabhairt isteach sa tír seo d'fhonn go dtitimís de rinn claímh agus go ngabhfaí ár mná agus ár miondaoine mar chreach? Nárbh fhearr dúinn filleadh ar an Éigipt?” 4Dúradar le chéile ansin: “Ceapaimís ceannaire agus fillimís ar an Éigipt.”
5Ansin chaith Maois agus Árón iad féin ar a mbéal agus ar a bhfiacla os comhair chruinniú chomhthionól chlann Iosrael go léir. 6Iósua mac Nún agus Cálaeb mac Iafuna, beirt de lucht braite na tíre, stróic siad a n‑éadaí, 7agus dúradar le comhthionól chlann Iosrael go léir: “An tír a ghabhamar á thaiscéaladh, is tír mhaith é, tír fhónta. 8Má bhíonn an Tiarna sásta linn, seolfaidh sé isteach sa tír seo sinn agus tabharfaidh sé dúinn é. Is tír é ina bhfuil bainne agus mil ina slaoda. 9Ná déanaigí ceannairc in aghaidh an Tiarna. Ná bíodh eagla oraibh roimh mhuintir na tíre seo; déanfaimid iad a alpadh. Tá scáil a gcumhdaithe scartha leo, fad tá an Tiarna inár gcoimhdeacht. Na bíodh eagla oraibh rompu.”
10Ag caint ar ghabháil de chlocha orthu a bhí an comhthionól go léir nuair a thaispeáin glóir an Tiarna í féin ag Both na Teagmhála do chlann Iosrael. 11Dúirt an Tiarna le Maois: “An fada a bheidh an pobal seo do mo mhaslú? An fada a dhiúltóidh siad creideamh ionam d'ainneoin na gcomharthaí go léir a rinne mé ina measc? 12Buailfidh mé le plá iad agus fágfaidh mé gan oidhreacht iad; agus déanfaidh mé cine nua díotsa, cine is mó agus is treise ná iad.”
13D'fhreagair Maois an Tiarna agus dúirt: “Tá sé cloiste ag na hÉigiptigh cheana féin, go dtug tusa an pobal seo, trí do chumhacht féin, amach óna measc. 14Tá sin ráite cheana féin acu le muintir na tíre seo. Tá a fhios acu cheana féin go bhfuil tusa, a Thiarna, i lár an phobail seo, agus go dtaispeánann tú thú féin dóibh gnúis le gnúis; gurb é do néalsa, a Thiarna, a stadann os a gcionn, agus go dtéann tú rompu mar cholún néil sa lá agus mar cholún tine san oíche. 15Má mharaíonn tú an mhuintir seo anois d'aon iarracht, déarfaidh na ciníocha a chuala i do thaobh: 16‘Níor fhéad an Tiarna an mhuintir seo a thabhairt isteach sa tír a mhionnaigh sé a thabharfadh sé dóibh, agus dá bhrí sin rinne sé ár orthu san fhásach.’ 17I bhfad uait anois é, impím ort. Taispeáin do chumhacht anois de réir na mbriathra a labhair tú: 18‘Is mall é an Tiarna chun feirge, is lán é de bhuanghrá; maitheann sé coir agus peaca, ach ní fhágann sé aon ní gan díolt, ag agairt cion na n‑aithreacha ar an gclann agus ar chlann na clainne go dtí an tríú agus an ceathrú glúin.’ 19Ó lánmhaire do bhuanghra dá bhrí sin, maith peaca an phobail seo, faoi mar atá maite agat don phobal seo ón Éigipt go dtí seo.”
20Ansin dúirt an Tiarna: “Maithim dóibh mar a iarrann tú. 21Ach, dar mo bheo agus dar glóir an Tiarna a líonann an domhan uile, 22an mhuintir seo go léir a chonaic mo ghlóir agus na hiontais a rinne mé san Éigipt agus san fhásach, agus a rinne mé a phromhadh faoi dheich cheana féin gan géilleadh do mo ghlór 23ní fheicfidh duine díobh an tír a mhionnaigh mé a thabharfainn dá n‑aithreacha; ní fheicfidh duine den dream a chaith drochmheas liom é. 24Ach tá malairt spioraid i mo shearbhónta Cálaeb. De bhrí go ndearna sé rud orm go beacht, tabharfaidh mé isteach é sa tír ina ndeachaigh sé agus beidh seilbh ag a shliocht air. 25(Tá an tAmailéiceach agus an Canánach ag cur fúthu sa mhachaire). Casaigí ar bhur sáil amárach agus filligí ar ais ar an bhfásach i dtreo na Mara Súf.”
