YouVersion Logo
Search Icon

Geineasas 10

10
1Seo anois sliocht chlann Naoi, Séam, Hám agus Iáfat. Rugadh clann mhac dóibh tar éis na díleann. 2Clann Iáfat: Gómar agus Mágóg agus Iáván agus Túbál agus Meisic agus Tíoras. 3Clann Ghómar: Aisceanaz agus Rífeat agus Togarmá. 4Clann Iáván: Eilíseá agus Tairsís agus Citím agus Dodáiním. 5Uathusan a leath na daoine amach ar oileáin na nginte. [Sin iad clann mhac Iáfat] de réir a dtíortha, agus a dteangacha faoi leith, de réir a dtreibheanna agus a gciníocha. 6Clann mhac Hám: Cúis agus Miosráím agus Pút agus Canán. 7Clann mhac Chúis: Sabá agus Havalá agus Sabtá agus Rámá agus Sabtacá. Clann mhac Rámá: Seabá agus Deadán. 8Ghin Cúis Niomrod, an chéad fhear ar talamh a ndearnadh flaith de. 9Fiagaí éachtach a ba ea é i láthair an Tiarna, agus uime sin a deir an seanfhocal: “Fiagaí éachtach i láthair an Tiarna mar Niomrod.” 10Thosaigh a ríocht le Báibil agus Eiric agus Acad, agus iad seo uile i dtír Shionár. 11Ón tír sin a tháinig Aisiúr a thóg Nínivé agus Rahobot Ír agus Cálach, 12agus Reisen idir Nínivé agus Cálach; cathair mhór í sin. 13Ghin Miosráím muintir Lúd agus Anám agus Laháb agus Naftúch 14agus Patrús agus Caslúch, ónar shíolraigh na Filistínigh, agus Caftór. 15Ghin Canán Síodón a chéad mhac, agus Héat, 16agus na Iabúsaigh, na hAmóraigh, na Giorgáisigh, 17na Hivigh, na hArcaigh, na Suínigh, 18na hArvadaigh, na Zamáraigh, agus na Hamátaigh. Ina dhiaidh sin, leath treibheanna na gCanánach amach. 19Ghabh críocha Chanán ó Shíodón i dtreo Ghearár go Gazá agus i dtreo Shodom agus Gomorá agus Adamá agus Zabóím go Laise. 20Sin iad clann Hám de réir a dtreibheanna agus a dteangacha, de réir a gcríoch agus a gciníocha.
21Rugadh clann chomh maith do Shéam, an té ónar shíolraigh clann Éibir ar fad, agus sinsear a dhearthár Iáfat. 22Clann Shéam: Éalam agus Aisiúr agus Arpaicsead, agus Lúd agus Arám. 23Clann Arám: Úz agus Húl agus Geitir agus Mais. 24Ghin Arpaicsead Seálach, agus ghin Seálach Éibir. 25Agus rugadh beirt mhac do Éibir; tugadh Roinnt ar an gcéad duine mar gur lena linn a roinneadh an talamh, agus tugadh Ioctán ar a dheartháir. 26Ghin Ioctán Almódád agus Seilif agus Hazarmávat agus Iárach 27agus Hadórám agus Úzál agus Dicleá, 28agus Óbál agus Abamáél agus Seabá 29agus Óifir agus Havalá agus Ióbáb; clann Ioctán iadsan go léir. 30Bhí cónaí orthu sa dúiche ó Mhéiseá i dtreo Shafar, an tír chnocach lastoir.
31Sin iad clann mhac Shéam de réir a dtreibheanna agus a dteangacha, de réir a gcríoch agus a gciníocha. 32Sin iad treibheanna chlann Naoi de réir a síol agus a gciníocha. Uathusan a leath na ciníocha ar fud an domhain tar éis na díleann.

Currently Selected:

Geineasas 10: ABN

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in

YouVersion uses cookies to personalize your experience. By using our website, you accept our use of cookies as described in our Privacy Policy