YouVersion Logo
Search Icon

Eóin 5

5
Caibidil V
Tainic cobhair an duine easlain fhoighidigh fadheire ó Chríosd; 17 dá ttug a athair, 32 Eóin, 36 a oibreacha féin, 39 agus an Scrioptur, fiaghnuise.
1Na dhíaigh so do bhí lá féusda na Níuduígheadh; agus do chúaidh Iósa súas go Híarusalém. 2Agus atá a Níarusalém láimh ré margadh na ccáorách loch, dá ngoirthear an Eabhrais, Betesda, agá bhfuilid cúig calaidh. 3Do bhádar mórán do dháoinibh eugcrúaidhe na luighe ionnta so, do dhalluibh, do bhacachuibh, agus do luch seirglidhe, do bhí ag fuireach re corrughadh an uísge. 4Oír do thuirlingheadh aingeal a naimsir áirighe ar an loch, agus do bhuáidhreadh sé an tuisge: ar a nadhbharsin gidh bé cédneach do théigheadh síos ann tar eis bhuáidheartha an uisge do níthi slán é ó gach tinneas dá mbíodh air. 5Agus do bhí duine áirighe ann sin, do bhí ochd mbládhna déug air fhichid a neasláinte. 6An tan do chunnairc Iósa é so na luighe, agus do aithin sé go raibh sé tinn ré haimsir fháda, a dubhairt sé ris, An mían leachd do dhéunamh slán? 7Do fhreagair on teaslán é, A Thighearna, ní bhfuil éinneach agam, do chuirfeadh ann sa loch mé, an tan bhíos an tuisge ar na bhuáidhreadh: achd an gcéin bhimsi ag teachd, téid neach eile síos romham. 8A dubhairt Iósa ris, Eirigh, tóg do leabuidh, agus siobhail. 9Agus do rinneadh an duine sin slán do lathair, agus do thóg sé a leabuidh, agus do shiobhail sé: agus do bhí an tsábhoíd ann an lá sin.
10Ar a nadhbharsin a dubhradar na Iúduidhe ris an té do slánughadh, As é an tsabbóid é: ní dlightheach dhuit do leabuidh iomchar. 11Do fhreafair seision dóibh, An té do rinne slán mé, as é a dubhairt rium, Tóg do leabhaídh, agus siobhail? 12Ar a nadhbharsin dfíafruigheadar dhé, Cía hé an duine a dubhairt riot, Tóg do leabhaídh, agus siobhail? 13Achd ní raibh a fhios ag an té do shlánughadh cía hé: óir do chuáidh Iósa a leathtáoibh, air mbeith do mhórán ann sa náitsin. 14Fuáir Iósa é na dhíagh sin ann sa teampoll, agus a dubhairt sé ris, Féuch, do rinneadh slan thú: na peacuigh ní sa mhó, deagla go dteigéumhadh ní budh measa dhuit. 15Do imthigh seisean, agus do fhoillsigh sé do na Iúdaídhibh gur bé Iósa, an té do rínne slán é. 16Agus ar a shon so do ghérleanadar na Iúdaidhe Iósa, agus do smúaineadar a mharbhadh, tré go ndearna sé na neithese sa tsábboíd.
17Agus do fhreagair Iósa dhóibh, Oibrighidh Mathairsi gus anois, agus oibrighimsi. 18Ar a nadhbharso as móide do smuáineadar na Iúdaidhe eisean do mharbhadh, tré nach é amháin gur bhris sé an tsabboíd, achd go ndubhairt sé fós gur bé Día a Athair féín, dá dhéanamh féin coimh ionann ré Día. 19Ar a nadhbharsin do fhreagair Iósa agus a dubhairt sé riú, Go deimhin, deimhin, a deirim ribh, Nach éidir leis an Mac éinní a dhéunamh uádh féin, achd an ní chí sé ag a Nathair dá dhéunamh: oír gidh bé neithe do ní seision, do ní fós an Mac iád mar an gcéadna. 20Oír grádhuighidh an Tathair an Mac, agus foillsighidh sé na huile neithe do ní sé féin dó: agus taisbeúnfuidh sé oibreacha mó ná iád so dhó, do chum go mbeith iongantus oruibhsi. 