26Labhair an Tiarna le Maois agus le hÁrón: 27“An fada a bheidh an mhuintir chlaon seo ag monabhar i m'aghaidh? Chuala mé na gearáin atá á ndéanamh ag clann Iosrael i m'aghaidh. 28Abair leo: ‘Dar mo bheo - sé an Tiarna atá ag caint - tabharfaidh mé íde oraibh díreach de réir na bhfocal a dúirt sibh i mo láthair. 29Titfidh bhur gconablaigh san fhásach seo; sea de líon bhur bhfear go léir a áiríodh sa daonáireamh ó aois fiche bliain agus breis, a rinne gearán i m'aghaidh, 30mionnaim nach rachaidh duine isteach sa tír a mhionnaigh mé a thabharfainn mar áitreabh daoibh, 31ach Cálaeb mac Iafuna agus Iósua mac Nún. 32Agus bhur leanaí a dúirt sibh a d'fhuadófaí mar chreach, tabharfaidh mé isteach iad chun aithne a chur ar an talamh ba bheag oraibhse. 33Ach maidir libhse, titfidh bhur gconablaigh san fhásach seo agus beidh bhur gclann ina n‑aoirí san fhásach ar feadh daichead bliain, ag iompar ualach bhur mídhílseachta go sínfear an duine deireanach díbh marbh san fhásach. 34Ar feadh daichead lá bhí an tír á bhrath agaibh; seasóidh gach lá do bhliain; ar feadh daichead bliain déanfaidh sibh ualach bhur bpeacaí a iompar agus beidh a fhios agaibh cad is brí le mé a shéanadh.’ 35Mise an Tiarna a labhair. Sin í an íde a thabharfaidh mé go cinnte ar an mhuintir chlaon seo go léir a rinne comhcheilg i m'aghaidh. Anseo san fhásach seo déanfar díth orthu go dtí go dtiteann an duine deireanach marbh ann.”
36Na fir a sheol Maois chun an tír a bhrath, agus a chrom tar éis filleadh dóibh ar mhuintir Iosrael a ghríosú chun cnáimhseála in aghaidh an Tiarna lena ndrochthuairisc ar an tír, 37na fir seo a thug an drochthuairisc ar an tír, bhuail an phlá marbh iad os comhair an Tiarna. 38Níor fágadh beo de lucht braite na tíre ach Iósua mac Nún agus Cálaeb mac Iafuna.
39D'inis Maois na focail seo do chlann Iosrael go léir agus ba mhór í a lógóireacht. 40Ansin d'éiríodar go moch agus chuireadar chun bealaigh i dtreo arda na sléibhte á rá: “Seo anseo sinn, cuirimís chun bealaigh i dtreo na háite sin ó dúirt an Tiarna linn gur pheacaíomar.” 41D'fhreagair Maois: “Cad ab áil libh ag diúltú d'ordú an Tiarna? Ní bheidh aon ní agaibh dá thairbhe. 42Ná gabhaigí suas mar níl an Tiarna in bhur gcoimhdeacht, agus ná scriosadh bhur naimhde sibh. 43Sin é an tAmailéiceach agus an Canánach os bhur gcoinne agus titfidh sibh de rinn a gclaímh mar gur thug sibh droim le lorg an Tiarna agus níl an Tiarna in bhur gcoimhdeacht.” 44Ach le barr dánaíochta chuireadar chun bealaigh suas chun arda na sléibhte cé nár fhág áirc chonradh an Tiarna ná Maois an campa. 45Ansin an tAmailéiceach agus an Canánach a bhí ag cur fúthu sna hardáin sin, thángadar anuas agus bhriseadar orthu agus chuadar sa tóir orthu síos amach go Hormá.

Currently Selected:

Uimhreacha 14: ABN

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in

YouVersion uses cookies to personalize your experience. By using our website, you accept our use of cookies as described in our Privacy Policy