YouVersion Logo
Search Icon

1 Corantaigh 3

3
Comhoibrithe Dé
1I dtaca liom féin de, a bhráithre, níorbh fhéidir dom labhairt libh mar dhaoine spioradálta ach mar dhaoine collaí, mar naíonáin i gCríost. 2Is bainne a thug mé daoibh le hól in áit an bhia thirim toisc nach raibh sibh in inmhe; go deimhin níl sibh in inmhe fós féin 3de bhrí go bhfuil sibh collaí go fóill. Fad atá éad agus achrann eadraibh nach daoine collaí atá ionaibh agus sibh do bhur n‑iompar féin de réir ghnás an tsaoil? 4Nuair a bhíonn “leanaimse Pól” ag duine agus “leanaimse Apollós” ag duine eile nach de ghnáthmhuintir an tsaoil sibh? 5Céard é Apollós nó céard é Pól? Níl iontu ach na seirbhísigh trínar chreid sibh, gach duine acu mar a dháil an Tiarna air: 6mise a chuir an síol, Apollós a chuir an t‑uisce leis ach is é Dia a chuir ag fás é. 7Ní hiad an síoladóir, mar sin, ná an t‑uiscitheoir, ar fiú iad aon ní ach Dia amháin, a chuireann an síol ag fás. 8Is é an dá mhar a chéile iad an síoladóir agus an t‑uiscitheoir ach cúiteofar a shaothar féin le gach duine acu.
9Comhoibrithe le Dia atá ionainne agus gort Dé, foirgneamh Dé, is ea sibhse. 10De réir an ghrásta a thug Dia dom, leag mise an bhunsraith mar a dhéanfadh an t‑ardsaor oilte agus fear eile atá ag tógáil uirthi. Faireadh gach duine a chuid tógála féin áfach, 11mar ní féidir d'aon duine bunsraith eile a leagan ach an ceann atá thíos cheana féin, agus is é Íosa Críost an bhunsraith sin. 12Cibé duine a dhéanfaidh tógáil ar an mbunsraith sin, úsáideadh sé ór, airgead nó clocha lómhara, adhmad, féar nó tuí, 13beidh saothar cách soiléir le feiceáil; mar nochtfaidh an Lá é; mar nochtfar é sa lasair agus tástálfaidh an lasair cén sort oibre a bheidh déanta ag cách. 14Má sheasann saothar tógála duine an triail, gheobhaidh sé a thuarastal; 15ach má loisctear saothar duine, fágfar gan díol é; tiocfaidh sé féin slán, áfach, mar dhuine a bheadh gafa trí thine.
16Nach dtuigeann sibh, a bhráithre, gur teampall Dé sibh agus go bhfuil Spiorad Dé ina chónaí ionaibh. 17Duine ar bith a mhilleann teampall Dé, millfidh Dia eisean, mar is naofa é teampall Dé - agus is sibhse an teampall sin. 18Ná bíodh aon dul amú ar aon duine; aon duine agaibh a áiríonn é féin a bheith eagnaí de réir ghnás an tsaoil seo, bíodh sé ina amadán le go mbeadh sé eagnaí dáiríre. 19Mar níl in eagna an tsaoil seo ach díth céille i bhfianaise Dé, mar tá scríofa: “Sáinníonn sé na saoithe ina gcuid glicis féin”; 20agus arís: “Is eol don Tiarna smaointe na saoithe a bheith baoth.” 21Dá réir sin, ná bíodh duine ar bith ag déanamh mórtais as daoine, mar is libhse an t‑iomlán: 22Pól agus Apollós agus Céafas, an domhan, an bheatha agus an bás, a bhfuil ann agus a bhfuil le teacht - is libhse iad uile, 23agus is le Críost sibhse agus is le Dia Críost.

Currently Selected:

1 Corantaigh 3: ABN

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in

YouVersion uses cookies to personalize your experience. By using our website, you accept our use of cookies as described in our Privacy Policy