YouVersion Logo
Search Icon

Marcas 1

1
Eoin Baiste ag Fógairt
1Tosach Shoiscéal Íosa Críost, Mac Dé.
2De réir mar atá scríofa in Íseáia fáidh:
“Féach, cuirim mo theachtaire romhat
a ullmhóidh do bhóthar.
3Glór duine ag éamh san fhásach:
‘Réitígí bóthar an Tiarna,
déanaigí díreach a chosáin.’ ”
4Tháinig Eoin ag baisteadh san fhásach agus ag fógairt baiste aithrí chun peacaí a mhaitheamh. 5Agus bhí ag teacht amach chuige na daoine ó thír Iúdáia go léir, agus muintir uile Iarúsailéim, agus iad ag fáil baiste uaidh in abhainn na Iordáine ag admháil a bpeacaí.
6Bhí rón camaill mar éadach ar Eoin, crios leathair faoina choim aige, lócaistí agus mil fhiáin mar bheatha aige. 7Agus bhíodh sé ag seanmóir á rá: “Tá ag teacht i mo dhiaidh an té atá níos treise ná mé, agus ní fiú mé cromadh síos chun iall a chuarán a scaoileadh. 8Bhaist mise le huisce sibh, ach baistfidh seisean sibh leis an Spiorad Naomh.”
9Lá de na laethanta sin tháinig Íosa ó Nazarat sa Ghailíl agus fuair baisteadh sa Iordáin ó Eoin. 10Agus an túisce a tháinig sé aníos as an uisce, chonaic sé na flaithis ag oscailt ó chéile agus an Spiorad mar a bheadh colm ag teacht anuas air. 11Agus tháinig glór ó na flaithis: “Is tú mo Mhac muirneach; is duit a thug mé gnaoi.”
Íosa á Phromhadh ag Sátan
12Go luath ina dhiaidh sin, chuir an Spiorad amach faoin bhfásach é 13agus bhí sé daichead lá san fhásach á phromhadh ag Sátan. Agus bhí sé in éineacht leis na beithígh allta; agus bhí na haingil ag freastal air.
Íosa ag Fógairt na Ríochta: Na Chéad Deisceabail
14Tar éis Eoin a bheith tugtha ar láimh, tháinig Íosa go dtí an Ghailíl ag fógairt soiscéal Dé 15agus ag rá: “Tá an tréimhse caite agus tá ríocht Dé in achmaireacht. Déanaigí aithrí agus creidigí sa soiscéal.”
16Bhí sé ag imeacht leis cois farraige na Gailíle nuair a chonaic sé Síomón agus Aindrias deartháir Shíomóin agus iad ag caitheamh eangaí san fharraige, mar iascairí a bhí iontu. 17Dúirt Íosa leo: “Tagaigí i mo dhiaidh, agus déanfaidh mé díbh iascairí ar dhaoine.” 18D'fhág siad na líonta láithreach agus lean siad é. 19Bhuail sé ar aghaidh beagán eile agus chonaic sé Séamas mac Zeibidé agus Eoin a dheartháir, iad ina mbád féin ag ceartú na líonta, agus ghlaoigh sé iad láithreach. 20D'fhág siad a n‑athair Zeibidé sa bhád, é féin agus an lucht pá, agus ghabh siad leis.
Íosa ag Teagasc agus ag Leigheas i gCafarnáum
21Chuaigh siad isteach i gCafarnáum. Agus lá na sabóide féin, ar dhul isteach sa tsionagóg dó, thosaigh sé ag teagasc. 22Agus bhí ionadh orthu faoina theagasc; á dteagasc a bhí sé mar dhuine a mbeadh údarás aige, níorbh ionann agus na scríobhaithe.
23Bhí, san am sin, duine sa tsionagóg a raibh smacht ag spiorad míghlan air, agus scread sé amach: 24“Há, cad ab áil leat dínn, a Íosa Nazairéanaigh? Chun ár millte a tháinig tú. Is eol dom cé hé thú: Naomh Dé.” 25Labhair Íosa leis go bagrach: “Bí i do thost, agus gabh amach as.” 26Bhain an spiorad míghlan rachtaí as an duine, ghlaoigh amach go hard agus d'imigh as. 27Agus bhí alltacht chomh mór sin ar chách go raibh siad ag fiafraí dá chéile: “Cad é an rud é seo?” deiridís: “teagasc nua á dhéanamh le húdarás; na spioraid mhíghlana féin, fógraíonn sé orthu agus déanann siad rud air.” 28Agus níorbh fhada gur leath a chlú go fada gearr ar fud cheantar uile na Gailíle.
29Ar dhul amach as an tsionagóg dó, chuaigh sé isteach gan mhoill i dteach Shíomóin agus Aindrias, in éineacht le Séamas agus Eoin. 30Bhí máthair chéile Shíomóin ina luí agus an fiabhras uirthi, agus ní dhearna siad aon mhoill gan labhairt leis mar gheall uirthi. 31Chuaigh sé anonn chuici, rug ar láimh uirthi agus thóg suas í. D'fhág an fiabhras í agus thosaigh sí ag freastal orthu.
32Nuair a bhí an tráthnóna ann, tar éis luí gréine, thug siad chuige cách a bhí tinn agus na daoine a raibh deamhain iontu. 33Bhí an chathair ar fad cruinnithe timpeall an dorais, 34agus leigheas sé mórán a bhí tinn ó gach sórt galair, agus chaith sé amach mórán deamhan, agus ní ligeadh sé do na deamhain labhairt, mar bhí a fhios acu cérbh é.
35D'éirigh sé ina shuí ar maidin tamall maith roimh lá, ghabh sé amach agus d'imigh go dtí áit uaigneach agus bhí sé ansiúd ag guí. 36Chuaigh Síomón agus a chompánaigh ar a lorg, 37agus nuair a fuair siad é dúirt siad leis: “Tá cách do do chuardach.” 38Dúirt sé leo: “Téanam go dtí áit éigin eile, isteach sna bailte móra atá ar cóngar, chun go mbeinn ag seanmóir iontu sin freisin, mar is chuige sin a ghabh mé amach.” 39Agus tháinig sé ag seanmóir ina gcuid sionagóg ar fud na Gailíle go léir agus ag caitheamh na ndeamhan amach.
Lobhar á Leigheas
40Tháinig lobhar chuige ag achainí air agus é ar a dhá ghlúin: “Más áil leat é,” ar seisean, “is féidir duit mé a ghlanadh.” 41Ghlac Íosa trua dó, shín amach a lámh agus bhain leis: “Is áil,” ar seisean leis, “glantar thú!” 42D'fhág an lobhra é láithreach agus glanadh é. 43Labhair Íosa go corraiceach leis agus chuir chun siúil é gan mhoill 44ag rá leis: “Ná habair focal le haon duine, féach, ach imigh leat agus taispeáin don sagart thú féin agus déan, de chionn do ghlanta, an ofráil a d'ordaigh Maois mar fhianaise dóibh.” 45Ní túisce a d'fhág an duine an láthair, áfach, ná bhí guth ard aige ag leathadh an scéil, ionas nach bhféadfadh Íosa dul isteach go hoscailte i gcathair feasta, ach fanacht lasmuigh sna háiteanna uaigneacha agus bhítí ag triall air as gach aird.

Currently Selected:

Marcas 1: ABN

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in

YouVersion uses cookies to personalize your experience. By using our website, you accept our use of cookies as described in our Privacy Policy