1 Corantaigh 5
5
Cás Drúise
1Táthar á rá go forleathan go bhfuil an drúis in bhur measc agus is drúis i nach bhfaightear i measc na bpágánach féin; 2is é sin le rá go bhfuil duine agaibh i lánúnas lena leasmháthair. Agus sibhse lán de mhórchúis! Ag déanamh bróin ba chóra daoibh a bheith chun go n‑ardófaí uaibh an té a rinne amhlaidh. 3I dtaca liom féin de, cé go bhfuilim i bhfad uaibh i bpearsa, tá mo spiorad ansiúd faraibh agus, chomh maith agus dá mbeinn in bhur láthair, tá mo bhreith tugtha cheana féin agam ar an té a rinne an gníomh sin, 4mar atá: sibhse a theacht le chéile in ainm ár dTiarna Íosa agus mise ó spiorad in bhur dteannta agus ar údarás ár dTiarna Íosa 5an duine sin a thabhairt suas do Shátan lena chorp a mhilleadh i dtreo go dtiocfadh a anam slán lá úd an Tiarna.
6Ní healaí daoibh an mhórchúis; nach bhfuil a fhios agaibh go ndéanann pinse gabháile an taos go léir a ghabháileadh. 7Glanaigí amach an tseanghabháile ionas go mbeadh sibh in bhur dtaos úrnua gan gabháile ar bith ionaibh - agus is mar sin atá sibh, mar tá Críost, ár n‑uan Cásca, íobartha. 8Déanaimis an fhéile a cheiliúradh dá bhrí sin, agus ní leis an tseanghabháile é, le gabháile an oilc agus na hurchóide, ach le slimarán an ionracais agus na fírinne.
9Dúirt mé libh i mo litir gan aon chaidreamh a bheith agaibh le drúisigh. 10Ní hiad drúisigh an tsaoil seo i gcoitinne a bhí i gceist agam ar ndóigh, na bithiúnaigh agus gadaithe agus íoltóirí i gcoitinne, mar nár mhór daoibh an saol a fhágáil sa chás sin. 11Is é a bhí i gceist agam gan aon chaidreamh a bheith agaibh le duine atá in ainm a bheith ina bhráthair ach é tugtha don drúis, nó don tsaint, nó don íoladhradh, nó don bhéadán, nó don mheisce, nó don robáil; agus fiú amháin gan ithe i dteannta a leithéid. 12Cad ab áil liomsa breith a thabhairt ar an muintir atá lasmuigh? Tabharfaidh Dia féin breith orthu siúd. 13Ach nach libhse breith a thabhairt ar an muintir laistigh? “Díbrígí an coirpeach as bhur measc.”
Currently Selected:
1 Corantaigh 5: ABN
Highlight
Share
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.