YouVersion Logo
Search Icon

1 Peadar 5

5
Treoracha
1Impím ar na seanóirí in bhur measc, agus is comhsheanóir libh mise agus finné ar pháis Chríost, agus táim páirteach libh sa ghlóir atá le foilsiú. 2Déanaigí tréad Dé atá faoi bhur gcúram a aoireacht; ná tugaigí aire dó le foréigean ach le fonn, mar is toil le Dia, ná le dúil tháir san airgead ach le dúthracht, 3ná ag tiarnú orthu siúd atá faoi bhur gcúram ach in bhur samplaí don tréad. 4Ansin nuair a fhoilseofar an tArdaoire tabharfar daoibh coróin mharthanach na glóire.
5Mar an gcéanna libhse is óige ná sin, bígí umhal do na seanóirí. Cuirigí umaibh, gach duine agaibh, an umhlaíocht i leith a chéile, mar “cuireann Dia in aghaidh lucht an uabhair, ach bronnann sé a ghrásta ar lucht na humhlaíochta.” 6Umhlaígí sibh féin dá bhrí sin faoi láimh chumhachtach Dé ionas go n‑ardódh sé sibh i dtráth. 7Caithigí bhur gcúram go léir suas air, óir tugann sé aire daoibh. 8Bígí measartha agus déanaigí faire, mar tá bhur n‑áibhirseoir, an diabhal, ag gabháil timpeall mar a bheadh leon ag búiríl ar thóir dhuine éigin le slogadh. 9Seasaigí an fód ina aghaidh agus sibh daingean sa chreideamh, agus a fhios agaibh go bhfuil sé i ndán do bhur mbráithre ar fud an domhain na nithe céanna a fhulaingt. 10Ansin, Dia na ngrást uile a ghlaoigh oraibh chun a ghlóire féin i gCríost, nuair a bheidh an beagán fulaingthe agaibh, déanfaidh sé sibh a athnuachan, a dhaingniú, a neartú, agus bonn a chuir fúibh. 11Glóir agus réimeas dó le saol na saol. Amen.
12Tá scríofa agam chugaibh i mbeagán focal le cabhair Silveánas, bráthair dílis, dar liom, á thathant oraibh agus á áiteamh oraibh gurb é seo fíorghrásta Dé; cloígí leis. 13Í siúd atá sa Bhablóin, agus a toghadh faoi mar a toghadh sibhse, beannaíonn sí daoibh, rud a dhéanann Marcas mo mhac chomh maith. 14Beannaígí dá chéile le póg an ghrá. Síocháin daoibh uile atá i gCríost.

Currently Selected:

1 Peadar 5: ABN

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in

YouVersion uses cookies to personalize your experience. By using our website, you accept our use of cookies as described in our Privacy Policy