YouVersion Logo
Search Icon

Matha 8

8
Lobhar á Leigheas
1Tháinig sé anuas ón sliabh agus lean sluaite móra é. 2Agus tháinig lobhar chuige ag umhlú síos ina láthair agus dúirt: “A Thiarna, más áil leat é, is féidir duit mé a ghlanadh.” 3Agus shín sé amach a lámh, agus bhain leis, ag rá: “Is áil, glantar thú”; agus leigheasadh ón lobhra é láithreach. 4Dúirt Íosa leis ansin: “Ná hinis do dhuine ar bith é, féach, ach imigh leat agus taispeáin don sagart thú féin, agus déan an ofráil a d'ordaigh Maois, mar fhianaise dóibh.”
Giolla an Taoisigh Céad á Leigheas
5Tar éis dul isteach i gCafarnáum dó, tháinig taoiseach céad chuige ag achainí air: 6“A Thiarna,” ar seisean, “tá mo ghiolla ina luí sa bhaile ina phairiliseach agus é á chrá go léanmhar.” 7Dúirt Íosa leis: “Rachaidh mé ann á leigheas.” 8Ach dúirt an taoiseach céad á fhreagairt: “A Thiarna, ní fiú mé go dtiocfá isteach faoi dhíon mo thí. Ná déan ach an focal a rá agus beidh mo ghiolla leigheasta. 9Óir is duine mé féin atá i mo ghearroifigeach agus tá saighdiúirí agam fúm, agus deirim leis seo: ‘Imigh!’ agus imíonn, agus leis seo eile: ‘Tar!’ agus tagann, agus le mo sheirbhíseach: ‘Déan seo!’ agus déanann.” 10Nuair a chuala Íosa é, bhí ionadh air, agus dúirt leo seo a bhí á leanúint: “Deirim libh go fírinneach, ní bhfuair mé a leithéid seo de chreideamh ag duine ar bith in Iosrael. 11Deirim libh, tiocfaidh mórán anoir agus aniar agus beidh siad ina súí chun boird le hAbrahám agus le hÍosác agus le Iacób i ríocht na bhflaitheas; 12ach clann na ríochta féin, caithfear amach sa dorchadas iad; is ann a bheidh gol agus díoscán fiacla.” 13Dúirt sé leis an taoiseach céad ansin: “Imigh leat; agus bíodh agat de réir mar a chreid tú.” Agus ar an nóiméad sin féin, leigheasadh an giolla.
Máthair Chéile Pheadair -- agus Mórán eile á Leigheas
14Ar dhul isteach i dteach Pheadair dó, chonaic Íosa máthair chéile Pheadair ina luí sa leaba agus an fiabhras uirthi. 15Chuir sé a lámh ar a láimh, d'fhág an fiabhras í, d'éirigh sí agus rinne sí freastal air.
16Nuair a bhí an tráthnóna ann, thug siad chuige mórán a raibh deamhain iontu, agus thiomáin sé na spioraid amach lena fhocal, agus iad seo uile a bhí tinn leigheas sé iad, 17chun go gcomhlíonfaí a ndúradh trí Íseáia fáidh: “Thóg sé ár n‑éagruais, agus d'iompair sé ualach ár ngalar.”
Ní hAspal go Cruatan a Fhulaingt
18Nuair a chonaic sé slua ina thimpeall, d'ordaigh Íosa dul go dtí an taobh thall. 19Tháinig scríobhaí chuige agus dúirt: “A Mháistir, leanfaidh mé thú cibé áit a rachaidh tú.” 20Dúirt Íosa leis: “Tá pruchóga ag na sionnaigh agus neadacha ag éanlaith an aeir, ach níl ag Mac an Duine áit ar a leagfadh sé a cheann.” 21Dúirt fear eile leis, duine de na deisceabail: “A Thiarna, bíodh cead agam dul ar dtús agus m'athair a adhlacadh.” 22Dúirt Íosa leis: “Lean mise, agus lig do na mairbh a mairbh a adhlacadh.”
Smacht ag Críost ar na Dúile
23Ansin chuaigh Íosa ar bord an bháid agus lean a dheisceabail é. 24Agus tháinig, go tobann, suaitheadh chomh mór sin san uisce go raibh an bád á mhúchadh ag na farraigí. Ach bhí sé féin ina chodladh. 25Agus tháinig siad chuige á mhúscailt ag rá: “A Thiarna, saor sinn, tá an bás againn!” 26Dúirt sé leo: “Cén fáth a bhfuil eagla oraibh, a lucht an bheagán creidimh?” D'éirigh sé ina sheasamh ansin agus bhagair sé ar na gaotha agus ar an bhfarraige, agus bhí sé ina théigle mhór. 27Bhí ionadh ar na fir agus deiridís: “Cén sórt duine é seo a rá go ndéanann na gaotha féin agus an fharraige rud air?”
Na Deamhnaígh Ghadairéanacha
28Nuair a bhí an taobh eile bainte amach aige, i dtír na nGadairéanach, tháinig faoina dhéin beirt a raibh deamhain iontu ag teacht amach as na tuamaí, agus iad chomh fiata sin nárbh fhéidir do dhuine ar bith an bóthar sin a ghabháil. 29Scread siad amach: “Cad ab áil leat dínn, a Mhic Dé? An é a thug anseo thú chun sinn a chrá roimh an uain?” 30Bhí, achar éigin uathu, tréad mór muc ar féarach, 31agus rinne na deamhain achainí air: “Má thiomáineann tú amach sinn, cuir isteach i dtréad na muc sinn.” 32Dúirt sé leo: “Amach libh.” Tháinig siad amach agus isteach leo sna muca, agus seo an tréad ar fad ina ruathar le fána isteach san fharraige gur cailleadh san uisce iad. 33Theith na mucaithe, chuaigh siad isteach sa chathair agus d'inis siad an scéal ar fad agus mar gheall ar na deamhnaígh. 34Agus seo amach muintir na cathrach go léir in airicis Íosa; ach nuair a chonaic siad é, d'iarr siad air a gceantar féin a fhágáil.

Currently Selected:

Matha 8: ABN

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in

YouVersion uses cookies to personalize your experience. By using our website, you accept our use of cookies as described in our Privacy Policy