21Oír amhuil mar dhúisgeas, agus mar bheódhaigheas an Tathair na mairbh; as mar an gcéudna bheódhaigheas an Mac an dream as áill leis. 22Oír ní bheireann an Tathair breath ar dhuine ar bith, achd tug sé gach uile bhreitheamhnus don Mhac: 23Do chum go nonórfadh gach uile dhuine an Mac, mar onóraid siad an Tathair. An té nach onóruigheann an Mac ní onóruigheann sé an Tathair do chuir uádh é. 24Go deimhin, deimhin, a deirim ribh, An té éisdeas rém bhréithirse, agus chreideas don té do chuir uádh mé, atá an bheatha mharrthanach aige, agus ní thiocfa sé chum damnuighthel achd datharruigh sé ó bhás go beathaidh. 25Go deimhin, deimhin, a deirim ribh, Tiocfaid a naimsire, agus atá si a nois ann, an tráth chluinfid na mairbh guth Mhic Dé: agus an dream chluinfeas mairfid siad. 26Oír mar atá beatha ag an Athair ann féin; is mar sin tug sé don Mhac fos beatha do bheith aige ann féin; 27Agus fós tug se ughdarras do bhreitheamhnus do dhéunamh, an méid gur ab é Mac an duine. 28Ná bíodh iongnadh aguibh ann so: oír tiocfaidh an uáir, ann gcluinfid an mhéid atá ann sna túamuidhibh a ghuthsan, 29Agus rachaid amach; an dream do rinne deighghniómhartha, go heiséirghe na beatha; agus an dream do rinne drochghniomhartha, go heiséirghe na damanta. 30Ni héidir leamsa ní ar bith do dheanamh uáim féin: dó réir mar chluinim, beirim breath: agus atá mó bhreitheamhnus ceart; oír ní iárruim mo thoil féin, achd toil a Nathar do chuir uádh mé. 31Ma nímsi fíadhnuisi dhamh féin, ní bhfuil mfíadhnuisi fírinneach.
32Atá neach eile do ní fíadhnuisi dhamhsa; agus atá a fhios agam gur fírinneach an fhiadhnuisi do ní sé am thimcheall. 33Do chuireabhuirsi teachdaireadha chum Eóin, agus tug sé fíadhnuisí don fhírinne. 34Achd ní ó dhuine do gheibhimsi fíadhnuisi: achd a deirim na neither so do chum go slaíneochtháoi sibhsi. 35Do bhí seisean na lochrann lasárrdha agus sholasda: agus do thrograbhairsi ar feadh tamaill gáirdeachus do dhéunamh ann a sholus. 36Achd atá fíadhnuisi agamsa as mó ná Eóin: oír na hoibreacha thug an Tathair dhamhsa ionnus go gcríochnóchuinn iád, na hoibreacha sin do nímse, beirid síad fíadhnuisi leam, gur ab é an Tathair do chuir úadh mé. 37Agus an Tathair féin, do chuir úadh mé, rug sé fíadhnuisi leam. Agus ní chúalabhairse a ghútha ríamh, agus ní fhacabhair a ghné. 38Agus ní bhfuil a bhríatharsan na chomhnuighe íonnuibh: oír ní chreidthi, don té do chuir seision úadh.
39Cúartuighidh na sgriobtuiridhe; oír do cithear dháoibh fein gur ab ionnta gheibhthí an bheatha mharrthanach: agus as iad sin bheireas fiadhnuisi leamsa. 40Agus ní háill libh teach chugam, do chum go bhfuigheadh sibh an bheatha. 41Ní ghabhaimse glóir ó dháoinibh. 42Achd atá éolus agam oruibhse, nach bhfuil grádh Dé ionnuibh. 43Thaínig misi a nainm Mathar, agus ní ghlactháoise mé: má thig neach eile ann ainm féin, géubhtháoi chugaibh é. 44Cionnas as eídir libhsi creideamh, an tan ghabhtháoi glóir ó a chéile, agus nach iárrtháoi an glóir thig ó Dhía na áonar? 45Ná measuigh go ndéana misi casáoid oruibh ag an Athair: atá neach do ní casáoid oruibh, eadhon Máosi, ann a gcuirtháoisi bhur ndóchus. 46Oir dá gcreideadh sibh do Mháoisi, do chreidfeadh sibh dhamhsa: óir do sgríobh seision oramsa. 47Achd muna ccreidtí dhá sgribheannuibh súd, cionnus chreidfidhe dom bhriathruibhsi?

Currently Selected:

Eóin 5: Bedell

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in

YouVersion uses cookies to personalize your experience. By using our website, you accept our use of cookies as described in our Privacy Policy