YouVersion Logo
Search Icon

Exodus 23

23
Caibidil XXIII.
An chuid oile da na reachdaibh breitheamhnais. 14 Cuid do réachd na ngnáthugadh. 20 Agus na modhanadh, orduighthe.
1Ni thóigfe tú iomradh bréagach: ná cuír do lámh leis na drochdháoinibh chum bheith ad fhíaghuin neimhfhíréunta.
2Ní leanfa tú iomad do dheanamh uilc; ní mó laibheórus tú a gcúis do chláonadh lé morán do thabhach breatheamhnuis:
3Ni mó choitheochus tú duine bochd ann a chúis.
4Má theagmhann riot damh nó assal do námhad ag dul ar seachrán, do bhéura tú gó deimhin chuige ar ais é.
5Má chí tú assal an té lér fúath thú na luighe fán úalach, agus go bhfailleochá a thártháil, cuideocha tú leis go deimhin.
6Ní choimhéigneocha tú breitheamhnus do bhoichd ann a chúis.
7Connuimh thú féin a bhfad ó chúis bhréugaidh; agus an neimhchiontach agus an fírean ná marbh thusa: óir ní gheabha misi leithscéal an drochdhuine.
8Agus ní ghéubha tú tiodhlaiceadh ar bith: óir dalluidh an tiodhlaiceadh an teagnuighe, agus iompóidh bunoscionn bríathra an ionnruic.
9Mar an gcéadna ní bhrúighfe tú coimhightheach: óir is aithnidh dhíbh croidhe an choimhighthigh, ó bhábhair féin bhur gcoimhightheachuibh a ccrích na Hégipte.
10Agus sé blíadhna chuirfeas tú thfearann, agus chruinneochus tú a thórtha a steach:
11Achd an seachdmhadh blíadhan léigfe tú dhó luighe agus bheith na chomhnuighe; ionnus go níosuid bóichd do phobuil de: agus go níosuíd beathuigh an mhachaire a bhfuigfil síad. Ar na modh gcéadna do dhéana tú réd fhíneamhuin, agus réd gháirdín ola.
12Sé lá do dhéana tú hobair, agus do dhéana tú comhnuighe an seachdmhadh lá: ionnus go gcomhneochuidh do dhamh agus hassal, agus go neartuighe mac do chumhaile, agus an coimhightheach.
13Agus ann gach uile dá ndubhairt mé riot bí go fuireachair: agus ná tárr thair anmanuíbh dée ar bith eile, narob mó chluinfighear as do bbéul é.
14Trí huáire choinneochus tú féusda dhamhsa san mblídahuin.
15Coinneocha tú féusda a naráin gan laibhín: agus íosa tú arán gan laibhín seachd lá, mar do aithin misi dhíot, ann sa nam chinnte don mhí Abib; óir is innte tháinic tú amach as a Négipt: agus ní thiucfa éinneach dom láthairsi folamh:
16Agus féusda an fhoghmhair, céadthórtha do sháothair, noch do chuir tú san mhachaire: agus féusda an chruinnighthe a steach, a ndeireadh na blíadhna, a nuáir chruinneochus tú a steach do shaothar ón mhachaire.
17Tri huáire san mblíadhuin thiucfuid thfir uile a lathair an TIGHEARNA Día.
18Ní ofráile tú fuil mo íodhbarthasa le harán laibhín; ni mó fhanfas méathas mo iodhbartha go maidin.
19An chéad chuid do chéad thórthuibh thfearuinn do bhéura tú go tigh an TIGHEARNA do Dhía. Ní bhruithfe tú meannán a mbainne a mhathar.
20Féuch, cuirim Aingeal romhad, dot choimhéud annsa tslighe, agus dot bhreith do náit do ullmhaigh mé.
21Bí ar do choimhéad air, agus umhluigh dá ghuth, ná brostuigh é; óir ní thiubhra sé maithfeachus do bhur gciontuibh: óir atá mainmsi annsan.
22Achd má umhluigheann tú dhá ríribh dhá ghuth, agus go ndéarna tú a nabruimsi uile; ann sin biaidh mé am námhuid dot naimhdibh; agus am eascaruid dod eascairdibh.
23Oír rachuidh Maingeal romhad, agus do bheura a steach thu chum na Namoríteach, agus chum na Hítiteach, agus na Bperisíteach, agus na Gcananíteach, no Hibhíteach, agus na Iebusiteach: agus gearrfa mé amach íad.
24Ní chromtha tú síos dá ndeéibh, ní dhéana tú seirbhís dóibh, ní mó dhéanas tú do réir a noibreach: ach scriosfa tú íad go léir, agus brisfe tú go léir a níomhaighe.
25Agus foigheontáoi don TIGHEARNA bhur Ndía agus beinneochuidh sé harán agus huisge; agus béura misi heasláinte as do lár.
26Ní theilgfidh éinní a nóga, ní mó bhéid seasc, ann thfearann: uibhir do láetheadh coimhlíonfa mé.
27Cuirfe mé meagla as do choinne, agus scriosfa mé na huile dháoine a gcionn a ttiúcfa tú, agus do bhéura mé ar húile naimhde a ndruim diompógh riot.
28Agus cuirfe me céarnabháin romhad, noch dhíbeorus amach an Hibhíteach, an Canaaníteach, agus an Hitíteach, as do lathair.
29Ní dhíbeóra mé amách romhad íad a néinbhlíadhuin; deagla go ttiucfadh an fearann chum fásuigh, agus go lionfadh beathach an mháchaire ad aghuidh.
30Air bheagán agus aír bheagán dhíbeorus mé amach íad; ód lathair, nó go bhfoirlíonuidh tusa, agus go ngéubha tú oighreachd na talmhan.
31Agus cuirfe mé do thóranna ón Muir ruáidh go nuige fairge na Bhphilistineach, agus ón díothramh gus a nabhuinn; óir seachóduigh mé áitreabhuigh na dúthaigh ann bhur láimh: agus díbeóra tú amach romhad íad.
32Ni dhéana tú cunnradh ar bith riú, no ré na ndeéibh.
33Ní choimneochuid ann do dhútháidh, deagla go ttiubhraidís ort peacadh am aghuidhsi: óir má fhoghnann tú dá ndeéibh sin, biáidh sin go deimhin na líon romhad.

Currently Selected:

Exodus 23: Bedell

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in

YouVersion uses cookies to personalize your experience. By using our website, you accept our use of cookies as described in our Privacy Policy