YouVersion Logo
Search Icon

Gníomhartha 25

25
Pól ag dul ar Choimirce Chéasair
1Trí lá tar éis do Fhéastas teacht chun an chúige chuaigh sé suas ó Chéasaráia go Iarúsailéim. 2Rinne na hardsagairt agus ceannairí na nGiúdach a ngearán leis in aghaidh Phóil, 3agus d'iarr siad de ghar air go dtabharfadh sé Pól ar ais go Iarúsailéim, mar bhí luíochán á dhéanamh acu roimhe chun é a mharú ar an tslí.
4Ach d'fhreagair Féastas go raibh Pól faoi choimeád i gCéasaráia agus go mbeadh sé féin ag dul ar ais ann gan mhoill. 5“Agus,” ar seisean, “tagadh daoine údarásacha agaibh síos in éineacht liom agus má tá aon ní bunoscionn leis an duine, cúisídís é.” 6Tar éis dó gan thar a hocht nó a deich de laethanta a thabhairt ina measc, chuaigh sé síos go Céasaráia agus an lá dár gcionn shuigh sé ina shuí breithimh agus d'ordaigh Pól a thabhairt isteach. 7Nuair a tháinig sé i láthair, sheas na Giúdaigh a bhí tagtha anuas ó Iarúsailéim ina thimpeall agus thosaigh ag cur mórán cionta troma ina leith, nithe nár fhéad siad a chruthú. 8Dúirt Pól mar chosaint air féin: “Níl coir ar bith déanta agam in aghaidh dlí na nGiúdach ná in aghaidh an Teampaill ná in aghaidh Chéasair.”
9Bhí fonn ar Fhéastas gnaoi na nGiúdach a tharraingt air féin agus dúirt sé mar fhreagra ar Phól: “An mbeifeá sásta dul suas go Iarúsailéim chun do thriail a sheasamh ann os mo chomhairse i dtaobh na gcionta seo?” 10Ach dúirt Pól: “Táim i mo sheasamh os comhair suí breithimh Chéasair. Is ansiúd is ceart cúirt a chur orm. Níl aon éagóir déanta ar na Giúdaigh agam mar is eol duit féin go maith. 11Má táim san éagóir agus má tá aon ní déanta agam a thuillfeadh an bás, nílim ag iarraidh an bás a sheachaint. Ach mura bhfuil aon bhun leis na nithe atá siad a chur i mo leith, ní féidir le duine ar bith mé a thabhairt suas dóibh. Gairmim Céasar.” 12Ansin, tar éis dó dul chun cainte lena chomhairle, d'fhreagair Féastas agus dúirt: “Ó ghairm tú Céasar, is go Céasar a rachaidh tú.”
13Nuair a bhí roinnt laethanta curtha díobh acu, tháinig an rí Aigripe agus Beirnicé anuas go Céasaráia ag fáiltiú roimh Fhéastas agus thug siad mórán laethanta ann. 14Chuir Féastas scéal Phóil faoi bhráid an rí. “Tá fear anseo,” ar seisean, “a d'fhág Féilix ina dhiaidh i bpríosún. 15Fad a bhí mé in Iarúsailéim rinne na hardsagairt agus seanóirí na nGiúdach gearán liom ina thaobh agus d'iarr é a dhaoradh. 16Dúirt mé leo nach é béas na Rómhánach é aon chúisí a thabhairt suas sula ndéanfaí a chúiseoirí a thabhairt os a chomhair agus caoi a bheith aige é féin a chosaint ar an gcúiseamh. 17Tháinig siad anseo liom dá bhrí sin agus, gan aon mhoill a dhéanamh, shuigh mé fúm i mo shuí breithimh lá arna mhárach agus d'ordaigh mé an duine a thabhairt isteach. 18Ach nuair a d'éirigh lucht a chúisithe níor chuir siad ina leith aon drochchoir dá raibh coinne agam leo. 19Ní raibh acu ina choinne ach ceisteanna éigin a bhaineann lena gcreideamh féin agus le hÍosa éigin atá marbh ach a dúirt Pól atá beo. 20Nuair nach raibh aon bhreith agamsa ar na cúrsaí sin a iniúchadh, d'fhiafraigh mé de ar mhaith leis dul go Iarúsailéim agus a thriail a sheasamh ann fúthu. 21Ach is é a d'éiligh Pól go gcuirfí faoi choimeád é nó go bhféachfadh an t‑impire a chúis. D'ordaigh mé é a choinneáil i bpríosún go dtí go gcuirfínn ag triall ar Chéasar é.”
22Dúirt Aigripe le Féastas: “Ba mhaith liom féin an fear seo a chloisteáil.” “Cloisfidh tú amárach é,” ar seisean. 23Lá arna mhárach tháinig Aigripe agus Beirnicé faoi lánmhustar agus ghluais siad isteach i halla na dála, agus ceannasaithe an airm agus maithe na cathrach in éineacht leo. Ar ordú ó Fhéastas tugadh Pól isteach. 24Ansin labhair Féastas agus dúirt:
“A rí Aigripe agus sibhse go léir atá i láthair farainn, feiceann sibh an fear seo ar tháinig na Giúdaigh go léir ina slua chugam in Iarúsailéim agus anseo freisin agus iad ag screadach nár cheart é bheith beo a thuilleadh. 25Ach fuair mé féin nach raibh aon ní déanta aige a thuillfeadh an bás. Ach de bhrí gur ghairm sé féin an t‑impire, tá socair agam é a chur chuige. 26Níl aon ní dearfa agam, áfach, le scríobh mar gheall air chun mo thiarna. Sin é an fáth ar thug mé chugaibh é - agus chugatsa go háirithe a rí Aigripe - i dtreo nuair a bheidh an fiosrú seo déanta go mbeidh rud éigin agam le scríobh. 27Mar ba mhíréasúnta mar ghnó é, dar liom, príosúnach a sheoladh gan na cionta ina choinne a chur in iúl chomh maith.”

Currently Selected:

Gníomhartha 25: ABN

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in

YouVersion uses cookies to personalize your experience. By using our website, you accept our use of cookies as described in our Privacy Policy